Tianjin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tianjin
天津 / Tiānjīn
Tianjin
Suíomh

39°8′ Thuaidh 117°11′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of the People's Republic of China.svg Daon-Phoblacht na Síne
Bailecheantair: 240
Méara: Huang Xingguo
Déimeagrafaic
Achar: 11,760 km²
Daonra: 12,281,600
Dlús daonra: 1,044.4/km²
Grúpaí eitneacha: Han (97%), Hui (2%), Manchu (0.6%)
www.tj.gov.cn

Is cathair agus bardasacht neamhspleách ar mhachaire oirthuaisceart na Síne í Tianjin (Sínis: 天津 ; hanyu pinyin: Tiānjīn; litriú traidisiúnta an chórais phoist: Tientsin). Tá Tianjin ar cheann de na ceithre chathair sa tír atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta agus nach cuid de chúigí iad (amhail roinnt chathracha na hÉireann, ach go bhfuil ceantracha tuaithe sách fairsinge sna bardasachtaí neamhspleácha sa tSín). Tá Bardasacht Tianjin ag críochantacht le Bardasacht Béising ar an taobh thiar-thuaidh, le Murascaill Bohai ar an taobh thoir, agus le Cúige Hebei ar gach taobh eile. Is í Tianjin an séú cathair is mó sa tír úd agus an cúigiú ceantar uirbeach is mó d’achar ann, i ndiaidh Béising, Shanghai, Guangzhou, agus Shenzhen. Tá an chathair Tianjin suite timpeall is 92 míle slí (150 km) ó dheas soir ó Bhéising. Tá calafort tábhachtach ag Tianjin ar an mBohai. Tá isteach is amach le deich milliún duine ar fad ina gcónai in Tianjin.

Tá cathair Tianjin suite ar bhruacha na Hai He, abhainn atá ceangailte le dhá abhainn mhóra na Síne, an Yangtze agus an Huang He, tríd an Chanáil Ríoga. Tá calafort Tianjin ar an mBohai, ar chuid den Mhuir Bhuí agus den Aigéan Ciúin é, achar áirithe ón gcathair féin. Bhíodh lámhaltas trádála ag roinnt tíortha eachtrannacha in Tianjin le linn an ríshleachta Qing dhéanaigh agus faoi réimeas luath an Kuomintang sa 20ú aois.

Stair[athraigh | edit source]

Thosaigh Tianjin ag forbairt mar ionad trádala mar thoradh ar oscailt na Canála Ríoga faoin Ríshliocht Sui. Zhigu, nó “Port Díreach”, an t-ainm a bhí ar an áit go dtí an bhliain 1404, nuair a chuir an t-impire Yongle an t-ainm Tianjin, nó “Ath Neimhe”, ar an áit. Tharla an t-impire ag cur cogaidh ar an nia agus iad i ngleic ar an gcoróin nuair a chuaigh an t-impire (“mac neimhe”) trasna na habhann ag ath ansin. Ní ba dhéanaí, tógadh dún ansin ar tugadh Tianjin Wei air, is é sin, Dúnfort Tianjin. Rinneadh maoracht (“prefecture” i scríbhinní Béarla faoin tSín) de Tianjin sa bhliain 1725, agus cuireadh Contae Tianjin ar bun laistigh de sa bhliain 1731.

Bhí Dara Cogadh an Óipiam faoi lánseol sa bhliain 1856 nuair a chuaigh saighdiúirí Síneacha ar bord The Arrow, long Síneach a bhí cláraithe i Hong Cong agus a raibh bratach na Breataine ar foluain aici. Ceapadh go raibh an long páirteach i smuigleáil, i bpíoráideacht, agus i dtrádáil an chodlaidín, nó óipiam. Gabhadh 12 fear ar an long agus cuireadh faoi ghlas iad. Mar fhreagra, i mBealtaine na bliana 1858, chuir na Breatnaigh agus na Francaigh báid ghunnaí faoi cheannas an Aimiréil Sir Michael Seymour le daingnithe Taku, lámh le Tianjin, a ghabháil. An mhí ina dhiaidh sin, síníodh Conarthaí Tianjin, a d’oscail Tianjin don trádáil eachtrannach.

Bhunaigh na Sasanaigh agus na Francaigh lámhaltais sa chathair, agus faoi dheireadh na haoise, bhí a lamháltais féin ag líon mór tíortha eile ann chomh maith. Tháinig na Seapánaigh, na Gearmánaigh, agus na Rúisigh ar dtús, agus sula i bhfad bhí a lonnaíochtaí féin ag an Ostair-Ungáir, ag an Iodáil, agus ag an mBeilg freisin. Bhí scoileanna, ospidéil, príosúin, agus beairicí dá gcuid féin ag gach tír acu. Faoi thús an 20ú céad, bhí 200,000 duine sa chathair, leath díobh ar a laghad sna lamháltais eachtrannacha. D’fhág na tíortha seo a rian ar chuma na cathrach, go mór mhór le hailtireacht na neaglaisí agus na mílte tithe a thóg siad inti. Blas coimhthíoch atá ar Tianjin inniu dá bharr sin.

Ar na himeachtaí ab fhoréigní sa tréimhse sin bhí Eachtra Shéipéil (nó Chreidimh) Tianjin i Meitheamh na bliana 1870. Tharla teach pobail a bheith tógtha ag misinéirí Caitliceacha ón bhFrainc sa chathair, an Wanghailou, chomh maith le dílleachtlann. Cuireadh fuadach agus síolteagasc páistí Síneacha i leith na mban rialta a bhí i mbun na dílleachtlainne. Géaraíodh an teannas agus scaoil saighdiúirí Francacha faoi cheannas chonsal na Fraince a ngunnaí san "yamen", oifig riaracháin áitiúil Síneach. Chuir sin fearg ar na sluaite a chruinnigh sna sráideanna agus mharaigh siad 30-40 Síneach Críostaí agus 21 eachtrannach, an consal ina measc. Dódh an séipéal agus consalacht na Fraince. Rinne an Fhrainc agus sé thír eile gearán leis an rialtas Qing. Ní raibh aon dul as acu seo ach cúiteamh a thabhairt, idir airgead agus phionós an bháis ar shé dhuine dhéag.

Nuair a tharla Éirí Amach na mBocsar sa tSín, d’éirigh leis na reibiliúnaigh cuid de Tianjin a chur faoina smacht. Bhí lámhaltais na n-eachtrannach faoi léigear acu sin ar feadh roinnt seachtainí. I mí Iúil, sa bhliain 1900, rinne Comhghuaillíocht na nOcht Náisiún ionsaí ar na Bocsair sa chathair agus chuir siad ruaig orthu. Chuir na comhghuaillithe seo Rialtas Sealadach Tianjin ar bun, a raibh ionadaithe de chuid na náisiún éagsúil páirteach ann. Tugadh rialú na cathrach ar ais do na Qing ar 15 Lúnasa, 1902. Thug Yuan Shikai, ginearál Síneach cáiliúil na linne, faoin chathair a chur in oiriúint don aois nua. Chuir sé póilíneacht agus toghcháin do chomhairle na cathrach ar siúl don chéad uair riamh sa tSín.

I ndiaidh Éirí Amach na mBocsar, fuair na tíortha coimhthíocha cead garastúin a choimeád in Tianjin chun go mbeadh a gcuid fórsaí ábalta Péicing a bhaint amach go réidh. Bhí dhá chathlán ag na Briotanaigh, ach níor ghlac na Meireacánaigh páirt ann ar feadh tamaill sách fhada. Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, ghabh Forsaí na gComhghuaillí garastúin na Gearmáine agus Impireacht na hOstaire-Ungáire, agus coimeádadh na saighdiúirí sin mar phríosúnaigh chogaidh. Bhain an rialtas Boilséiveach an garastún Rúiseach den chathair sa bhliain 1918. In 1920 d’iarr na náisiúin eile ar na Stáit Aontaithe trúpaí a chur ann, rud a rinne an tír úd. Ba George C. Marshall, ginearál tábhachtach eile sa chéad leath den 20ú haois, a bhí i gceannas ar shaighdiúirí Mheireacá in Tianjin (ar thaitníodh seirbhís in Tianjin leo). Bhain na Meireacánaigh a gcuid forsaí de Tianjin sa bhliain 1938.

Ghabh na Seapánaigh Tianjin ar an 30 Mí Iúil, 1937 sa Dara Cogadh Sínea-Sheapánach, ach d’fhág siad na lámhaltais mar a bhídís sa chuid ba mhó go dtí 1941. Tharla an eisceacht ba mhó sa bhliain 1939 nuair a thug na Briotanaigh tearmann do sheisear Síneach a mharaigh duine a bhí ag comhoibriú go feiceálach leis na Seapánaigh. Ar an 14 Meitheamh, rinne na Seapánaigh imshuí ar an chuid Bhriotanach den chathair. Ba bheag nár briseadh cogadh amach idir an dá thír, ach sa deireadh ghéill na Briotanaigh agus thug siad na héalaithigh do na Seapánaigh, Chuir siad seo chun báis iad. Ghlac na Seapánaigh seilbh ar lámhaltais Mheiriceá agus na Breataine Móire sa bhliain 1941. Fágadh na hIodálaigh agus na Francaigh i gceannas ar a gcodanna féin de Tianjin (bhí oifigigh na Fraince san áit dílis don rialtas Vichy sa Fhrainc.)

Báid feadh chladaigh Tianjin sa tsean-am

Mhair seilbh na Seapánach ar an gcathair go dtí 15 Lúnasa, 1945. Sheas na fórsaí Meiriceánacha sa bhearna ansin go raibh Chiang Kai-shek agus na Náisiúnaithe (.i. fórsaí an Kuomintang) ábalta Tianjin (agus Péicing) a bhaint amach. Thit an chathair do na Cumannaigh Shíneacha ar 15 Mí Eanáir, 1949. [1]

Bhí geilleagar na cathrach marbhánta sna 1950idí[2] agus níor tháinig aon rath faoi leith air go dtí am éigin i ndiaidh na Réabhlóide Cultúrtha sna 1970idí. Thóg Mao Zedong carabhuaic in Tianjin sa bhliain 1958 nuair a chonacthas é ag ithe i mbialann sa chathair, an t-aon uair a d’ith sé i mbialann sna 27 bliana a raibh sé i gcumhacht. Tháinig na deich mílte sna sráideanna ag scairteadh moltaí ar Mao; glactar gur cleas poiblíochta a bhí ann.[3]

Rialtas[athraigh | edit source]

Tá bardasacht Tianjin go díreach faoi smacht an rialtais náisiúnta; ní cuid de chúige í. Cosúil leis an chuid eile den tSín, tá córas rialaithe dúbailte taobh istigh de bhardasacht Tianjin, is é sin, go bhfuil rialtas sibhialta ann a fhéidhmíonn in éineacht leis an bPáirtí Cumannach. Bíonn baill den pháirtí ag obair i ngach oifig agus an chumhacht ag an bpáirtí ar deireadh thiar i gcónaí.

Déimeagrafaic[athraigh | edit source]

Ag deireadh na bliana 2009, bhí 12.28 milliún duine ina gcónaí i mBardasacht Tianjin, agus cead buanchónaithe (hukou) ag 9.8 milliún díobh. Orthu seo, bhí 5.99 milliún áitritheoirí uirbeacha ann agus 3.81 milliún duine eile faoin tuath.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Jung Chang agus Jon Halliday (2005). Mao: The Unknown Story, lch. 309. Alfred A. Knopf, Nua-Eabhrac.
  2. Chang agus Halliday, lch. 328.
  3. Chang agus Halliday, lch. 424-5.