An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
University College, Dublin

ArmasCOBÁC.png
Mana Ad Astra - Coṁṫrom Féinne (chuig na réalta - comhthrom Féinne)
Bunaithe 1854
Uachtarán An Dr Hugh R. Brady
Cláraitheoir An Dr Philip Nolan
Foireann teagaisc 1,101
Fochéimithe 16,451 (2005/2006)
Iarchéimithe 6,077 (2005/2006)
Mic léinn dochtúireachta 1,944 (2005/2006)
Láthair Baile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann
Seoladh Belfield
Baile Átha Cliath 4
Teileafón +353-1-716 7777
Campas Uirbeach, 365 acra
Comhcheangail AMBA, EUA, IUA, , Universitas 21, UI
Láithreán Gréasáin http://www.ucd.ie/
UCD Dublin.png

Ollscoil Éireannach is ea An Coláiste Ollscoile, Baile Átha CliathCOBÁC (Béarla: University College Dublin (UCD)), (nó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a ghlaoitear uirthi go minic), atá suite i mBelfield i ndeisceart na príomhchathrach, Baile Átha Cliath. Is an ollscoil is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann í. B'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn í. Tagann an ollscoil ó fhoras, an Catholic University of Ireland, a raibh lámh ag John Henry Newman ina bunú agus a bhí mar an chéad reachtaire uirthi sa bhliain 1854, rud ar ndearnadh athmhúnlú air sa bhliain 1880 agus a fuair a cairt féin faoi 1908.

Clár ábhair

[athraigh] Foirgnimh san Ollscoil agus cinn atá nasctha léi

Ainmníodh foirgneamh sa Choláiste i gcuimhne ar Gerard Manley Hopkins sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh Gréigise.

Bhronn Peter Sutherland €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.

[athraigh] Scoil an Leighis agus Eolaíocht an Leighis

Tá cúrsaí ollscoile a bhaineann le heolaíochtaí an duine lonnaithe in Ionad na nEolaíochtaí Sláinte (Foirgneamh na n-Eolaíochtaí Sláinte chomh maith) ar champas Belfield. B'é scoil an leighis agus na hinnealtóireachta an dá dháimh dheirneacha a bhog amach ó Ardán Phort an Iarla go Belfield.

Tá Scoil an Leighis nasctha le hOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus é mar phríomh-ospidéal oiliúna acu.

[athraigh] Cumainn agus Meáin na Mac Léinn

[athraigh] An Cumann Liteartha agus Stairiúil

Is é an Cumann Liteartha agus Stairiúil an cumann díospóireachta is mó ar an gColáiste agus ceann de na cinn is mó, is sine agus is aitheanta sa tír ar fad chomh maith. Cuireann an cumann díospóireachtaí agus comórtais rialta ar siúl.

[athraigh] An Cumann Gaelach (COBÁC)

Is cumann mór mac léinn é an Cumann Gaelach a eagraíonn réimse leathan imeachtaí gach bliain. Le tamall de bhlianta anuas bhí os cionn 1,000 ball ag an gCumann. Sa bhliain 2011 bhí os cionn 2,000 ball acu.

[athraigh] Na Meáin Chlóite

Tá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an University Observer a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtán tablóide é an College Tribune a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.

[athraigh] Raidió

Is stáisiún raidió mac léinn é Belfield FM a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.

[athraigh] Spórt

Is iomaí spórt a imrítear ar champas agus is ann do mhórán áiseanna éagsúla cé nach bhfuil linn snámha no raon reatha ag an gColáiste a thuilleadh.

[athraigh] Féach freisin

Alumni COBÁC


[athraigh] Naisc Sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile