Coibhéis maise is fuinnimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coibhéis maise is fuinnimh

Léirigh Einstein an gaol idir mais is fuinneamh leis an gcothromóid iomráiteach E = M c2, arb é E an fuinneamh ina ghiúil (J), M an mhais ina cileagraim (kg), is c luas forleata an tsolais i méadair sa soicind (m s-1). De bhrí go bhfuil c chomh mór sin, cothrom le 3.0 × 108 m s-1, is ollmhór an méid fuinnimh i mais bheag ábhair. In 1 kg, mar sin, tá 9 × 1016 J, arb ionann é is timpeall 25,000 milliún cileavatuair. Is é athrú na maise go dtí fuinneamh a tharlaíonn faoi stiúir trí eamhnú núicléach i stáisiún núicléach chun fuinneamh leictreach a ghiniúint, agus is é an rud céanna a tharlaíonn go pléascach trí eamhnú nó comhleá núicléach i mbuamaí núicleacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coibhéis maise is fuinnimh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 156.