Málta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Repubblika ta' Malta
Republic of Malta
Poblacht Mhálta
Bratach Mhálta Armas Málta
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: L-Innu Malti
Suíomh Málta
Príomhchathair Vaileite
35°54′ Thuaidh 14°31′ Thoir
An chathair is mó Birkirkara
Teangacha oifigiúla Máltais agus Béarla
Rialtas
George Abela
Lawrence Gonzi
Neamhspleáchas
21 Meán Fómhair 1964
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
316 km² (174ú)
-
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
398,534 (20ú)

1262/km² (-)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 1999
$5.3 billiún (-)
$13,800 (-)
Airgeadra Euro1 (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .mt
Glaochód +356
1 Roimh 2008: Lira Mhálta

Tír bheag oileánach sa Mheánmhuir is ea í Málta (Máltais: Malta, Béarla: Malta), ar mar a dtugtar go hoifigiúl Poblacht Mhálta (Máltais: Repubblika ta' Malta, Béarla: Republic of Malta). Tá an tír suite in áit straitéiseach idir an Afraic Thuaidh agus an Iodáil, agus mar sin, is iomaí cath a chuir na tiarnaí is na flatha fúithi ar feadh na gcéadta bliain, ó bhlianta Impireacht na Róimhe go dtí an Dara Cogadh Domhanda. Tá Málta ar an tír is lú san Aontas Eorpach ó thaobh an achair agus an daonra de. Oileánra atá ann, agus is iad Oileán Mhálta, Għawdex (Gozo), agus Kemmuna (Comino) na hoileáin is mó.

Is í an Mháltais caint na sráide i Málta, cé go bhfuil an Béarla á labhairt go forleathan sna cathracha is mó. Ní bhíonn na Máltaigh dall ar an Iodáilis ach an oiread. Canúint Araibise is ea í an Mháltais go stairiúil, ach tá sí éirithe chomh breac le focail iasachta ón tSicilis, ón Iodáilis chaighdeánaithe agus ón mBéarla agus nach dtuigeann an tArabach agus an Máltach a chéile inniu ar aon nós. Is dócha go bhfuil níos mó Iodáilise ná Araibise i stór focal na teanga inniu, cé go bhfuil cuma na hAraibise ar an ngramadach i gcónaí.

Is é an Caitliceachas reiligiún dúchasach Mhálta inniu. Bíonn na Máltaigh ag ceiliúradh féilte i ndilchuimhne ar na naoimh Chaitliceacha, agus is cuid thábhachtach de na féilte seo an tine ealaíne, ar traidisiún í i Málta.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Roimh an mbliain 1800, ní raibh de ghnóthaí ag muintir Mhálta ach gnó an chadáis, gnó an tobac agus an longcheártaíocht. Níos déanaí, bhain na Sasanaigh úsáid mhíleata as na longcheártaí. Nuair a bhí ina chogadh, ba dual do gheilleagar an oileáin borradh, rud a bhí le haithint go háirithe le linn Chogadh na Crimé sa bhliain 1854.

Sa bhliain 1869, osclaíodh Canáil Shuaise. Chabhraigh an Chanáil go mór mór le geilleagar Mhálta, agus an oiread de longa a thagadh ag stopadh i gcuanta Mhálta le breosla a thógáil.

Ag deireadh na naoú haoise déag, thosaigh an geilleagar ag cúlú arís, agus nuair a tháinig na daichidí, bhí cúrsaí eacnamaíochta Mhálta go dona ar fad. B'é ba chúis leis seo ná an feabhas a tháinig ar na longa tradála idir an dá linn. Bhí raon ní b'fhaide ag na longa nua, agus ní chaithidís stopadh i Málta le haghaidh breosla.

Inniu, tá Málta go mór mór i dtuilleamaí na turasóireachta le teacht isteach éigin a chinntiú dá muintir.

Daonra[athraigh | edit source]

Sa bhliain 2005, bhí timpeall ceithre chéad míle duine ina gcónaí i Málta, na bundúchasaigh agus na daoine eile a raibh cónaí fadtéarmach orthu sna hoileáin san áireamh. Caitlicigh ab ea iad 98% de dhaonra na Poblachta, agus tá cuma an-Chaitliceach ar dhlíthe agus ar reachtaíocht na tíre. Mar shampla, ní féidir colscaradh ná ginmhilleadh a fháil go dlíthiúil i Málta, cé go mbíonn cailíní óga ó na hoileáin ag tabhairt cuairteanna ar an Spáinn anois agus arís ar lorg ginmhillte.

Ó tá Málta suite san áit a bhfuil sí, tá an inimirce ina ceist chonspóideach i Málta inniu. Is dual do na Máltaigh bheith fáiltiúil roimh lucht inimirce, agus i gcomparáid leis an daonra, bronnann Málta ceadúnas cónaí nó tearmann ar dhream níos mó de neamhnáisiúnaigh ná aon tír eile san Aontas Eorpach. Mar sin féin, tá an inimirce neamhdhlíthiúil ina fadhb a chuireann an-straidhn ar chóras na sláinte poiblí agus ar an margadh cúng oibre i Málta, rud a spreagann ciníochas. Tá gluaiseacht sách láidir sa Phoblacht, Imperium Europa, atá ag cur in aghaidh na hinimirce.

Cultúr[athraigh | edit source]

Múnlaíodh cultúr Mhálta faoi thionchar na nArabach, na Sicile, na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe, agus a lorg sin le haithint ar shaol na n-oileán. Tá an béaloideas beo i gcónaí in intinn na seandaoine, agus dianstaidéar á dhéanamh air ag na saineolaithe. Ceiliúrtar féilte na naomh Caitliceach go ragairneach, cosúil leis an dóigh a ndéantar i nDeisceart na hIodáile - nó mar a cheiliúrtaí na "patrúin" in Éirinn nuair a bhí an chuid ba mhó den tír ina Gaeltacht go fóill. Tá an tine ealaíne ina cuid lárnach de na féilte seo. Déanta na fírinne, is nós le muintir Mhálta a gcuid roicéad agus buamaí tine ealaíne a dhéanamh sa bhaile nó i gceardlanna príobháideacha nach ndearnadh aon iniúchadh nó cigireacht oifigiúil orthu riamh. Mar sin, is iomaí teaghlach Máltach a fágadh gan athair nuair a madhmadh an t-ábhar pléasctha de thimpiste i gceann de na ceardlanna seo.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an chéad áitreabh daonna ar an oileán thart ar 5200 bliain roimh bhreith Chríost. Tá iarsmaí suntasacha de chultúr neoiliteach (is é sin, cultúr a bhaineann leis an gcuid dheireanach den chlochaois) fágtha i Málta, níos sine ná Pirimidí na hÉigipte. Thart ar mhíle bliain roimh bhreith Chríost, tháinig na Féinícigh go Málta leis an áit a choilíniú, agus bhí an t-oileán ar ceann de na bunáiteanna ba tábhachtaí a bhí acu dá gcuid long sa Mheánmhuir.

Ceithre chéad bliain roimh bhreith Chríost, thit Málta leis an gCartaig, ní nárbh ionadh, nuair a choinnítear cuimhne air gur coilíneacht eile de chuid na bhFéinícigh ab ea í an Chartaig féin. Sa bhliain 218 RC, shealbhaigh na Rómhánaigh an t-oileán, rud a chuaigh chun leasa dá mhuintir, nó bhí rath agus bláth ar Mhálta an chuid ba mhó den tréimhse Rómhánach, a bhuí leis an tradáil bheoga. I nGníomhartha na nAspal, insítear gur tháinig Naomh Pól i dtír i Málta in áit ar a dtugtar Bá Naomh Pól inniu, agus gur bhain nathair nimhe greim as. Is dócha gur tharla seo timpeall na bliana 60, agus, íorónta go leor, is é tuairim na saineolaithe inniu, agus taighde déanta acu ar na sruthanna farraige thart ar Oileán Mhálta, nár tháinig Pól i dtír i mBá Naomh Pól i dtuaisceart an oileáin, ach i mBá Naomh Tomáis in aice le Marsaskala i ndeisceart an oileáin.

Sa bhliain 440, ghabh na Vandail an t-oileán. Treibh Ghearmánach a bhí iontu agus iad tar éis socrú síos i dtuaisceart na hAfraice, timpeall na háite ina bhfuil an Túinéis inniu. Ruaig Belisarius, ginearál Biosántach, iad as an oileán arís sa bhliain 533. B'iad na Biosántaigh a rialaigh Málta go dtí an bhliain 870.

B'iad na hArabaigh, a tháinig ón tSicil, an chéad dream eile a shealbhaigh Málta. D'fhan siad ní ba mhó ná dhá chéad bliain i gceannas ar an oileán, agus d'fhág siad a sliocht ar shaol agus ar chultúr Mhálta. Thar aon rud eile, b'uathusan a fuair na Máltaigh an teanga a labhraíonn siad inniu. Nuair a chuir na Normannaigh ruaigeadh ar na hArabaigh, áfach, dhealaigh siad canúint Mhálta ón gcuid eile den Araibis, agus fágadh an teanga gan saothrú liteartha. Tháinig na mílte focal isteach ón tSicilis agus ní ba déanaí, ón Iodáilis chaighdeánach, agus b'iad an Laidin agus an Iodáilis na teangacha a bhí á n-úsáid le haghaidh litríochta. Ní bhfuair an Mháltais a ceart mar theanga liteartha ach san fhichiú haois.

Sa bhliain 1091, d'fhéach Ruairí a hAon, Cúnta na Sicile, le Málta a sciobadh ó na hArabaigh. Níor éirigh leis, ach b'é a mhac, Ruairí a Dó, a chríochnaigh an obair sa bhliain 1127. B'ansin a tháinig deireadh le forlámhas an chultúir Arabaigh sna hoileáin, agus cuireadh an cultúr Eorpach ina áit. Mhair an tIoslam go dtí an 13ú haois. Chuaigh Málta ó theaghlach uasal amháin go teaghlach uasal eile, go dtí go bhfuair Ridirí Naomh Eoin é sa bhliain 1530. B'í an Spáinn a bhí ag rialú an oileáin ón mbliain 1479 anuas, ach ó dhearc rí na Spáinne air féin mar chosantóir an Chaitliceachais, bhronn sé Málta ar Ord Ridirí Naomh Eoin mar bhunáit, nuair a ruaigeadh an tOrd as oirthear na Meánmhara, áit a raibh an Tuirc Otamánach ag ascnamh san am sin. Theastaigh ó Shéarlas a Cúig, Rí na Spáinne, sciath chosanta a chur idir an Róimh agus an t-ionsaí ón bhfarraige, agus b'iad na Ridirí i Málta an sciath sin.



Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an ÍoslainnPoblacht na MacadóineMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc