Faireog phiotútach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
FaireogPhiotútach&Phinéalach.jpg

Is faireog inchríneach í an fhaireog phiotútach, nó Hipifis, agus a meánmhéide cosúil leis an phís agus a meáchan 0.5g. Gobann sí amach ó bhun an hipeatalamais, ag bun na hinchinne, agus luíonn sí ins an 'sella turcica', cuas cnámhach beag atá clúdaithe ag an 'diaphragma sellae' nó an scairt dhiallaite. Bíonn an fosa piotútach , ina fhaightear an fhearóg phiotútach, suite sa chnámh shféanóideach i lár an fhosa chráiniaigh ag bun na hinchinne.