Inteachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid dhaite i súil an veirteabraigh, spiara teimhneach a rialaíonn cró ciorclach na súile. Eipitéiliam daite agus snáithíní matán míne eagraithe go ciorclach gathach atá ann. Nuair a chrapann na matáin seo faoi rialú uathchóras na néaróg, athraíonn cró na súile, á laghdú nuair a bhíonn lonracht ard solais sa radharc, agus á mhéadú nuair a bhíonn an lonracht íseal.