Ór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachÓr

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, ábhar miotalach, ailléirgin agus precious metal (en) Aistrigh
Ór sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAu
Uimhir adamhach79
Mais adamhach196.96657
Peiriad, Grúpapeiread 6
Dúil Ghrúpa 11
Airíonna fisiceacha
Dathór
Dlús19.32 kg/m⁻³
Leáphointe1,064.18
Fiuchphointe2,940 agus 5,378
Leictridhiúltacht2.54
Ga ianach1.37, 0.64 agus 0.85
Stair
Aimsitheoirluach anaithnid
Fionnachtain6 mílaois "RCh"

Is éard is ór ann ná an naoú dúil cheimiceach déag is trí scór i dtábla peiriadach na ndúl. Miotal bog buí trom insínte somhúnlaithe atá ann, agus meas mór ag na daoine air toisc é a bheith chomh gann. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Au. Miotal lómhar atá ann, agus é le fáil ina dhúil sa dúlra féin, ina chnapáin bheaga taobh istigh de chlocha. Seoltóir maith leictreachais atá ann. Sa seodra, sna boinn airgid agus san eacnamaíocht is mó a úsáidtear é, ach thairis sin, baintear leas as san fhiaclóireacht agus sa leictreonaic.

Mar is dual do na miotail lómhara, is dúil sách támh é an t-ór. Is é sin, níl sé araiciseach chun imoibriú a dhéanamh le ceimiceáin. Mar sin féin, is féidir é a thuaslagadh in imoibreáin áirithe, go háirithe san aqua regia - an t-"uisce ríoga", ós rud é go dtuaslagann sé "rí na miotal", an t-ór. Is é is aqua regia ann ná meascán as aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach. Thairis sin, is féidir leis an gclóirín, leis an bhfluairín agus le tuaslagáin chiainídeacha ór a chreimeadh.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an ór, mar atá, 197Au, agus is as an iseatóp seo atá ór an dúlra comhdhéanta. Tá an t-ór níos troime ná an luaidhe, ach níl sé chomh trom leis an bplatanam, leis an oismiam ná leis an iridiam.

Ocsaídíonn an t-aqua regia an t-ór go hian teitreaclóróráite, is é sin, AuCl4-, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar comhdhúile óracha ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na comhdhúile órúla. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidre, ar nós an fhluairín.

Níl páirt ná ról ar leith á dhéanamh ag an ór san orgánach daonna. Nimh atá san ian óir Au3+, ach ní chuirfidh an t-ór miotalach isteach ná amach ar an duine má shlogtar síos é, nó ní féidir leis na himoibreáin i gcolainn an duine an miotal a ocsaídiú go hiain nimhiúla. Mar sin, is féidir, abair, deochanna alcólacha nó cácaí a mhaisiú le duilleoga tanaí óir, agus ní dhéanfaidh an miotal dochar ar bith don duine a iósfaidh nó a ólfaidh é. Scéal eile go gcuireann an t-ór ailléirge ar dhaoine áirithe, ach níl sé leath chomh dona mar ailléirgin agus a lán miotal eile, an nicil ach go háirithe.

Tréithe fisiceacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Uimhir adamhach: 79
  • Sraith cheimiceach: Na miotail thrasdultacha
  • Grúpa, peiriad, bloc: 11, 6, d
  • Cosúlacht: miotal buí
  • Mais adamhach: 196.966569(4) g/mol
  • Cumraíocht leictreonach: [Xe] 4f14 5d10 6s1
  • Leictreoin de réir an scealla: 2, 8, 18, 32, 18, 1
  • Pas: soladach
  • Dlús le teocht an tseomra: 19.3 g·cm−3
  • Leáphointe: 1337.33 K, 1064.18 °C
  • Fiuchphointe: 3129 K, 2856 °C

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]