Scagaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáidtear an téarma i 3 chás ar a laghad: meicniúil, leictreach/leictreonach, agus optúil. Is gléas chun páirteagail mhíne sholadacha a bhaint as meascán é scagaire meicniúil. Le hábhar éigin fite nó feiltithe cosúil le páipéar nó fabraic a dhéantar seo. Ní hionann é is criathar, a bhaineann páirteagail gharbha amach le mogall sreinge nó miotal pollta. Cosúil leis an gcás meicniúil, ciorcad chun tonnfhaid ar leith a scaradh ó chéile nó a bhaint as chomhartha is ea scagaire leictreach nó leictreonach. Is ábhar trédhearcach a athraíonn an meascán tonnfhaid solais a théann tríd scagaire optúil. Úsáidtear é i gcórais optúla, ceamaraí, micreascóip is a leithéid chun déine an tsolais a laghdú, dathanna sa radharc a athrú, is a lán eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scagaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.