An tSínis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

(Athsheolta ó Sínis)
Sínis (汉语/漢語 Hànyǔ, 中文 Zhōngwén)
Á labhairt: Daon-Phoblacht na Síne (DPS), Hong Cong, Macau, an Téaváin (PS), An Mhalaeisia, Singeapór
Réigiún: Oirthear na hÁise
Cainteoirí san Iomlán: 1.3 billiún
Rang: Sínis (iomlán) 1

Mandairínis: 1
Wu: 12
Cantainis: 18
Min: 22
Xiang: 30
Hakka: 33
Gan: 38

Líne ghinealaigh: Sínea-Tibéidis
 Sínis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Daon-Phoblacht na Síne, Hong Cong, Macau, Poblacht na Síne, Singeapór, Náisiúin Aontaithe
Foras Pleanála Teanga: Sa DPS: Coiste Náisiúnta um Rialú Teanga

Sa PS: Comhairle um Chothú na Mandairínise

Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 zh
ISO 639-2 chi (B) zho (T)
ISO 639-3 zho
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga nó grúpa teangacha í an tSínis (汉语/漢語, Pinyin: Hànyǔ; 华语/華語, Huáyǔ; or 中文, Zhōngwén). Tá leagan nó canúint éigin den teanga ó dhúchas ag duine as an gcúigear ar an domhan. Is ceann de shé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe í an tSínis. Is í an Mhandairínis an fhoirm chaighdeánach den teanga a úsáidtear i nDaon-Phoblacht na Síne, áit a bhfuil sí ina teanga oifigiúil.

Is deacair a rá cé acu teanga amháin nó cnuas iomlán teangacha atá i gceist leis an tSínis. Cé go bhfuil leagan caighdeánach den teanga ann agus é á labhairt fud fad na Síne inniu, maireann na canúintí, más canúintí iad, beo i mbéal na ndaoine sna cathracha agus faoin tuath araon.

Bíonn na canúintí an-difriúil leis an tSínis chaighdeánach ar a lán bealaí, ach is teangacha tonúla iad na canúintí seo go léir. Thairis sin, is teangacha scoite iad go léir, go bunúsach, agus níl mórán míreanna gramadúla in úsáid in aon cheann acu.

Is iad na "canúintí" móra ná:

  • an Mhandairínis. Uirthi sin atá an teanga chaighdeánach bunaithe. Labhraítear leaganacha den Mhandairínis ar fud thuaisceart na Síne, agus is féidir difríochtaí suntasacha a aithint idir na fochanúintí éagsúla den Mhandairínis féin. Is í caint na príomhchathrach is bunús leis an gcaighdeán, ach is leagan saibhrithe den chanúint sin é, agus tionchar na Sínise Clasaicí le haithint air fosta.

Labhraíonn pobail bheaga Mhuslamacha i roinnt poblachtaí iar-Shóivéadacha canúint Mandairínise a dtugtar Dungáinis uirthi. Tá caighdeán dá cuid féin ag an teanga seo agus é bunaithe ar an aibítir Choireallach. Tá cuid mhaith téarmaí Rúisise measctha tríthi freisin.

  • an chanúint Wu. Seo í an chanúint a labhraítear i Shang Hai.
  • an chanúint Min. Le fírinne, ní haon chanúint amháin í, agus ba chóir a rá go bhfuil cúig theanga éagsúla ann ar a laghad: Min Nan, Min Bei, Min Dong, Min Zhong, agus Puxian Min. Bhí an-tionchar ag an gcanúint Min Nan, abair, ar an Tagálaigis, príomhtheanga na nOileán Filipíneach.
  • an Chantainis. Tá sí á labhairt ina lán pobal Síneach sa choigríoch, agus stádas réasúnta maith aici dá réir.
  • an chanúint Hakka nó Kejia. Tháinig lucht labhartha na canúna seo ó Thuaisceart na Síne anallód, nuair nach raibh an chanúint ansin cosúil le Mandairínis an lae inniu ar aon nós, agus shocraigh siad sa Deisceart. Inniu, tá na pobail Hakka scaipthe ar fud an Deiscirt, agus iad ag labhairt canúnacha seanársa. Bíonn difríochtaí móra idir na fochanúintí éagsúla, ach glactar le canúint Thuaisceart Guangdong, nó canúint Meixian, mar shórt "caighdeáin".

Clár ábhair

[athraigh] Scríbhneoireacht na Sínise

Is é an córas scríbhneoireachta an chuid is suntasaí den tSínis. Is iad na hiarsmaí is sine de scríbhneoireacht na Sínise na cnámha oracail, a bhí in úsáid i ré Rítheaghlach Shang, timpeall ar 1400-1000 RC (níl sé soiléir cén t-am go cruinn a bhí an rítheaghlach seo ann). Bhaintí úsáid as na cnámha seo le geasróga a leagan, i ndeasghnátha a bhí dírithe ar an todhchaí a thairngreacht. Na comharthaí atá le léamh ar na cnámha seo, is féidir a aithint orthu go bhfuil gaol acu le comharthaí hanzi an lae inniu, ach tá siad i bhfad níos íocónaí.

[athraigh] Stair na Sínise

[athraigh] Tionchar na Sínise ar Theangacha Eile

[athraigh] Fuaimeanna na Sínise

[athraigh] Traslitriú na Sínise

[athraigh] Gramadach na Sínise

[athraigh] Foclóir na Sínise

[athraigh] Litríocht na Sínise


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí