Aigéad hidreaclórach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aigéad hidreaclórach
Hydrogen-chloride-3D-vdW-labelled.png H Cl.PNG
Ainm IUPAC Hydrochloric acid
Aitheantóirí
Uimhir CAS 7647-01-0
Airíonna
Foirmle mhóilíneach HCl in uisce (H2O)
Mais mhóilíneach 36.46 g/mol (HCl)
Dlús 1.18g/cm3
Intuaslagthacht Inmheasctha
Leáphointe −27.32 °C (247 K)
38% tuaslagán
Fiuchphointe 110 °C (383 K),
20.2% tuaslagán;
48 °C (321 K),
38% tuaslagán
pKa −8.0
Slaodacht 1.9 mPa·s ag 25 °C,
31.5% tuaslagán
Guaiseacha
Aicmiú AE Creimneach (C)
NFPA 704 Nfpa h3.pngNfpa f0.pngNfpa r1.png
Comhdhúile gaolmhara
Aigéid gaolmhara Aigéad hidreabrómach, Aigéad hidreafluarach, srl

Is éard atá i gceist leis an aigéad hidreaclórach ná tuaslagán uisce na clóiríde hidrigine (HCl). Aigéad láidir atá ann. Tá sé le fáil go nádúrtha i súlach gastrach an duine. Imoibreán tábhachtach atá ann a úsáidtear go fairsing sa tionsclaíocht agus sna saotharlanna. Tá sé an-chreimneach, agus ní mór é a láimhseáil go cúramach.

Tugtar clóirídí ar shalainn an aigéid hidreaclóraigh. An chuid is mó acu, bíonn siad sothuaslagtha san uisce, ach tá an chlóiríd airgid, AgCl, dothuaslagtha go hiomlán. Sin é an fáth go n-úsáidtear an níotráit airgid, AgNO3, mar imoibreán leis na hiain chlóiríde a aithint sa tuaslagán. Is é an chlóiríd sóidiam, NaCl - an gnáthshalann - an ceann is tábhachtaí de shalainn an aigéid hidreaclóraigh.