An Bhreatain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bhreatain

Is oileán í an Bhreatain Mhór atá suite ar an gcósta soir ó Éirinn, ar oirthearthuaisceart an Aigéin Atlantaigh Thuaidh. Is í an Bhreatain Mhór an naoú oileán is mó ar domhan, agus an t-oileán is mó de chuid na hEorpa. Le daonra de thart ar 59.6 milliún duine (i lár na bliana 2008), is í an tríú oileán is plódaithe ar domhan. Tá na Bhreataine Mhór timpeallaithe ag os cionn 1,000 oileán beag agus insín.

Bíonn ciall faoi leith ar an bhfocal Breatain (Breatain, ainmfhocal bain.). Tagann sí ón bhfocal "Prydain" sa Bhreatnais, a chiallaíonn an t-oileán ar a bhfuil Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain. Labhraítí foirm den Bhreatnais ar an gcuid is mó d'oileán na Breataine roimh theacht na Rómhánach, agus ina ndiaidh na hAngail agus Sacsain.

Inniu, úsáidtear an téarma an Bhreatain Mhór le tagairt don oileán ar fad, agus "an Bhreatain Bheag" le tagairt don chuid sin den oileán san iarthar inar fhan cuid mhaith de theanga agus de chultúr na mBreatnach, ar de bhunús Ceilteach iad. De ghnáth, ní bhaineann an focal "Breatnach" ach leis an Bhreatain Bheag. Ach ba in aimsir na banríona Victeoiria a tháinig úsáid an téarma "Great Britain" i mBéarla, nó "an Bhreatain Mhór", ar ais in úsáid. Aithris a bhí ann ar nós na bhFrancach 'Grande Bretagne' a thabhairt ar an ríocht lena hidirdhealú ón mBriotáin ('Bretagne'). Uaidh sin, cuireadh an téarma in úsáid, freisin, le tagairt d'Impireacht na Breataine agus do Chomhlathas na Náisiún. Tugann saoránaigh na Ríochta Aontaithe "British" orthu féin, fiú cuid acu i dTuaisceart Éireann, ach ó theideal iomlán na ríochta, "Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann", ní chlúdaíonn an ainm "Briotanach" muintir Thuaisceart Éireann.