München

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMünchen
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnSolang der alte Peter Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Weltstadt mit Herz»
«München mag Dich» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósmanach Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°08′15″N 11°34′30″E / 48.1375°N 11.575°E / 48.1375; 11.575
Stát ceannasachan Ghearmáin
Stát sa GhearmáinAn Bhaváir
Regierungsbezirkan Bhaváir Uachtarach Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,512,491 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,867.85 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla310.71 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceIsar, Isar-Werkkanal (en) Aistrigh, Würm, Eisbach (en) Aistrigh, Auer Mühlbach (en) Aistrigh, Kleinhesseloher See (en) Aistrigh, Dreiseenplatte (en) Aistrigh, Kleine Isar (en) Aistrigh, Nymphenburg Canal (en) Aistrigh agus Schwabinger Bach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde519 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1158
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhBenno von Meißen Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Lord mayor of Munich (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataDieter Reiter (en) Aistrigh (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Buiséad8,869,571,100 € (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist80331–81929 agus 85540 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód089 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDE212 Cuir in eagar ar Wikidata
German regional key (en) Aistrigh091620000000 Cuir in eagar ar Wikidata
German municipality key (en) Aistrigh09162000 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinstadt.muenchen.de… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Stadt.Muenchen Twitter: StadtMuenchen Instagram: stadtmuenchen LinkedIn: stadt-muenchen Youtube: UC-AI98tQmZHnJPh3EPwLF7Q Youtube: rathausmunchen Pinterest: muenchen Cuir in eagar ar Wikidata

Is í München (Minga i gcanúint na Baváire, Munich as Béarla) príomhchathair na Baváire, an ceann is faide ó dheas de stáit fheidearálacha na Gearmáine. Tá an chathair suite cois abhann an Isar, ar craobhacha í de chuid na Danóibe.

Tá tuairim is 1.35 milliún duine ina gcónaí i München, agus dá bharr sin, is í München an tríú cathair is mó sa Ghearmáin, tar éis Bheirlín agus Hamburg. Tá München suite 50 ciliméadar ó na hAlpa Baváracha sa Bhaváir Uachtarach, 520 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Ailtireacht agus Bonneagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Marienplatz agus an Neues Rathaus

Is é Marienplatz príomhchearnóg na cathrach. Is ann atá an foirgneamh cáiliúil, an Neues Rathaus (an Halla Baile Nua). Tá an Sean-Halla Baile (Altes Rathaus) ina sheasamh in aice leis. Tá trí gheata cathrach inniu ann, an Sendlinger Tor, an Isartor, agus an Karlstor in aice leis an gcearnóg mhór Karlsplatz (nó Stachus, mar a thugann muintir na háite uirthi). Tá Pálás Nymphenburg ar cheann de na seanfhoirgnimh is mó a tharraingíonn cuairteoirí go München, agus tá sé ar cheann de pháláis mhóra ríoga na hEorpa. Tá sé suite in iarthar na cathrach, i gceantar Neuhausen-Nymphenburg. Ba é an Prionsa Toghthóra (Kurfürst) Ferdinand Maria a thóg an pálás sa bhliain 1664, agus bhí sé ceaptha mar bhronntanas dá bhean chéile Adelheid, toisc go raibh sí díreach tar éis oidhre a bhreith dó.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith le tramanna agus busanna ar fud na cathrach, tá córas traenach ann, ar a dtugtar an "S-Bahn". Is é "Stadtbahn" is ciall leis an ngiorrúchán seo - "iarnród na cathrach". Téann an S-Bahn amach chuig na bruachbhailte, chomh maith le córas traenach faoi thalamh le sé líne, an "U-Bahn". Is é príomhstáisiún traenach München (nó an Hauptbahnhof) an dara stáisiún is mó sa Ghearmáin, tar éis stáisiún Frankfurt.

aerfort mór ag an gcathair freisin, agus eitiltí ar fud an domhain ar fáil ann.

Bhí tuairt eitleáin i Flughafen München-Riem ar 6 Feabhra 1958; maraíodh cuid na foirne sacair Manchester United Football Club.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Olympiagelände

Is as München don chlub sacair FC Bayern München. Imríonn siad a gcuid cluichí san Allianz Arena. Imríodh cuid de na cluichí i gCorn an Domhain san Arena sa bhliain 2006.

Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl sa chathair sa bhliain 1972.[1][2] Ar an 5/7 Meán Fómhair 1972, maraíodh 11 ó Iosrael ag na Cluichí Oilimpeacha. Fuair cúigear de chuid Black September agus póilín Gearmánach bás freisin.

Príomhalt: Sléacht München

Is áit tharraingteach do thurasóirí é an sráidbhaile Oilimpeach, an Olympiagelände nó an Olympiapark.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mártan Ó Ciardha (1972). "I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé rás ‘fear an hata’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-06.
  2. "An lá eile a fuair mé amach go raibh duine de na comharsana ina lúthchleasaí Oilimpeach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-06.