Londain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Londain
London
Londain
Suíomh

51°30′ Thuaidh 0°7′ Thiar

Rialtas
Tír: Ríocht Aontaithe
Méara: Boris Johnson
Déimeagrafaic
Achar: 1,577.3 km²
Daonra: 7,512,400
Dlús daonra: 12,331/km²
Crios ama: GMT
www.london.gov.uk

Is í Londain (London sa Bhéarla) príomhchathair Shasana agus na Ríochta Aontaithe. Is i bPálás Buckingham i Londain a chónaíonn Monarc na Ríochta Aontaithe.

Tá daonra de 7.5 - 14 milliún aici agus is í an chathair leis an daonra is mó san AE. Tá an chathair suite in oirdheisceart Shasana ar Abhainn na Tamaise. Is ionad airgeadais tábhachtach é. Bhí na Cluichí Oilimpeacha ann faoi dhó (1908 agus 1948), agus beidh siad ar siúl ansin arís i 2012. Is mol mór iompair í Londain. Taistealaíonn níos mó paisinéirí idirnáisiúnta tríd an bpríomhaerfort, Aerfort Heathrow, ná aon aerfort eile ar domhain. Tá an córas traenach faoi thalamh is sine ar domhain ann - An London Underground, nó "An Tiúb".

Clár ábhair

[athraigh] Logainmníocht

Tá sanasaíocht an ainm 'Londain' neamhchinnte. Is ainm ársa í agus is féidir í a aimsiú i bhfoinsí ón 2ú aois. Tá tagairt ann di mar Londinium, a thugann le tuiscint go raibh bunús Rómhánach-Briotanach léi. Go dtí 1889, bhain an t-ainm "Londain" le Cathair Londan, ach as sin amach tagraíonn sé do Londain Mhór freisin.

[athraigh] Cúrsaí Spóirt

Tá neart foirne peile a imríonn i Londain. Ina measc siúd tá Arsenal, Tottenham Hotspur, Chelsea F.C., West Ham United agus Fulham. Imríonn na foirne sin uilig i bPríomhroinn Sacair Shasana, nó, sa Premier League mar is fearr aithne air.

[athraigh] Aeráid

Londain – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 7.9 8.2 10.9 13.3 17.2 20.2 22.8 22.6 19.3 15.2 10.9 8.8 14.8
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 2.4 2.2 3.8 5.2 8.0 11.1 13.6 13.3 10.9 8.0 4.8 3.3 7.2
Meán-bháisteach (mm) 51.9 34.0 42.0 45.2 47.2 53.0 38.3 47.3 56.9 61.5 52.3 54.0 583.6
Foinse: Met Office Eanáir 2011
Is siombal tábhachtach na cathrach é Big Ben.

[athraigh] Ceantair

  1. Cathair Londan
  2. Cathair Westminster
  3. Kensington agus Chelsea*
  4. Hammersmith agus Fulham
  5. Wandsworth
  6. Lambeth
  7. Southwark
  8. Tower Hamlets
  9. Hackney
  10. Islington
  11. Camden
  12. Brent
  13. Ealing
  14. Hounslow
  15. Richmond on Tamais
  16. Kingston on Tamais*
  17. Merton
London-boroughs.svg
  1. Sutton
  2. Croydon
  3. Bromley
  4. Lewisham
  5. Greenwich
  6. Bexley
  7. Havering
  8. Barking agus Dagenham
  9. Redbridge
  10. Newham
  11. Waltham Forest
  12. Haringey
  13. Enfield
  14. Barnet
  15. Harrow
  16. Hillingdon
† Ní buirg Londan é.
* Buirg Ríoga


[athraigh] Naisc Sheachtracha



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile