Confúicias

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Confúicias.

Ba smaointeoir agus fealsamh sóisialta Síneach cáiliúil é Confúicias (a chiallaíonn "Máistir Kong", ach ar a dtugtar go níos minice Kongzi) (rugadh, ó thaobh an traidisiúin de, ar 28 Meán Fómhair, sa bhliain 551 RC agus a bhásaigh sa bhliain 479). D'fhág a chuid teagaisc is a fhealsamh coimeádacha rian mór ar shaol agus ar smaoineamh Oirthear na hÁise. D'aistrigh na hÍosánaigh 孔夫子 (Kǒng Fūzǐ) mar Confucius. Baintear úsáid as an bhfoirm Laidineach seo i dtíortha an Iarthair. Kǒng Qiū (孔丘) an t-ainm comónta a bhí air ("Kǒng" a shloinne agus "Qiū" a ainm pearsanta).