Úráiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úráiniam
Siombail Cheimiceach U
Uimhir Adamhach 92
Meáchan Adamhach 238.02891(3) g·mol-1
Grúpa, Peiriad n/a, 7, f
Dlús 19.1 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Achtainídí
U-TableImage.png

Is é an t-úráiniam dúil uimhir a 92, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná U. Miotal geal insínte é nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha aige. Tá úráiniam an dúlra comhdhéanta as ceithre iseatóp, mar atá, 238U (99.284 %), 235U (0.711 %), 234U (0.0054 %) agus 236U (iarsmaí beaga). Tá na hiseatóip seo go léir fadsaolach, nó is é úráiniam a 234 an ceann is giorra leathré - timpeall ar aon cheathrú milliún bliain. Maidir leis na hiseatóip eile, bíonn an meath ag teacht orthu siúd i bhfad níos maille fós, nó tá siad go léir na milliúin bliain ar leathré. Is é úráiniam a 238 an ceann is fadsaolaí acu go léir, nó tá sé ceithre mhórmhilliún bliain ar leathré.

Is é úráiniam a 235 an ceann is féidir a úsáid sna buamaí adamhacha agus sna himoibritheoirí núicléacha, nó is iseatóp ineamhnaithe é - go praiticiúil, is é an t-aon núiclíd ineamhnaithe a bhfuil teacht uirthi sa dúlra. Maidir leis an gcineál meath radaighníomhach a thagann ar an úráiniam, is é an t-alfa-mheath é, de ghnáth, agus is rud tipiciúil é ag núiclídí troma cosúil le hiseatóip an úráiniam.

Pléasc an bhuama adamhaigh in Hiroshima

Ba é an ceimiceoir Gearmánach Martin Heinrich Klaproth a d'aithin an t-úráiniam agus a d'ainmnigh é sa bhliain 1789. An púdar dubh a d'aonraigh Klaproth, níorbh é an t-úráiniam féin é, mar a shíl sé, ach ocsaíd an úráiniam. Ba é Eugène-Melchior Péligot a rinne an chéad eiseamal den mhiotal féin, sa bhliain 1841.Níor tuigeadh radaighníomhaíocht an úráiniam roimh dheireadh na naoú haoise déag, nuair a d'aithin an t-eolaí Francach Henri Becquerel go raibh an úráinildéshulfáit potaisiam K2UO2(SO4)2 in ann "smúit" a fhágáil ar pláta neamhnochta grianghrafadóireachta. Is é an tátal a bhain sé as an scéal go raibh gathanna dofheicthe ag teacht as an úráiniam agus go raibh na gathanna seo ag oibriú ar an bpláta mar a bheadh solas iontu.

Is é an ochtocsaíd trí-úráiniam, U3O8, an chomhdhúil is tábhachtaí agus is cobhsaí dá bhfuil ag an úráiniam. Is ionann í agus an phicbhleind. Ocsaíd thábhachtach eile í an dé-ocsaíd, UO2. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an úráiniam, ach is iad +IV agus + VI na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta. Ian tábhachtach é an t-ian úráinile UO22+. San ian seo, is é an staid ocsaídiúcháin atá ag an úráiniam ná +VI, agus téann an t-ian i gcomhdhúile le hainiain na n-aigéad: samplaí iad an chlóiríd úráinile UO2Cl2 agus an tsulfáit úráinile UO2SO4.