Dath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pinn daite

Baineann an dath a airíonn an tsúil leis an meascán de thonnfhaid solais a thagann isteach sa tsúil. Is féidir aon dath a chumadh as meascán éigin de na 3 phríomhdhath: gorm, glas is dearg.

Tagann dathanna chun cinn ar dhá shlí: nuair a tharchuireann foinse éigin solas infheicthe, agus nuair a shoilsítear réad éigin a bhfuil lí air. De ghnáth bíonn raon tonnfhad sa solas a thagann ó fhoinse ar bith. Spreagann na tonnfhaid sin na néarchinn chuí sa reitine, suimíonn an inchinn na comharthaí néarógacha, agus airítear an meascán mar dhath amháin. Tugtar meascán dathanna trí shuimiú ar an tslí seo.

Chun an suimiú a chur i gcrích go coitianta, roghnaítear 3 dhath —gorm, glas is dearg — agus tugtar dathanna príomhúla orthu. Aon dath eile, is dath tánaisteach é agus is féidir é a chruthú le meascadh éigin de na dathanna príomhúla. Is áisiúil tríantán suimithe na ndathanna chun toradh na meascán éagsúil a réamhinsint. I meascán ar bith mar seo, ní mór an méid de gach dath a stiúradh chun toradh cruinn a aimsiú.

Mar sin, nuair a shuimítear 50% de dhearg agus 50% de ghlas, tagann dath buí as. Nuair a mheasctar an sáithiú céanna de ghorm agus glas, dath cian a thagann as. Nuair a shuimítear gorm agus dearg, is maigeanta a thagann as. Nuair a mheasctar an sáithiú céanna de dhearg, glas is gorm, dath bán a bhíonn mar thoradh air. Is léir ón tríantán gurb ionann an meascán seo is gorm le buí, nó glas le maigeanta nó dearg le cian.

Aon dá dhath a shuimítear le chéile chun an dath bán a chruthú, tugtar dathanna comhlántacha orthu. Nuair a bhíonn lí ar dhromchla is a thiteann solas air, ionsúnn an lí raon éigin tonnfhad agus frithchaitheann sí na tonnfhaid eile. Is iad na tonnfhaid fhrithchaite a bhraitheann na súile. Dealaíonn an lí dathanna áirithe ón mbunsolas, agus ní fheiceann na súile ach na dathanna a bhíonn fágtha.

Is ar an mbealach céanna a fheidhmíonn scagaire datha: dealaíonn sé dathanna áirithe agus fagann dathanna eile chun iad a thaispeáint do na súile. Más bán an solas a théann isteach i scagaire do dhath príomhúil amháin, dealaíonn an scagaire an dath comhlántach agus fágann an dath príomhúil ar leith sa léas solais. Má chuirtear dhá scagaire i ndiaidh a chéile sa léas solais bháin, ní fhágtar sa léas ina dhiaidh ach an dath a bhíonn comhlántach le dhá dhath na scagairí. Má mheasctar dhá phéint, ceann dearg is ceann gorm, dealaítear níos mó dathanna ón mbán ná mar a dhéanann ceachtar acu ina aonar. Is é an dath a fheictear ná dath corcra. Léirítear an feidhmiú seo le tríantán dealaithe na ndathanna. Nuair a mheasctar lí dhearg agus lí bhuí, is dath flannbhuí an toradh. Nuair a mheasctar gorm agus buí, dath glas a thagann as, agus nuair a mheasctar dearg, buí is gorm, faightear dubh. Tugtar meascán dealaithe na ndathanna ar an bpróiseas seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 199.