Peitriliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peitriliam i mbuidéal

Ola amh de bhunús bitheolaíoch a fhaightear mar dheascáin charntha faoi charraig dho-phollta. Leachtach de ghnáth, ach is féidir go mbeidh sé an-éadrom is inghluaiste nó an-slaodach. Go minic bíonn sé i láthair le huisce is gás. Is iad na príomhchomhábhair ná hidreacarbóin éagsúla, ach uaireanta bíonn comhdhúile sulfair, nítrigine is ocsaigine ann freisin. Go dtí seo fuarthas é sna Stáit Aontaithe, poblachtaí áirithe den sean-Aontas Sóivéadach, an meánoirthear, an Afraic thuaidh is thiar, Veiniséala, agus an Mhuir Thuaidh.