An India
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
| Mana: Satyamēva Jayatē | |||||
| Amhrán náisiúnta: Jana Gana Mana | |||||
| Príomhchathair | Nua-Deilí 28°34′ Thuaidh 77°12′ Thiar |
||||
| An chathair is mó | Mumbai | ||||
| Teangacha oifigiúla | Béarla, Hiondúis agus 21 teanga oifigiúil elie | ||||
| Rialtas | Poblacht feidearálach Pratibha Patil Manmohan Singh |
||||
| Neamhspleáchas - Fógartha - Poblacht |
Ón Ríocht Aontaithe 15 Lúnasa, 1947 26 Eanáir, 1950 |
||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
3,287,590 km² (7ú) 9.56% |
||||
| Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
1,080,264,388 (2ú) 1,027,015,247 329/km² (31ú) |
||||
| OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $3.334 tilliún (4ú) $3,019 (120ú) |
||||
| Airgeadra | Ruipí (INR) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
IST (UTC) (UTC+5.30) |
||||
| Fearann Idirlín | .in | ||||
| Glaochód | +46 |
||||
Is tír í Poblacht na hIndia atá suite san Áise theas. Is í an chuid is mó don fo-mhór-roinn India. Is í an tír leis an daonra is mó tar éis an tSín. Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hindi agus an Bhéarla na príomhtheangacha atá le húsáid leis an rialtas lárúil.
San 18ú haois bhí faill ag an bhFrainc ar smacht a fháil ar réimse maith den India. Má theip orthu é sin a dhéanamh ní de cheal dúthrachta agus misnigh é; arís agus arís eile chuaigh a gcuid arm i ngleic le reisimintí na Breataine, agus d’éirigh leo limistéar beag a choinneáil acu féin siar ó dheas ó Mhadras (Chennai) i dTamil Nadu. Anois tá timpeall 203,000 duine ann. Bhí na Francaigh i bPondicherry le 300 bliain; níor thug siad uathu é go dtí an bhliain 1954.
Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India, agus níor thaise do na Francaigh é: tá Fraincis á labhairt fós i bPondicherry, rud a oireann go sármhaith don chuma atá ar an áit – na leaca pábhála, tithe maiseacha, gairdíní deasa; cuid den tseanFhrainc a d’fhág an stair ina diaidh i ndeisceart na hIndia. Tá clú ar na tithe itheacháin, agus clú freisin ar shaoire na beorach; agus bíonn an Masquerade ar siúl i mí Mhárta agus mí Aibreán – daoine in éide álainn agus i maisc ag rince trí na sráideanna le ceol cairdíní agus trumpaí. Ní nach ionadh, déantar ceiliúradh freisin ar scrios an Bastille. Tá an tseanIndia ann i gcónaí, ach go dti seo níor mhúch sí l’Inde française.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.