Beinn Nibheis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beinn Nibheis
BenNevis2005.jpg
Beinn Nibheis
Airde 1,344 m
Ceantar Loch Abar, Albain
Sliabhraon Am Monadh
Comhordanáidí 56°48′ Thuaidh 5°0′ Theas
Cineál Marilyn

Is í Beinn Nibheis an bheinn is airde in Albain, ag 1344m (4409tr). Tá sí suite san Monadh Dhruim Uachdair os cionn Ghleann Nibheis, taobh leis an Ghearasdan i Loch Abar. Meastar go ndreapann 100,000 duine í in aghaidh na bliana, timpeall trí cheathrú díobh ag baint úsáide as 'raon na gcapaillíní', a thosaíonn ar an taobh theas den sliabh. Meallann na haillte arda (700 méadar) atá ar an aghaidh thuaidh, agus atá i measc na n-aillte is airde sa Ríocht Aontaithe, na dreapadóirí eile. Is ceann de na príomhláithreáin sa Ríocht Aontaithe do dhreapadóireacht ar oighear í Beinn Nibheis.