Inchinn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
In ainmhithe, 'sí an inchinn ionad riartha an chórais lárnaigh néaróige, a chúisíonn iompair. Tá an inchinn lonnaithe sa cheann, cosanta ag blaosc an chinn, agus i ngiorracht do threalamh príomhúil céadfach; radharc, éisteacht, cothromaíocht, blas agus boladh. Tá inchinn ag na veirteabraigh ar fad, agus ta inchinn lárnaithe ag formhór na n-inveirteabrach. Tig leis an inchinn a bheith an-chasta. Mar shampla, tá thart ar 23 billiún néarón san inchinn dhaonna, agus gach ceann acu sin ceangailte le suas le 10,000 néarón eile.

