Alberta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Alberta.

Is cúige iartharach de chuid Cheanada í Alberta, tá sí mar chúige ó 1 Meán Fómhair, 1905.

Tá Alberta suite in iarthar Cheanada, tá An Cholóim Bhriotanach ó thiar agus Saskatchewan ó thoir, Northwest Territories ó thuaidh, agus Montana, sna Stáit Aontaithe ó dheas.

Is í Edmonton príomhchathair an chúige, suite sa lár (agus ó dheas). Solathraíonn Edmonton ola agus acmhainní eile an tuiscirt. Cathair an-tábhachtach is ea Calgary maidir leis an iompar, trádáil agus tráchtáil. De réir tomhais daonra tá daonra na cathrach seo níos mó ná 1 miliúin daoine, le beagán níos mó ag Calgary. I measc na chathair thábhachtacha eile tá Red Deer, Lethbridge, Medicine Hat, Fort McMurray, Grande Prairie, Camrose, Lloydminster, Wetaskiwin, Banff, agus Jasper.

Ó 14 Nollaig, 2006, is é Ed Stelmach, Coimeádaí Forchéimnitheach, príomh-aire an chúige.

Tá Alberta ainmnithe in ómós don bhanphrionsa "Louise Caroline Alberta" (18481939), ceathrú hiníon Victoria. Bean chéile Marquess Lorne, Seanascal Cheanada ó 1878 go 1883, ab ea í. Tá Loch Louise, sráidbhaile Caroline, agus sliabh Alberta ainmnithe in ómós di freisin.

Cúigí agus Críocha Cheanada
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec
New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar
Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut
Bratach an Cheanada

Do chuid uirlisí