An Coiste Téarmaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Coiste Téarmaíochta
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1968

Is comhairle teanga de chuid Gaeilge na hÉireann é an Coiste Téarmaíochta a roghnaíonn téarmaíocht Ghaeilge d'fhocail agus coincheapa úra. Bunaíodh é sa bhliain 1968. Ba rannóg de chuid na Roinne Oideachais an Coiste Tearmaíochta ón am ar bunaíodh é go 1999. Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh Foras na Gaeilge agus cuireadh de chúram ar an bhForas cúram a dhéanamh d'fhorbairt na nuathéarmaíochta sa Ghaeilge, agus is faoin bhForas atá an Coiste Téarmaíochta ag feidhmiú ó shin. Ar shuíomh a bhfoclóir ar líne Téarma deir siad fúthu féin go bhfuil "sé mar aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach.

Ballraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beagán le cois 20 comhalta atá ar an gCoiste Téarmaíochta faoi láthair; daoine iad seo ó ollscoileanna, eagraíochtaí stáit agus eagraíochtaí teanga, agus saineolaithe ar ábhair éagsúla. Bíonn cruinniú amháin ag an gCoiste in aghaidh na míosa (seachas i mí Lúnasa) i mBaile Átha Cliath.

Na baill reatha (2021) ná

  • Fidelma Ní Ghallchobhair, Cathaoirleach
  • Donla uí Bhraonáin, Leaschathaoirleach
  • Áine Ní Chiaráin
  • Andreas Vogel
  • Antain Mag Shamhráin
  • Colmcille Ó Monacháin/Donal Foley (ex officio: An Coimisiún Eorpach)
  • Caitríona Ní Chathail
  • Cathal Mac Coille
  • Ciarán Mac Raghnaill (ex officio: Rannóg an Aistriúcháin)
  • Róisín Ní Dhuibhir/Michael Greene/Éanna Ó Ceallaigh/PJ Mac Gabhann (ex officio: Ardrúnaíocht Chomhairle na nAirí)
  • Dr Dónal Ó Muirthuile
  • Dr Dónall Ó Baoill
  • Dr Éamonn Ó hÓgáin
  • Eibhlín Nic Gearailt (ex officio: CCEA)
  • Dr Gearóid Ó Cleircín (ex officio: Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU)
  • Helen Hegarty
  • Labhrás Ó Finneadha/Dr Fionnuala de Barra-Cusack (ex officio: Parlaimint na hEorpa)
  • Máire Feiritéar
  • Matt Hussey
  • Micheál Ó Sé
  • Dr Niall Mac Uidhilin (ex officio: Acadamh na hOllscolaíochta, OÉG)
  • Nóilín Nic Bhloscaidh
  • Pádraig Ó Gaora
  • Dr Pádraig Ó Mianáin (ex officio: FNBG, Foras na Gaeilge)
  • Seosamh Ó Murchú (ex officio: An Gúm, Foras na Gaeilge)

Foilsiúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh siad mórán sainfhoclóirí a bhain le h-earnálacha áirithe ar nós an Foclóir Déiríochta, an foclóir Fiseolaíocht agus Sláinteachas, Foclóir Talmhaíochta, an Foclóir Eolaíochta. Le theacht an ré digití d'eisigh siad dlúthdhioscaí leis na foclóirí seo a leanas atá fós ar fáil ar shuíomh acmhainn.ie Curtha i gcartlann 2021-03-09 ar an Wayback Machine.

Foclóir Airgeadas, Ríomhaireacht, Teicneolaíochta Faisnéis agus Fiontraíocht ,

Foclóir Ainmneacha Plandaí is Ainmhithe Foclóir Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht Foclóir Bitheolaíochta Foclóir Eolaíochta Foclóir Fiseolaíochta agus Sláinte anseo Foclóir Geolaíochta agus Geoifisice anseo Foclóir Réalteolaíochta anseo Téarmaí Teilifíse agus Raidió anseo agus bhí na cnuasaigh seo á dtairiscint acu chomh maith:

  • Obair oifige
  • Cócaireacht
  • Miondíol
  • Stair A-M
  • Stair N-Z
  • Bia agus deoch
  • Corpoideachas
  • Miotalóireacht

Focal.ie/Téarma.ie[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Fiontar (Ollscoil Chathair BáC) Focal.ie mar thionscadal sa bhliain 2004. Ba é Michal Mechura an ríomheolaí a bhí ag obair le Fiontar a chruthaigh ailtireacht an innil chuardaigh. Laistigh de bhliain bhí milliún cuairdeach déanta ar an suíomh. Mhair an t-ainm mar sin go 2015 nuair a athraiodh é go Téarma.ie agus An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge Foclóir.ie ar tí theacht ar an bhfód. Is dócha gur ceapadh go mbeadh an pobal ag meascadh an dá cheann.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]