Hangul

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaHangul
Cineáltras-scríobh fóinéimeach, córas scríofa foghrach, featural writing system (en) Aistrigh, alphabetic writing system (en) Aistrigh, siollabra, constructed writing system (en) Aistrigh agus aibítir aoncháis
TeangachaAn Chóiréis agus Jeju (en) Aistrigh
CruthaitheoirSejong Mór
Cruthú1443
BunúsAn Chóiré
StairOrigin of hangul (en) Aistrigh
ISO 15924Hang (286)
Treo téacsclé go deas agus ingearach deas-go-clé
Raon UnicodeU+1100-11FF, U+3130-318F, U+A960-A97F, U+AC00-D7A3 agus U+D7B0-D7FF

Is é an Hangul (Cóiréis: 한글, hangeul nó hangǔl) aibítir dhúchasach na Cóiréise, agus í in iomaíocht leis an gcóras neamh-aibítreach, Hanja, a fuarthas ar iasacht ón tSín. Tá an córas Hangul bunaithe ar fhuaimniú na teanga, ach ní thugann sé aird ar chomhshamhlú na gconsan, a bhíonn coitianta sa Chóiréis labhartha. Is é an Hangul an t-aon chóras scríbhneoireachta a úsáidtear sa Chóiré Thuaidh, ach tá an dá chineál scríbhneoireachta le feiceáil sa Chóiré Theas i gcónaí.