Reitine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is reitine veirteabrach ann (Laidin: rēte, leis an mbrí 'líon') ná an fíochán solasmhothálach a bhíonn suite ar an dromchla taobh istigh den tsúil. Cruthaíonn optaic na súile íomhá den domhan-amhairc ar an reitine, a fhónann, ar bhealach, cosúil leis an scannán i gceamara. Cuireann an solas a bhualann ar an reitine tús le teagmhais cascáideacha ceimiceacha agus leictreacha, agus sa deireadh thiar, spreagtar néar-rígí. Seoltar iad seo chuig ionaid amhairc éagsúla na hinchinne, trí snáithíní na néaróige optaí.

I bhforbairt shuthach na verteabra, thionscain an reitine agus an néaróg optac mar fhiafháis den inchinn i mbéal forbartha, mar sin, meastar an reitine mar chuid de lárchóras na néaróg (LCN) agus is fíochán iarbhír na hintinne í . Is í an t-aon fíochán amháin de chuid an LCN gur féidir a fheiceáil go neamhionrach.

Struchtúr srathaithe is ea an reitine, le roinnt sraitheanna de néaróin idirnasctha ag sionapsaí. Is iad fótaghabhdóirí na gceall amháin, go díreach, a bhíonn solasmhothálach. Den chuid is mó, bíonn dhá chineál ann díobh: na slata agus na cóin. Oibríonn na slata go príomha i soilse maolaithe agus soláthraíonn siad radharc dubh-agus-bán, agus tacaíonn na cóin le hinniúlacht an radhairc, le linn an lae agus le haireachtáil na ndathanna. Is é an gainglínchill solasmhothálach, an tríú cineál agus an gabhdóir is annamh. Bíonn tábhachtacht leis le haghaidh freagartha fhrithluailí ar sholas an lae ghil.

Próiseálann néaróin eile na reitine na comharthaí néaracha a fhaightear ó na slata agus na cóin. Bíonn an t-aschur i bhfoirm poitéinseal gníomhaithe sna gainglínchealla reitineacha. a bhfuil a néaróg optach comhdhéanta as acsóin na ngainglíncheall. Is féidir le roinnt gnéithe tábhachtacha den aireachtáil amhairc a rianú chuig ionchódú reitineach agus próiseáil an tsolais.