Teangacha Tungúsacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Linguistic map of the Tungusic languages.png

Fine teangacha iad na teangacha Tungúsacha agus iad á labhairt sa Mhanchúir agus in oirthear na Sibéire. De réir teoiricí áirithe, is cuid de na teangacha Altaecha iad, ach le fírinne, is iomaí teangeolaí a shíleann inniu nach bhfuil a leithéid d'fhine teangacha ann ar aon nós agus na teangacha Altaecha; thairis sin, is deacair teacht ar bheirt theangeolaithe a bheadh ar aon fhocal faoi na teangacha ba chóir a rangú san fhine "Altaech". Mar sin, is fearr dearcadh ar na teangacha Tungúsacha mar fhine neamhspleách.

Teangacha táite greamaitheacha iad na teangacha Tungúsacha, is é sin, cuirtear iarmhír i ndiaidh iarmhíre leis na focail le foirmeacha gramadúla a chruthú; cuid de na teangacha seo tá córas casta tuiseal acu, agus iarmhíreanna éagsúla ag na briathra freisin le haimsirí is le gnéithe a chur in iúl.

Athraítear dhá phríomhchraobh i gcrann ginealais na dteangacha Tungúsacha, mar atá:'

  • an chraobh thuaisceartach: an teanga Evenki (an Tungúisis sa chiall chúng), an teanga Even (nó an Lamúitis), an teanga Oroqen (a labhraítear i gCúige Heilongjiang sa tSín), an teanga Negidal (i gCian-Oirthear na Rúise). Tá canúintí eile fós, ar deacair a rá fúthu cé acu teangacha neamhspleácha nó canúintí de chuid na dteangacha Evenki, Even, Oroqen nó Negidal iad.
  • an chraobh dheisceartach, agus í féin roinnte ina dhá fochraobh, mar atá, na teangacha Tungúsacha Oir-Dheisceartacha agus na teangacha Tungúsacha Iar-Dheisceartacha (nó na teangacha Manchúracha). Is í an teanga Nanai (nó Goldi) an ceann is tábhachtaí san fhochraobh Oir-Dheisceartach. Maidir leis an gcraobh eile, is iad an teanga Jurchen (an tsean-Mhanchúiris), an Mhanchúiris (Chlasaiceach) agus an teanga Sibo nó Xibe na teangacha is tábhachtaí inti.

Teangacha nó canúintí beaga iad na teangacha Tungúsacha go léir inniu. Go tipiciúil, ní bhíonn ach cúpla dosaen, cúpla céad nó cúpla míle duine á labhairt, agus cuid mhór acu ag saothrú an bháis. Is iad an teanga Xibe (tríocha míle cainteoir i Xinjiang), an teanga Evenki (timpeall ar 29 míle, ach níl cónaí orthu go léir in aon tír amháin, agus tá difríochtaí móra idir na canúintí) agus an teanga Even (seacht míle cainteoir) na teangacha "móra" san fhine seo. Tá an Mhanchúiris féin ag dul in éag inniu, cé go raibh ról mór aici i stair na Síne Impiriúla.

Is iad an teanga Jurchen agus an Mhanchúiris an t-aon dá theanga a bhfuil traidisiún fada liteartha acu. Le fírinne, níl sa teanga Jurchen ach leagan seanársa den Mhanchúiris.

Na Tungúsaigh sna Meáin Chumarsáide[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1923, d'fhoilsigh an taiscéalaí Rúiseach Vladimir Arsenyev leabhar faoin gcaidreamh a bhí aige le Dersu Uzala, sealgaire Tungúsach (is dócha gurb í an teanga Nanai a bhí ó dhúchas aige) a bhí ina threoraí ag Arsenyev agus a fhoireann sna blianta 1902-1907. Bhí Dersu Uzala eolach ar bhealaí na coille, mar ba dual dó, agus is iomaí uair a tháinig sé chun tarrthála d'Arsenyev sa chruachás. Níor fhág Arsenyev fuíoll molta ar Dersu sa leabhar, buíoch beannachtach mar a bhí sé. Ar an drochuair, ní raibh sé i ndán do Dersu féin na focail mholta a chloisteáil, nó fuair sé bás sa bhliain 1908.

Sa bhliain 1975, tháinig scéal Dersu Uzala ar an scáileán, ó spreag an leabhar stiúrthóir mór na Seapáine, Akira Kurosawa, chun é a scannánú. Roimhe sin, áfach, bhí an leabhar scannánaithe sa bhliain 1961 ag an stiúrthóir Sóivéadach Agasi Babayan.