Ceanada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceanada
Bratach Cheanada Armas Ceanada
Bratach Armas
Mana: A Mari Usque Ad Mare
Ó Muir Go Muir
Amhrán náisiúnta: O Canada
Suíomh Ceanada
Príomhchathair Ottawa
45°24′ Thuaidh 75°40′ Thiar
An chathair is mó Torontó
Teangacha oifigiúla Béarla agus Fraincis
Rialtas
Eilís II
David Lloyd Johnston
Stephen Harper
'
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
9,984,670 km² ()
8.92%
Daonra
 • Meas. ó 2012
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
34,801,000 (35ú)
33,476,688
3.41/km² (185)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$1,050,463 billiún (11ú)
$34,444 ()
Airgeadra Dollar $ (CAD)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC-3.5 go -8)
(UTC-2.5 go -7)
Fearann Idirlín .ca
Glaochód +1

Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada (Béarla: Canada ), idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is ríocht dhaonlathach é Ceanada, a bunaíodh sa bhliain 1867 mar chónaidhm in Impireacht na Breataine. Tá thart ar 34 milliún duine ina gcónaí i gCeanada. Is iad Torontó agus Montréal na cathracha is mó, ach is é Ottawa príomhchathair na tíre. Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla.

Clár ábhair

[athraigh] Cúigí agus Dúiche

Tá 10 gcúige i gCeanada:

Tá 3 dhúiche i gCeanada:

[athraigh] Tíreolaíocht

Is mór an tír í, le 9,984,670 km². Tá teorainn aici le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceanada an dara tír is mó ar domhan.

[athraigh] Geilleagar

Tá an 11ú geilleagar is mó ar domhan ag Ceanada agus timpeall ar SAM$1.74 trilliún d'OTI ainmniúil ann. Tá trí ceathrú den gheilleagar san earnáil seirbhísí agus ceathrú eile san earnáil phríomhúil—ola agus lománaíocht, go príomha.

[athraigh] Stair

Athdhéanamh ar theach fada fóid Lochlannach ag L'Anse Aux Meadows

Tá na Meiriceánaigh Dhúchasacha ina gcónaí i gCeanada le breis is 10,000 bliain. Tháinig na Lochlannaigh agus chuir siad fúthu ag L'Anse aux Meadows i dTalamh an Éisc thart ar 1000 AD. Tháinig maraithe Bascacha agus Portaingéalacha go luath san 15ú haois agus chuir siad lonnaíochtaí iascaigh sealadacha ar bun. Chuir na Sasanaigh ruaig orthu seo ó thailte saibhre éisc na tíre go luath sa 16ú haois agus chuir siad coilíneachtaí ar Thalamh an Éisc. Cupids agus Ferryland na céad chinn (1610). Tháinig na Francaigh go Ceanada sa bhliain 1534, agus thosaigh siad ina gcónaí den chéad uair i bPort Royal san Albain Nua, sa bhliain 1605. "Acadian" is ainm do na daoine seo. Samuel de Champlain ab ea "Athair na Nua-Fhraince". Lean sé ar aghaidh chun Québec a thógáil freisin, an phríomhchathair an stáit nua.

"Nua-Fhrainc" i 1703, an stát ba mhó i Meiriceá Thuaidh san am

Sa bhliain 1763, tháinig na Sasanaigh go dtí mór-roinn Cheanada. Nuair a chríochnaigh Cogadh na Seacht mBliana, fuair an Bhreatain an chuid is mó de choilíneacht na Fraince i Meiriceá Thuaidh. Thosaigh Ceanada mar thiarnas feidearálach le ceithre chúige ar 1 Iúil 1867. Diaidh ar ndiaidh, fuair Ceanada críocha agus cúigí eile, chomh maith le tuilleadh féinrialais. Talamh an Éisc an cúige deireanach sa chónaidhm sa bhliain 1949. Tír neamhspleách é Ceanada anois.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile