Fredericton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilFredericton

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAn Prionsa Frederick, Diúc Eabhrac agus Albany Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 45°57′00″N 66°40′00″W / 45.95°N 66.666666666667°W / 45.95; -66.666666666667
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaNew Brunswick Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán63,116 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús482.98 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla130,680,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Saint John Cuir in eagar ar Wikidata
Airde20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Hanwell (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Acadaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1785
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinfredericton.ca… Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathair New Brunswick, cúige de chuid Cheanada, is ea Fredericton. Le cois rialtas an chúige, tá dhá ollscoil i bhFredericton, móide roinnt foras cultúir a leithéidí an Gailearaí Ealaíne Beaverbrook, Músaem York Sunbury agus The Playhouse, a dhéanann freastal ar lucht na n-ealaíon léirithe. Bíonn féile cheoil bhliantúil ann, mar atá an Harvest Jass & Blues Festival, agus tá ráth ar cheoltóirí indie rock ann.

Tá Fredericton suite i lár thiar theas New Brunswick, ar an Abhainn St. John. Tá an rannóg phoiblí tábhachtach i ngeilleagar na cathrach mar gheall ar a stádas mar phríomhchathair an chúige ach tá an rannóg trádálach agus teicneolaíocht faisnéise láidir chomh maith. De réir an daonáirimh sa bhliain 2021, bhí 63,166 duine ina gcónaí i bhFredericton féin agus 108,610 i mórcheantar na cathrach. Is é Fredericton an tríú cathair is mó sa chúige: tá Saint John agus Moncton níos mó ná é.

Bhí Indiaigh de na treibheanna Mi’kmaq agus Maliseet ina gcónaí sa réigiún sular tháinig na hEorpaigh go dtí an áit. Bhí sórt príomhbhaile ag na bundúchasaigh seo cúpla míle slí níos faide thuas an Abhainn St. John, baile beag ar ar tugadh Aucpaque. Lonnaigh Acadaigh san áit freisin sna 1730idí ach chuir na Briotanaigh a sráidbhaile le tine sa bhliain 1762. Chuir Dílseoirí fúthu sa bhliain 1783 agus iad ar teitheadh ón Réabhlóid Mheiriceánach. Fuair cuid acu bás mar bhí geimhreadh na bliana úd thar a bheith fuar. Rinneadh cathair den bhaile sa bhliain 1785 leis an ainm Fredericton.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 75.6% Béarla amháin
  • 23.6% Dátheangach (Fraincis agus Béarla)
  • 0.5% Fraincis amháin

Nasc Seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]