Lionsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eilimint optúil thrédhearcach le dhá dhromchla athraonta, ceann acu ar a laghad cuartha. Is féidir le dhá gha chomhthreomhara solais tríd an lionsa inréimniú le fócasú ag pointe, nó eisréimniú, ag brath ar chruth an lionsa. Sainítear lionsa lena fhad fócasach (an fad uaidh a mbeidh íomhá frithne atá i bhfad amach uaidh is í fócasaithe chomh glan agus is féidir) agus lena chró. Is í an f-uimhir cóimheas thrastomhas an chró is an fhaid fhócasaigh. Úsáidtear lionsaí go forleathan in ionstraimí optúla, déshúiligh, teilgeoirí is ceamaraí, agus de ghnáth is as gloine a dhéantar iad, uaireanta as plaisteach.