Nunavut

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nunavut
ᓄᓇᕗᑦ
— Cúigí agus críocha Cheanada —
Bratach Nunavut
Bratach
Mana: Nunavut Sannginivut (Ár dTír, ár neart)
Suíomh Nunavut
Tír Ceanada
Príomhchathair Iqaluit
Teangacha oifigiúla Inuktitut, Béarla
Rialtas
 • Coimisinéir
 • Príomh-aire

Edna Elias
Eva Aariak
Rialtas feidearálach
 • Sa Teach
 • Sa Seanad
i Rialtas Cheanada
1 (Leona Aglukkaq)
1 (Dennis Patterson)
Achar
 • San iomlán
 
2,093,190 km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 
32,900
0.015/km²
Láithreán Suíomh gréasáin

Is é Nunavut an chríoch is mó i gCeanada. Bunaíodh an chríoch sa bhliain 1999 de réir scartha ó Chríocha an Iarthuaiscirt. Is é Iqaluit ar Oileán Baffin an príomhbhaile.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Clúdaíonn Nunavut 1,932,255 km² (746,048 míle cearnach) de talún agus 160,935 km² (62,137 míle cearnach) de uisce i dTuaisceart gCeanada. Sa chríoch tá chuid den mhórthír, an chuid is mó de na oileánra Artach, agus gach ceann de na hoileáin i Hudson Bay, James Bay, agus Ungava Bay (comh maith le na nOileán Belcher) a bhain leis na Críocha an Iarthuaiscirt roimh an scoilt . Dá mbeadh Nunavut ina thír, bheadh sé an 15ú tír is mó ar dhomhain. Tá theorainn chríche aige le na Críocha an Iarthuaiscirt ar oileáin éagsúla chomh maith leis an mórthír, Manitoba ó dheas ar mhórthír Nunavut, Saskatchewan ar an dtaobh thiar theas agus tá teorainn talún bheag le Talamh an Éisc agus Labradar ar Oileán Killiniq. Rionntar teorainneacha muirí leis na cúigí; Québec, Ontario, agus Manitoba agus leis an nGraonlainn. Is é Barbeau Peak (2,616 m (8,583 ft), ar Oileán Ellesmere, an pointe is airde i Nunavut. Is é 0.015 duine in aghaidh gach ciliméadar cearnach an dlús daonra, agus tá sé ar cheann de na cinn is ísle sa domhan. Mar chomparáid, tá thart ar an limistéar céanna ag an nGraonlainn agus tá beagnach dhá uair an daonra ann.

Cósta oirthuaisceart Oileán Beafainn

Stair[athraigh | edit source]

Sa blianta suas go dtí na 1970óidí, bhí roinnt plé ar scoilteadh na Críocha an Iarthuaiscirt i dhá chríoch ar leith chun léiriú níos fearr a dhéanamh ar an gcarachtar dhéimeagrafach a bhí ag na gcríoch. Sa bhliain 1966, mol coimisiún fiosrúcháin phoiblí ar rialtas sna Críocha Iarthuaiscirt, gan deighilt a dhéanamh ar na Críocha Iarthuaiscirt ag an am. Sa bhliain 1976, mar chuid den idirbheartaíocht a bhí ar bun idir Inuit Tapiriit Kanatami agus rialtas na cónaidhme faoi thalamh na bundúchasaí, pléadh roinnt na Críocha an Iarthuaiscirt. Ar 14 Aibreán 1982, tionóladh reifreann ar fud na Críocha Iarthuaiscirt maidir le scoilt, le tromlach na cónaitheoirí ag vótáil i bhfabhar an scoilt agus thug an rialtas cónaidhme chomhaontú coinníollach seacht mí ina dhiaidh sin. Socraíodh chomhaontú na talún i Meán Fómhair 1992 agus bhí sé daingnithe ag beagnach 85% de na vótálaithe in Nunavut. Ar 9 Iúil 1993, ritheadh an ‘’tAcht um Chomhaontú na Talún Éilimh Nunavut’’ agus an ‘’tAcht um Nunavut’’ i bParlaimint Ceanada, agus cuireadh i gcrích an scoilt ar 1 Aibreán, 1999.

Daonra[athraigh | edit source]

De réir daonáireamh 2006 bhí daonra de 29,474 ag Nunavut, le 24,640 daoine ag aithint iad féin mar Ionúiteach (83.6% den daonra iomlán), 100 mar Chéad Náisiún (0.34%), 130 Métis (0.44%) agus 4,410 mar neamh-bundúchasacha (14.96%).

Tá an ráta fáis daonra Nunavut a bhfad os cionn meáin Cheanada le blianta fada, den chuid is mó is mar gheall ar rátaí breithe atá i bhfad níos airde ná meán Cheanada. Idir Aibreán agus Iúil 2010, chonaic Nunavut an ráta fáis is airde daonra in aon chríoch nó chúige i gCeanada, ag ráta de 1.01%.

Mar sin féin, tá an ráta imirce ard i Nunavut mar gheall go bhfuil go leor daoine Ionúiteacha ó dhúchas ag fágáil an chríoch ar mhaithe le deiseanna eacnamaíocha níos fearr in áiteanna eile.

Creideamh[athraigh | edit source]

Ar an iomlán, tá 93.2% den daonra ina Chríostaí. De réir an daonáireach 2001 bhí 15,440 (58%) leis an Eaglais Anglacánach Cheanada, 6,205 (23%) leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, agus 1,175 (4%)le Pentecostal.

Teanga[athraigh | edit source]

Is iad na Teangacha Ionúiteach (Inuktitut agus Inuinnaqtun) comh maith le Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla. I dtuarascáil don Roinn Oideachais Nunavut sa bhliain 2000 (Aajiiqatigiingniq Language of Instruction Research Paper) deir Ian Martin ó Ollscoil York go bhfuil bagairt "fadtéarmach do theanga na pobail Ionúiteacha ón mBéarla a bhfuil i ngach áit, agus go bhfuil polasaithe teanga scoile reatha agus na cleachtais reatha maidir leis an teanga ag cur leis an mbagairt" má leanann scoileanna Nunavut le polasaithe na Críocha an Iarthuaiscirt. Soláthraíonn sé plean teanga a 20-bliain chun "sochaí dhátheangach a fheidhmíonn go hiomlán, i nInuktitut agus i mBéarla" faoi 2020.

As an 29,025 freagraí ar an gceist maidir le 'máthairtheanga' sa daonáirimh, agus is iad seo a leanas na teangacha is coitianta a tuairiscíodh:

1. Inuktitut 20,185 69.54%
2. Béarla 7,765 26.75%
3. Fraincis 370 1.27%
4. Inuinnaqtun 295 1.02%

I ndaonáireamh 2006 tuairiscíodh go raibh 2,305 duine (7.86%) ina gcónaí in Nunavut gan aon eolas acu ar cheachtar de na teangacha oifigiúla Cheanada (Béarla nó Fraincis).

Geilleagar[athraigh | edit source]

Ba C$2.198 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Nunavut sa bhliain 2012.[1]

Plátaí Clárúcháin[athraigh | edit source]

Pláta Clárúcháin Nunavut

Tá clú agus cáil ar plátaí clárúcháin Nunavut ar fud an domhain mar gheall ar an gcruth atá orthu, múnlaithe ar nós béar bán. Bhí an cruth seo in úsáid ag na Críocha Iarthuaiscirt ó na 1970óidí agus nuair a bhunaíodh Nunavut sa bhliain 1999 lean siad leis an dearadh uathúil. Tá sé in úsáid ó shin.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. [1] Statistics Canada arna rochtain ar 14 Mí na Samhna 2013
Cúigí agus Críocha Cheanada
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec
New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar
Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut
Bratach an Cheanada