An Hiondúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hiondúis
(हिन्दी, हिंदी)
Á labhairt: India, Neipeal, Fidsí, An Phacastáin, Oileán Mhuirís, Suranam
Réigiún: Deisceart na hÁise
Cainteoirí san Iomlán: 500–680 milliún
Rang: 2
Líne ghinealaigh:
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na hIndia, Fidsí
Foras Pleanála Teanga: Kendriya Hindi Nideshalaya
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 hi
ISO 639-2 hin
ISO 639-3 hin
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga Ind-Eorpach í an Hiondúis (हिन्दी, हिंदी) a labhraítear go forleathan i dtuaisceart agus i lár na hIndia, ar fud "chrioslach na Hiondúise". Bíonn na canúintí an-éagsúil le chéile ó am go ham, agus is deacair a rá go minic, cé acu canúint Hiondúise atá á labhairt i réigiún áirithe, nó teanga neamhspleách. Glactar leis go bhfuil leagan éigin den Hiondúis ó dhúchas ag 41 % de mhuintir na hIndia.

An chanúint is bun leis an Hiondúis Chaighdeánach, tugtar Khari Boli uirthi. Tá an chanúint seo á labhairt go nádúrtha in Iarthar Uttar Pradesh. Tá caighdeán na hUrdaise bunaithe ar an gcanúint chéanna, agus mar sin, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis ó thaobh na teanga labhartha de. Úsáidtear an aibítir Arabach leis an Urdais a scríobh, agus an aibítir Dhéiveanágrach leis an Hiondúis a bhreacadh síos. Thairis sin, measctar focail Araibise agus Pheirsise tríd an leagan scríofa den Urdais, agus lucht na Hiondúise i dtuilleamaí na Sanscraite le blas ar leith a chur ar a dteanga féin.

Uaireanta, tugtar Hiondústáinis ar an gcineál Hiondúise/Urdaise a labhraíonn an chosmhuintir, cibé cé acu Hiondúigh nó Moslamaigh iad.

Is í an Hiondúis an ceann is mó cainteoirí de theangacha oifigiúla na hIndia, agus í á labhairt sna stáit thuaisceartacha ar nós Rajasthan, Delhi, Haryana, Uttarakhand, Uttar Pradesh, Madhya Pradesh, Chhattisgarh, Himachal Pradesh, Jharkhand, agus Bihar. Ina lán áiteanna, áfach, bíonn teangacha áitiúla nó réigiúnacha á labhairt i mbreis ar an Hiondúis, agus thairis sin, bíonn féiniúlacht láidir ag a lán canúintí, agus lucht a labhartha á gcur chun cinn mar theangacha neamhspleácha. Mar shampla, is é dearcadh oifigiúil an rialtais fheidearálaigh san India gur canúint de chuid na Hiondúise í an teanga Chhattisgarhi, ach sa bhliain 2000, d'éirigh leis an réigiún ina labhraítear an teanga seo féinrialtas a bhaint amach mar stát ar leith san India (Chhattisgarh ainm an stáit, agus ba chuid de Madhya Pradesh é roimhe sin), agus inniu, tá an teanga Chhattisgarhi á saothrú mar theanga oifigiúil sa stát nua.

Labhraítear cineál Hiondúise i bhFidsí chomh maith, ós rud é gur shocraigh a lán muintir isteach ón India síos i bhFidsí sa naoú haois déag. Is deacair a rá, áfach, an ionann mar theangacha iad Hiondúis Fhidsí agus an Hiondúis sa chiall chúng. Meascán canúintí í Hiondúis Fhidsí a fuair a lán focal ar iasacht ón bhFidsis agus ón mBéarla, agus í féin níos cosúla leis an teanga Bhojpuri a labhraítear i stát Bihar agus leis an teanga Awadhi atá le cloisteáil i réigiún Awadh (Oudh) i stát Uttar Pradesh. Taispeánann cinniúint an dá theanga seo san India féin cé chomh deacair agus atá sé coincheap na "teanga" agus na "canúna" a shainiú go sásúil: bhí an teanga Awadhi an-tábhachtach mar chaighdeán scríofa sular tháinig an chanúint Khari Boli chun cinn, agus inniu, caitear leis an Awadhi mar nach mbeadh ann ach canúint; maidir leis an teanga Bhojpuri, tá stádas oifigiúil aici i stát Bihar in éineacht leis an Hiondúis agus dhá theanga ghaolmhara eile (an teanga Magadhi agus an teanga Maithili), ach níl traidisiún liteartha na teanga Bhojpuri leath chomh sean ná chomh tábhachtach agus an litríocht a scríobhadh as Awadhi roimh chaighdeánú na Hiondúise.