Horatio Kitchener

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Marascal machaire Briotanach, státaire, agus taidhleoir ab ea Horatio Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener (24 Meitheamh 18505 Meitheamh 1916).

Rugadh Kitchener sa bhlian 1850 i mBaile Longphoirt (Ballylongford), i gContae Chiarraí, mac leis an Lt. Col. Henry Horatio Kitchener (1805-1894) agus le Frances Anne Chevallier-Cole. Sasanaigh ab ea iad a cheannaigh talamh in Éireann tamall beag roimhe sin.

Horatio Kitchener

Bhí Kitchener i dtuaisceart na Súdáine sa bhliain 1884 nuair a chuir airm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí Charles Gordon, oifigeach Sasanach, i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Bhí ar Kitchener cumarsáid a choiméad oscailte le Cartúm go dtí go sroicheadh arm Briotánach an chathair chun deireadh a chuir leis an léigear. Níor éirigh leo an chathair a shroicheadh in am, áfach. Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir, 1885, d'éirigh le harm an Mahdí an lámh in uachtair a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mhahdí go raibh sé marbh.

Blianta ina dhiaidh sin cuireadh Kitchener i gceannais airm Briotánach-Éigipteach a rinneadh ionsaí ar an tSúdáin. D'éirigh leis deireadh a chur le rialtas an Mahdí i gCath Omdurman ar an dara lá de Mheán Fómhair, 1898. Bhí sé ina ghobharnóir ar an tSúdáin go dtí mí na Nollaig 1899, nuair a chuaigh sé go dtí an Afraic Theas. Bhí Kitchener ina ginearálta sa Dara Cogadh na mBórach (1899-1902). Francis Reginald Wingate an gobharnóir a tháinig ina dhiaidh. Bhi Tiarna Kitchener sheol ó Scrabster le Sreabhadh Scapa ar an 5 Meitheamh, 1916 ar bord HMS Darach roimh aistriú go dtí an cruiser armúrtha HMS Hampshire as a chuid misean taidhleoireachta go é ag taisteal chun Rúis. Go gairid roimh 1930 uair an lá céanna,while traveling to Rúise , bhuail Hampshire mianach atá leagtha ag an seoladh nua Gearmánach-U-75 U-bád (gceannas ag Curt Beitzen) agus go tóin poill siar Oileán Inse Orc. Báthadh Kitchener.