Críocha an Iarthuaiscirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Críocha an Iarthuaiscirt
les Territoiries du Nord-Ouest
Northwest Territories
— Cúigí agus críocha Cheanada —
Bratach Armas
Bratach Armas
Mana: Níl mana oifigiúil ann
Suíomh
Tír Ceanada
Príomhchathair Yellowknife
Teangacha oifigiúla Inuktitut, Béarla, Fraincis, Chipewyan, Cree, Gwich’in, Inuinnaqtun, Inuvialuktun, North Slavey, South Slavey, Tłįchǫ
Rialtas
 • Coimisinéir
 • Príomh-aire

George Tuccaro
Bob McLeod
Rialtas feidearálach
 • Sa Teach
 • Sa Seanad
i Rialtas Cheanada
1
1
Achar
 • San iomlán
 
1,346,106 km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 
43,529
0.037/km²
Láithreán Suíomh gréasáin

Is críoch chónaidhme de chuid Cheanada é Críocha an Iarthuaiscirt (Fraincis: les Territoires du Nord-Ouest, Béarla: Northwest Territories).

Geograife[athraigh | edit source]

Tá Críocha an Iarthuaiscirt suite i dtuaisceart Cheanada, ag críochántacht leis an dá chríoch Cheanadacha eile: an Yukon ar an dtaobh thiar agus Nunavut ar an taobh thoir, agus le trí chúige: le An Cholóim Bhriotanach ar an dtaobh thiar theas, agus le hAlberta agus Saskatchewan ó dheas.

Sléibhte Richardson agus Mórbhealach Dempster i gCríocha an Iarthuaiscirt

Is í an Abhainn Mackenzie an abhainn is faide i gCeanada. Téann sí ó thuaidh agus isteach san Aigéan Artach. Tá cúrsa na habhann ina iomlán taobh istigh de Chríocha an Iarthuaiscirt, cé go n-éiríonn cuid dá chraobhaibhneacha i Yukon nó sna cúigí ó dheas. Tá Great Bear Lake agus Great Slave Lake sa chríoch chomh maith. Is é Great Bear Lake an loch is mó atá go hiomlán taobh istigh Cheanada. Is é Great Slave Lake an loch is doimhne (614 méadar nó 2,014 troighe ar doimhneacht) sa tír. Sliabh Nirvana an sliabh is airde (2,773m nó 9,098 tr ar airde), agus é suite ar theorainn Yukon.

Bíonn aeráid fho-artach sa chuid is mó de Chríocha an Iarthuaiscirt. Aeráid artach nó pholach a bhíonn ar an gcósta thuaidh agus sna hOileáin Artacha. Is iad na príomhoileáin ná Oileán Banks, Oileán Borden, Oileán Prince Patrick, agus codanna d'Oileán Victoria agus Oileán Melville.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí pobail Ionúiteacha agus Indiacha ina gcónaí ar feadh roinnt mílte bliana san áit ina bhfuil Críoch an Iarthuaiscirt anois agus ní hionann lena lán áiteanna eile i gCeanada fanann siad in a dtromlach, má's ar éigin, sa lá inniu. Tá áit thábhachtach acu i saol na críche i gcónaí.

Tháinig na chéad Eorpaigh go dtí Críocha an Iarthuaiscirt sna 1570idí (Martin Frobisher) agus sa bhliain 1610 (Henry Hudson). Má's ar éigin a leag siad a gcos ar bhruach thiar Bhá Hudson, áfach, thaispeáin siad an bealach siar agus ó thuaidh dona lán daoine eile, idir thaiscéalaithe, ghaisteoirí, agus thrádálaithe. Sa bhliain 1670, thug an Rí Séarlas II cairt don Hudson's Bay Company (BC) ar na limistéirí timpeall bhruacha Bhá Hudson, thiar agus thoir. An chéad Eorpach a thaiscéal an chuid sin den tír a bheadh taobh istigh de theorainneacha Chríoch an Iarthuaiscirt inniu, b’shin Samuel Herne. Sa bhliain 1770, agus é fostaithe ag an HBC, thug sé a aghaidh ar na bólaí ó thuaidh ag tosnú ag Churchill (in Manitoba an lá inniu). Shroich sé béal na Abhann Coppermine sa bhliain ina dhiaidh sin; thaiscéal sé an tír timpeall Great Slave Lake ar a bhealach ar ais. Sa bhliain 1789, lean taiscéalaí Albanach darbh ainm Alexander Mackenzie abhainn a thugtar an Mackenzie uirthi inniu ó thuaidh go dtí an tAigéan Artach. Tháinig na trádálaithe fionnaidh ar a shála, agus mar thoradh air sin fuair breis is leath de na daoine bundúchasacha bás le galair an tseandomhain.[1]

Wekweeti, baile beag i gCríocha an Iarthuaiscirt

Bhí an chríoch faoi ainm is a bheith faoi smacht an Hudson’s Bay Company go dtí an bhliain 1870, nuair a ghlac rialtas Thiarnas Cheanada seilbh ar na críocha úd agus cuireadh Críocha an Iarthuaiscirt orthu. Limistéar an-mhór a bhí i gceist, ó na Sléibhte Creagacha soir go dtí Leithnis Labradar san oirthear agus ó dheas in áiteanna go dtí teorainn na Stát Aontaithe. Sa bhliain 1880, cuireadh na hOileáin Artacha san áireamh freisin. Baineadh de limistéar na críche roinnt uaireanta freisin, go mór mhór nuair a cuireadh na cúigí nua ar bun ar na machairí ó dheas. Idir na blianta 1925 agus 1999, bhí 3,439,296 km2 (1,327,920 míle cearnacha) d'achar ann – níos mó ná achar India. Ar 1 d'Aibreán 1999, scaradh na trí chúigú is faide soir den chríoch agus rinneadh críoch nua, Nunavut, de.

Thiar sa bhliain 1877, rinne rialtas Chríocha an Iarthuaiscirt teanga oifigiúil den Fhraincis in éineacht leis an mBéarla, cé nach raibh cainteoirí Fraincise líonmhar ariamh ann. Chuir sé sin tús le díospóireacht a d'éirigh searbh uaireanta agus sa bhliain 1892 baineadh an stádas oifigiúil den Fhraincis. Sna 1980idí luatha, chuir rialtas feidearálach Cheanada brú ar pharlaimint na críche an Fhraincis a dhéanamh oifigiúil arís, agus thosaigh na seanargóintí arís. Bhí an bua ag an rialtas náisiúnta an uair seo. D'éiligh lucht na Chéad Náisiún (.i., na bundúchasaigh), áfach, na cearta céanna dona dteangacha féin, rud a fuair siad. Tá 11 teanga oifigiúil i gCríocha an Iarthuaiscirt inniu, mar atá Béarla, Chipewyan, Cree, Dogrib (Tłįchǫ), Fraincis, Gwich'in, Inuinnaqtun, Inuktitut, Inuvialuktun, Slavey Thuaidh, agus Slavey Theas.

Sneachta á bhaint de phríomhshráid Yellowknife

Tógadh aerpháirceanna chomh maith le calafoirt ar an Abhainn McKenzie mar chuid den iarracht le iarthuaisceart na mór-roinne a chosaint ó na Seapánaigh sa Dara Cogadh Domhanda agus ghlac an rialtas Ceanadach freagracht as baint an raidiam agus úráiniam. Níor tháinig aon laghdú ar thábhacht straitéiseach na Chríocha an Iarthuaiscirt i ndiaidh an bhua ar na Seapánaigh mar tháinig an Cogadh Fuar ina áit. Rinneadh baint na n-acmainní nádúrtha a fhorbairt go mór ó na 1950idí go dtí an lá inniu.

Sna 1950idí freisin shocraigh rialtas Cheanada ar na Bundúchasaigh a chur óna dtailte agus a stíleanna beatha traidisiúnta. Cuireadh scéimeanna títhíochta, sláinte, oideachais, srl. ar siúl ach ba bheag an obair a bhí ar fáil dóibh agus an ba mhór an t-athrú óna a seansaol. Chuir sé sin isteach go mór ar na Bundúchasaigh ar bhealach pearsanta, cultúrtha, eacnamaíoch agus eile.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Ar na hacmhainní nádúrtha i gCríocha an Iarthuaiscirt tá ór, diamaint, peitriliam agus gás nádúrtha. Tá beagnach 20 mianach móra á saothrú. Tairiscítear na diamaint mar mhalairt ar dhiamaint fhola, nó diamaint choibhlinte, na hAfraice.

Ba C$4.675 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Críocha an Iarthuaiscirt sa bhliain 2012.[2] Tá C$76,000 an duine de OTI sna críocha, an teacht isteach per capita is airde de chúige nó chríoch ar bith i gCeanada.

Mianach diamant Diavik

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. ”Northwest Territories” Worldbook Encyclopedia (2014) iml. 14, lch 533.
  2. [1] Statistics Canada arna rochtain ar 15 Mí na Samhna 2013

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]


Cúigí agus Críocha Cheanada
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec
New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar
Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut
Bratach an Cheanada