Mahatma Gandhi
| Mohandas Karamchand Gandhi | |
| Gandhi sa bhliain 1944 | |
| Dáta breithe | 2 Deireadh Fómhair 1869 |
| Porbandar, India | |
| Dáta báis | 30 Eanáir 1948 |
| Nua-Deilí (feallmharaithe) | |
| Náisiúntacht | Indiach |
| Céile | Kasturba Gandhi |
| Síniú |
|
Ceannaire Indiach ab ea Mohandas Karamchand Gandhi (2 Deireadh Fómhair 1869 – 30 Eanáir 1948) (Deibheánagárach: मोहनदास करमचन्द गांधी), ar a dtugtar Mahatma Gandhi chomh maith. Chuir sé chun cinn an feachtas Indiach chun scárúint ón rialtas Briotanach sa fichiú aois. Chothaigh sé agóid gan foréigean, agus mar sin bhí an-tionchar aige ar ghluaiseachtaí náisiúnacha agus idirnáisiúnta maidir le hathrú síochánta.
Ceannródaí a bhí ann a chothaíodh agóid gan foréigean a úsáid agus spreag sé gluaiseachtaí síochána ar fud na cruinne dá bharr. I ndeireadh an lae bhí an-tionchar aige ar ghluaiseachtaí oifigiúla cearta sibhialta i gcéin agus i gcóngar.
Rugadh Gandhi sa bhliain 1869. Bhí sé ag obair mar dhlíodóir san Afraic Theas ar fad tamaill. Chuir Gandhi go mór i gcoinne na cinedheighilte. Gan amhras, rinne sé é sin gan foréigean a úsáid agus lena chois sin d'eagraigh sé na feirmeoirí is boichte chun seasamh ar son a gcearta féin. De réir dealraimh, cuireadh i bpríosún é ar feadh roinnt blianta san Afraic Theas.
Tá mórán samplaí ann de ghluaiseachtaí náisiúnta a raibh tionchar ag Gandhi orthu. Bheartaigh sé feabhas a chur ar shaol na ndaoine gan foréigean a úsáid agus é i gcónaí ar son na fírinne. Bhí an-eolas aige ar fhealsúnacht Hiondúch. Saol simplí a bhí aige. Dhéanadh sé a éadaí féin, chaitheadh sé an seál traidisiúnta darb ainm 'dhoti' agus d’itheadh sé bia glasránach. Uaireanta staonadh sé ó bhia ar feadh tréimhsí fada ar chúiseanna creidimh nó chun agóid a dhéanamh.
D'imir taithí Gandhi tionchar mór ar Martin Luther King agus ar ghluaiseachtaí éagsúla idirnáisiúnta. Tugtar Athair an Náisiúin air. Gach bliain san India, ar a lá breithe, déantar comóradh ar "Gandhi Jayanti" agus is lá saoire náisiúnta é.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.