An Pheirsis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peirsis
(فارسی (fársí))
Á labhairt: An Iaráin (An Pheirs), An Afganastáin, An Táidsíceastáin agus tíortha ina dtimpeall.
Réigiún: Meán-Oirthear.
Cainteoirí san Iomlán: 61 miliúin ó chliabhán.
110 miliúin in iomlán
Rang: 19
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Ind-Iaránach
  Iaránach
   Iaránach Thiar
    Iaránach Thiar Theas
     Peirsis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na hIaráine, na hAfganastáine, na Táidsíceastáine.
Foras Pleanála Teanga: Acadamh na Teanga agus na Litríochta Peirsí
Acadamh Eolaíochtaí na hAfganastáine.
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 per
ISO 639-2 fa
SIL fas, prs, pes, tgk, aiq, bhh, deh, drw, haz, jpr, agus phv.
ISO 639-3 fas

(cód ginearálta)

Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Pheirsis an ceann is tábhachtaí de na teangacha Iaránacha, a bhaineann leis an gcrann ginealais Ind-Eorpach. Teanga oifigiúil is ea an Pheirsis san Iaráin, áit a dtugtar fársí uirthi, agus san Afganastáin, áit a dtugtar darí uirthi. I dtréimhse na hImpireachta Mogalaí, bhí an Pheirsis ina teanga oifigiúil san India féin, agus fanann cuid mhaith daoine á foghlaim mar theanga iasachta san India agus sa Phacastáin sa lá atá inniu ann. Tá teangacha nua-aimseartha na dtíortha seo breac le hiasachtaí Peirsise freisin.

Inniu, tá an Pheirsis ó dhúchas ag 61 mhilliún duine, agus oiread eile in ann í a labhairt mar theanga choimhthíoch. Cé gurb í an Phaistis an teanga náisiúnta san Afganastáin, is í an Pheirsis is mó a labhraítear ansin mar fhrancbhéarla i gcumarsáid idir na treibheacha éagsúla, agus tá an Pheirsis níos tábhachtaí mar theanga liteartha agus chultúrtha, ós rud é nach bhfuil mórán saothrú ná caighdeánú déanta ar an bPaistis.

Stair na Peirsise[athraigh | edit source]

An tSean-Pheirsis[athraigh | edit source]

Téann stair na Peirsise siar a fhad leis an tséú haois roimh bhreith Chríost. Is í an inscríbhinn Peirsise is sine dá bhfuil ann ná an ceann ar thángthas air i mBehistun in aice le Kermanshah in Iarthar na hIaráine, agus baint aige leis an Rí Darius a hAon, a bhí beo sna blianta 522-486 RC. Bhaintí úsáid as na litreacha dingchruthacha leis an tSean-Pheirsis a scríobh, agus bhí gramadach na teanga i bhfad ní ba chasta ná inniu. Nó bhí ocht dtuiseal agus trí inscne (baininscne, firinscne agus insce neodrach) sa teanga san am - níl a dhath fágtha de na catagóirí gramadúla seo i bPeirsis an lae inniu.

An Mheán-Pheirsis[athraigh | edit source]

Níor tosaíodh ag scríobh Meán-Pheirsise ach sa tríú haois AD, cé gur léir go raibh sí á labhairt i bhfad roimhe sin. Dealraíonn sé gur thosaigh an tSean-Pheirsis ag claochlú go Meán-Pheirsis sé chéad bliain roimhe sin. Is í an difríocht is suntasaí eatarthu ná go raibh na tuisil agus na hinscní gramadúla imithe sa Mheán-Pheirsis. D'fhéadfá a rá go raibh an Mheán-Pheirsis sách cosúil leis an Nua-Pheirsis ó thaobh na gramadaí de, ach ní raibh na hIaránaigh iompaithe chun an Ioslaim go fóill, agus mar sin, ní raibh an stór focal breac le hiasachtaí Araibise, mar atá sé inniu. Tá saineolaithe áirithe den tuairim freisin nach raibh an Nua-Pheirsis bunaithe ar na canúintí céanna agus an Mheán-Pheirsis.

An Nua-Pheirsis[athraigh | edit source]

Sa tseachtú haois AD, d'fhorghabh na hArabaigh an Iaráin, agus tháinig deireadh le saothrú na Meán-Pheirsise mar theanga liteartha. De réir a chéile, áfach, d'fhás an Nua-Pheirsis anuas mar chaighdeán nua. Sa naoú haois AD, bhí sí á saothrú mar theanga ardchultúrtha cheana féin, agus i rith na gcéadta bliain chuaigh sí in úsáid ón Tuirc go dtí an India mar theanga litríochta agus filíochta. Na Sasanaigh féin, agus iad ag forghabháil na hIndia, bhí siad sásta i dtús báire úsáid a bhaint as an bPeirsis mar theanga oifigiúil riaracháin.

Inniu féin glactar leis go bhfuil an Pheirsis ar ceann de na teangacha is mó cultúir agus litríochta i sibhialtacht an Ioslaim. Scríbhneoirí tábhachtacha nua-aimseartha iad an t-úrscéalaí Sadeq Hedayat (1903-1951), an file mná Forough Farokhzad (1935-1967), an file Sohrab Sepehri (1928-1980), mar shampla.

An Pheirsis
Vicipéid le fáil as An Pheirsis freisin