An Chéinia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Chéinia
Jamhuri ya Kenya (sw)
Republic of Kenya (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnEe Mungu Nguvu Yetu Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Harambee (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósSliabh na Céinia Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 0°06′N 38°00′E / 0.1°N 38°E / 0.1; 38

PríomhchathairNairobi Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán48,468,138 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús83.38 hab./km²
Teanga oifigiúilAn Svahaílis
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Afraic Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla581,309 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh na Céinia (5,199 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Indiach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKenya (1963–1964) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1963
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Céinia Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Céinia Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Céinia Cuir in eagar ar WikidataWilliam Ruto (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil109,703,659,313 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrascilling na Céinia Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ke Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+254 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 agus 999 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreKE Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinpresident.go.ke Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír san Afraic í an Chéinia. Is í Nairobi an phríomhchathair. Iar-choilíneacht de chuid na Breataine is ea í.

Muintir na Céinia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tuairim is 40 milliún duine ina gcónaí sa Chéinia. Tá idir Bhéarla agus Kiswahili ag a bhformhór. Ná grúpaí eitneacha is mó ná: Kikuyu 22%, Luhya 14%, Luo 13%, Kalenjin 12%, Kamba 11%, Kisii 6%, Meru 6%, Afracaigh eile 15%, Áisigh/Eorpaigh/Arabaigh 1%. Is í an Chríostaíocht an príomhchreideamh (Protastúnaigh 45%, Caitlicigh 33%), ach is iomaí creideamh eile atá ann.

Na cathracha is mó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nairobi, Mombasa, Kisumu, Nakuru agus Eldoret. Is í Nairobi an chathair is mó, agus tá breis is trí mhilliún duine ina gcónaí ann.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éirí Amach na Mau Mau[cuir in eagar | athraigh foinse]

An faltanas a bhí ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach le fada an lá, toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin. Tháinig na fadhbanna seo chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afracach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún.

Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh.

B'é sin Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annálacha na staire. Ar an 17 Lúnasa 1952, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír, agus tuilleadh fórsaí armtha ag teacht le heitleáin ón mBreatain Mhór in aghaidh an lae leis an éirí amach a chloí. Chuaigh na cúrsaí an oiread sin chun géaradais is go bhféadfá a rá go raibh an Chéinia ar bharr lasrach le cogadh cathartha.

Sa bhliain 1953, rinne na ceannaircí ródach mór ar dhílseoirí ar de threibh Kikuyu iad. Chuir an t-ár seo - sléacht Lari, mar a thugtar air - malairt chuma ar fad ar pholaitíocht an éirí amach, agus fuair na Sasanaigh ar ais cuid den dea-chlú a bhí caillte acu i rith an chogaidh. Ar an 8 Aibreán 1953, gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana le daorobair ar Jomo Kenyatta, as an mbaint a bhí aige le gluaiseacht Mau Mau.

B'é an cineál straitéis a bhí ag Churchill ná an lámh láidir mhíleata a imirt gan trócaire ar na ceannaircí agus na héilimh a shásamh a bhí ag na hAfraicigh a chur chun tosaigh ar dtús, go dtí an diúltú a fuair siad ó rialtas Attlee.

Éirí Amach na Mau Mau; King's African Rifles faoin tuath

Cheap Winston Churchill an Ginearál Sior George Erskine leis an éirí amach a chur faoi chois i Nairobi, rud a rinne sé leis an oibríocht ar ar tugadh An Inneoin, sa bhliain 1954. Ina dhiaidh sin, chuathas i dtuilleamaí an Chasúir (oibríocht mhíleata eile) le deireadh a chur leis an gceannairc faoin tuath. D'ordaigh Churchill comhchainteanna síochána a chur ar bun le muintir na Céinia, ach theip ar na cainteanna seo agus eisean ina phríomh-aire go fóill.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]