An tSúdáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
جمهورية السودان
Jumhūriyyat as-Sūdān
Poblacht na Súdáine
Bratach na Súdáine Armas na Súdáine
Bratach Armas
Mana: Araibis: Al-Nasr Lana
("Linne an Bua")
Amhrán náisiúnta: Araibis: نحن جند للہ جند الوطن ("Sinne Arm Dé agus Arm ár dTíre")
Suíomh na Súdáine
Príomhchathair Cartúm
15°00′ Thuaidh 30°00′ Thiar
An chathair is mó Omdurman
Teangacha oifigiúla Araibis, Béarla
Rialtas Rialtas na hAontachta Náisiúnta
Omar al-Bashir
Neamhspleáchas
Dáta
ón Éigipt agus ón RA
1 Eanáir 1956
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,886,068 km² (16ú)
6
Daonra
 • Meas. ó 2006
 • Daonáireamh 1993
 • Dlús
 
36,992,490 (33ú)
24,940,683
14/km² (194ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
U S$ 68,629 milliún (62ú)
US$ 2,046 (134ú)
Airgeadra Dinar na Súdáine (SDD)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+3 (UTC)
+3 (UTC)
Fearann Idirlín .sd
Glaochód +249

Is tír san Afraic í an tSúdáin, (Araibis :السودان) nó Poblacht na Súdáine (Araibis: جمهورية السودان), agus í ar an tír is mó san ilchríoch. Is í Cartúm príomhchathair na tire. Tá sí ag críochantaíocht leis an Libia, An Éigipt, An Eiritré, An Aetóip, An tSúdáin Theas, Poblacht na hAfraice Láir agus le Sead.

Stair[athraigh | edit source]

Sa tseanaimsir, thugtaí an t-ainm Arabach Bilad-al-Sudan (nó as Gaeilge, ceantar na nGorm), ar an gceantar ar fad atá ar an taobh ó dheas den tSahára.

Ón 19ú haois i leith (ón mbliain 1820 ar aghaidh), cuireadh cuid mhaith de chríocha na Súdáine (sa tuaisceart ach go háirithe) faoi chois rialtais ar a nglaoitear Turkiyya; b'é seo an rialtas Tuirceach-Éigipteach, faoi údarás an Cheidív i gCaireo. Le linn an ama seo, thosaigh an rialtas ag gabháil sclábhaithe sa deisceart le húsáid mar shaighdiúirí, nó le hiad a dhíol. Faoi bhrú na gcumhachtaí móra, rinne an Éigipt iarracht an sclábhaíocht a chur ar ceal sna 1840idí. I ndeireadh na dála, d'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais faoi cheannas Muhammed Ahmed, a ghlac ainm an Mhahdaí air féin. Ar an 13ú lá de Mhí na Márta, sa bhliain 1884 chuir arm an Mhahdaí Cartúm faoi léigear. B'é an ginearál Sasanach, Charles George Gordon, a bhí i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir, 1885, d'éirigh le harm an Mhahdaí an lámh in uachtar a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mhahdaí go raibh sé marbh. Cé go bhfuair an Mahdaí bás tamall beag ina dhiaidh sin, lean a rialtas (an rialtas Mahdaíoch, mar a déarfá) ar aghaidh go dtí an bhliain 1898 - 1899, agus an Cailif Abdullahi i gceannas air. Bhunaigh an rialtas Mahdaíoch an chathair úd Omdurman, agus gaireadh príomhchathair an rialtais Mhahdaígh di. Ar an dara lá de Mheán Fómhair, 1898 d'éirigh le harm Éigipteach-Sasanach faoi cheannas an tSiordáir Horatio Kitchener i gCath Omdurman i gcoinne arm an rialtais Mhahdaígh (nó arm na nAnsar, mar a thugtar air de ghnáth - is focal Araibise é ansar a chiallaíonn "lucht cabhrach", agus is é is brí leis i gcoimhthéacs an Ioslaim ná iad siúd a chabhraigh leis an bhFáidh Muhammad nuair a bhí sé á ghéarleanúint agus ar a sheachnadh go fóill), agus sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tír ar fad faoi chois an rialtais Angla-Éigiptigh. Ghlac Winston Churchill páirt sa chogadh sin, agus é ag obair ina chomhfhreagraí don nuachtán Sasanach The Morning Post (Ziegler, 1973).

Cogadh cathartha san Deisceart[athraigh | edit source]

Sa bhlian 1956 bhain An tSúdáin amach a neamhspleáchas. D'éirigh troid idir muintir an deiscirt agus an rialtas nua i gCartúm ón mbliain 1955 amach, agus lean sé ar aghaidh i ré an neamhspleáchais féin. B'é sin an Chéad Chogadh Cathartha sa tSúdáin, nó Cogadh Anya-Nya, mar a thugtar air freisin. Is é is brí le hanya-nya sa teanga Madi ná "nimh nathrach", agus is é sin an t-ainm a ghlac arm an Deiscirt orthu féin. Tháinig deireadh leis an chéad chogadh cathartha sa bhliain 1972 le Comhaontú Addis Ababa, a bhronn féinrialtas áirithe ar an deisceart, ach thosaigh cogadh nua, an Dara Cogadh Cathartha, sa bhliain 1983. B'é ba chúis leis an gcogadh seo ná gur thit an tóin as an bhféinrialtas, nuair a bhagair an tUachtarán Jaafar Nimeiry an dlí Ioslamach a chur i bhfeidhm ar an stát ar fad, beag beann ar Chomhaontú Addis Ababa. Ansin, d'éirigh Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (Sudan People's Liberation Army, SPLA) amach in aghaidh an rialtais faoi cheannas John Garang. Cuireadh deireadh leis an dara cogadh cathartha ar an 24ú lá de Bhealtaine sa bhliain 2004, nuair a tháinig ceannaire an SPLA, John Garang, agus Tánaiste na Súdáine ar chomhréiteach maidir leis na fadhbanna seo (Seii, 2004). Cé go bhfuil an saol níos fearr anois san Deisceart ná mar a bhí, is iomaí bochtanais is galair atá ann fós, is caithfaidh níos mó cabhair a thabhairt, go h-áirithe chun mar tá a lán daoine dídeanaithe ag dul ar ais go dtí a n-áit dúchais faoi láthair (Refugees International, 2007).

Sa bhliain 2011, bhí reifreann ann sa deisceart i dtaobh neamhspleáchais. Bhí beagnach 99% de na vótaí ar a shon agus ar an 9ú lá Iúil scair an tSúdáin Theas ón gcuid eile den tír.

Cogadh san oirthear agus i nDarfur[athraigh | edit source]

Cé gur baineadh síocháin amach sa deisceart, níorbh é sin deireadh leis an tsíorchogaíocht sa tír, áfach. Lean na trioblóidí ar aghaidh in oirthear na tíre, go háirithe nuair a chuaigh dreamanna armtha as measc na mBeja chun troda in aghaidh an rialtais. Ansin, thosaigh cogadh nua i nDarfur in iarthar na tíre, áit a bhfuil cinedhíothú ar siúl faoi láthair. Tá gábh daonchairdiúil ann faoi láthair de bharr an troid atá ann. Ar an 4ú Márta, 2009, d'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Omar al-Bashir, uachtarán na Súdáine, as coireanna cogaidh agus coireanna i gcoinne an chine dhaonna.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Is í Cartúm príomhchathair na Súdáine. Ritheann an Níl tríd an tír; is i gCartúm a thagann an Níl Ghorm agus an Níl Bhán le chéile le haon abhainn amháin, an Níl féin, a dhéanamh. Is é Jebel Mara (nó Sliabh Mara) an sliabh is mó san tír. Tá sé suite in iarthar na tíre i Darfur.

Cúltúr[athraigh | edit source]

Mar léargas ar chineál meitheal i gcúltúr na Súdáine, féach ar Naffir.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Refugees International (2007), Returning Sudanese need more help to restart their lives
  • Seii, J.S. (2004), "The Intergovernmental Authority on Development and the Sudanese Peace Process" i Adar, K., Yoh, J., & Maloka, E., Sudan Peace Process, Challenges and Future Prospects, (Pretoria: African Institute of South Africa).
  • Ziegler, P. (1973), Omdurman, (New York: Dorset Press)