Béising

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béising
北京市 / Běijīng
Béising

An Chathair Thoirmiscthe

Suíomh

39°54′ Thuaidh 116°24′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of the People's Republic of China.svg Daon-Phoblacht na Síne
Méara: Guo Jinlong
Déimeagrafaic
Achar: 16,801.25 km²
Daonra: 17,430,000
Airde: 43.5m
www.ebeijing.gov.cn

Is í Béising (Sínis: Běijīng Shì, 北京市) príomhchathair Dhaon-Phoblacht na Síne, agus í ar ceann de na cathracha is mó daonra ar fud an domhain. Sa bhliain 2012 bhí fiche milliún, sé chéad nócha agus trí mhíle duine (20,693,000 duine) ina gcónaí i mBéising. Níl sí ar an gcathair is mó daonra sa tír áfach, nó tá fiche agus trí mhilliún duine ina gcónaí i Shang-hai. Is í Béising an chathair is tábhachtaí sa tSín ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir de. Bardasacht í cathair Bhéising atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta. Tá ceithre cinn déag de cheantair uirbeacha nó fho-uirbeacha ann chomh maith le dhá chúige tuaithe.

Mol lárnach tráchta í Béising chomh maith, agus tá ceanncheathrúna na ngnólachtaí is mó faoi úinéireacht an Stáit suite ansin. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Bhéising ar an dara haerfort is gnóthaí sa domhan, más i líon na bpaisinéirí a thomhaistear é.

Téann stair na cathrach trí mhílaois siar. Is deacair teacht ar mhórchathair chomh fadsaolach céanna sa domhan, agus chuirfeadh teampaill, páláis, tuamaí, ballaí agus geataí stairiúla na cathrach draíocht ar aon duine.

Maidir leis an stair chomhaimseartha, ní mór an sléacht i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989 a lua. Faoi thionchar na n-imeachtaí in Oirthear na hEorpa san am chéanna, chuaigh na mic léinn amach sna sráideanna ag agóidíocht agus ag éileamh daonlathais. Sa deireadh, cuireadh tancanna agus saighdiúirí ag ceansú na n-agóideoirí, agus dealraíonn sé go bhfuair na mílte bás de thoradh na cniogbheartaíochta seo.

Sa bhliain 2008, tháinig lúithnirí an domhain le chéile i mBéising le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh a imirt.


Aeráid[athraigh | edit source]

Béising – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Meán-uasteocht an lae (°C) 1.8 5.0 11.6 20.3 26.0 30.2 30.9 29.7 25.8 19.8 10.1 3.7 17.9
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) -8.4 -5.6 0.4 7.9 13.6 18.8 22.0 20.8 14.8 7.9 0.0 -5.8 7.2
Meán-bháisteach (mm) 2.7 4.9 8.3 21.2 34.2 78.1 185.2 159.7 45.5 21.8 7.4 2.8 571.8
Foinse: