An Mhanchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Mhanchúir
ᡩᡝᡵᡤᡳ ᡳᠯᠠᠨ ᡤᠣᠯᠣ (mnc)
滿洲 (zh-hant)
满洲 (zh-hans)
Маньчжурия (ru)
關東 (zh-hant)
关东 (zh-hans)
關外 (zh-hant)
关外 (zh-hans)
东三省 (zh-hans)
東三省 (zh-hant)
満洲(まんしゅう) (ja) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósManchúraigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 45°N 125°E / 45°N 125°E / 45; 125

Réigiún stairiúil in Oirthuaisceart na Síne is ea an Mhanchúir, arb ionann í, a bheag nó a mhór, agus cúigí Heilongjiang, Jilin agus Liaoning i Sín an lae inniu, chomh maith leis na codanna den Rúis agus den Mhongóil atá ag críochantacht leis na cúigí Síneacha.

Fuair an réigiún a ainm ó na Manchúraigh nó Manju, cine fánaithe a raibh cónaí ansin orthu fadó.

Cath, abhainn Yalu, 1904 (Yōshū Chikanobu)
An gníomh 'sabaitéireachta' ar 18 Meán Fómhair 1931

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhair na Manchúraigh teanga Thungúsach, cosúil leis na treibheacha eile sa Mhanchúir.

Sa bhliain 1644, shealbhaigh na Manchúraigh Béising, agus bhunaigh siad Rítheaghlach Qing, an rítheaghlach deireanach a bhí ag rialú Impireacht na Síne. Rinne siad dearmad dá dteanga in imeacht na mblianta, áfach.

Inniu, is ar éigean a chloisfeá focal Manchúirise sa Mhanchúir féin, cé go n-aithníonn an stát Síneach na Manchúraigh mar dhream eitneach ar leith i gcónaí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saighdiúirí Seapánacha sa Mhanchúir, 1931
Baineadh úsáid as an tanc Rúisis seo, T-62, ar pháirc an áir In iarsmalann i mBéising inniu.

I dtús na fichiú haoise, bhí an Rúis agus an tSeapáin ag cur suime sa Mhanchúir, agus iad den tuairim gur réigiún tábhachtach straitéiseach a bhí ann. Mar sin, d'éirigh ina chogadh eatarthu sa bhliain 1904. Bhuaigh an tSeapáin an cogadh, agus b'éigean don Rúis an chuid den Mhanchúir a thabhairt ar ais don tSín a bhí forghafa aici roimhe sin.

Sa bhliain 1905, chuaigh trúpaí Seapánacha i seilbh an iarnróid a bhí ag rith tríd an Manchúir, le go mbeadh an tSeapáin in ann amhábhair a iompar ón Manchúir go dtí an Chóiré. Bunaíodh an comhlacht 'Mantetsu' in 1906 chun líne traenach nua a thógáil.[1]

An "Eachtra" Manchúrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir na 1900idí-1920idí, bhí méadú as cuimse tagtha ar gheilleagar na Seapáine. Ach bhí an tír gann ar acmhainní nádúrtha, agus sna 1930idí, bhí an dearcadh coilíneach ag dul i neart sa tSeapáin.

Ar an 18 Meán Fómhair 1931, tharla gníomh sabaitéireachta ar líne traenach 'Mantetsu' sa Mhanchúir. I ndáiríre, bhí arm na himpireachta de chuid na Seapáine taobh thiar den 'ionsaí' (pléasc thar a bheith beag, gan damáiste). Ach mhaígh an tarm go raibh caimiléireacht ar siúl ina aghaidh agus cuireadh an milleán go mioscaiseach ar na Sínigh.[2]

An lá dár gcionn, chuir an tSeapáin tús lena n-ionsaí ar an Mhanchúir.[3] Maraíodh 500 Síneach ar an chéad lá i Mukden agus theith na mílte eile.

Bhunaigh na Seapánaigh stát nua a bhí ar teaghrán acu - Manchukuo - agus chuir siad Pu Yi, iar-Impire na Síne, á rialú.

Níor tháinig an Dara Cogadh Domhanda go dtí an Mhanchúir ar dtús. Sna 1940idí, bhí conradh síochána i bhfeidhm idir an tAontas Sóivéadach agus an tSeapáin. Ach ar an 8 Lúnasa 1945, mháirseáil na trúpaí Sóivéadacha isteach sa Mhanchúir.

Cumannachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta go díreach i ndiaidh an chogaidh, bhí Arm Fuascailte Mhuintir na Síne - arm Cumannach Mao Zedong - i seilbh na Manchúire. Ón mbunáit seo a tháinig na trúpaí Cumannacha a shealbhaigh Beijing sa bhliain 1949 agus a rinne Daonphoblacht Chumannach den tSín.

Nuair a thosaigh an cairdeas idir an tSín Chumannach agus an tAontas Sóivéadach ag fuarú, áfach, d'éirigh ina chogadh eatarthu faoin teorainn sa Mhanchúir. Bhí cathanna fuilteacha timpeall Oileán Damansk (Oileán Zhenbao) ach go háirithe, sa bhliain 1969. Chiúnaigh na cathanna seo síos ina dhiaidh sin, ach ní raibh na Sínigh agus na Rúisigh in ann an t-easaontas seo a shocrú ach i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Fhuair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "South Manchuria Railway" (as en) (2021-08-25). Wikipedia. 
  2. "Mukden Incident" (as en) (2021-09-18). Wikipedia. 
  3. "Japanese invasion of Manchuria" (as en) (2021-09-14). Wikipedia.