Cogadh Rúis-Seapánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh Rúis-Seapánach
Cogadh Rúis-Seapánach
Dáta: 8 Feabhra 19045 Meán Fómhair 1905
Áit: An Mhanchúir, An Mhuir Bhuí
Toradh: Bua na Seapáine. Conradh Portsmouth
Céilí comhraic
Impireacht na Rúise
Montainéagró
Impireacht na Seapáine
Ceannasaithe
Nioclás II
Aleksey Kuropatkin
Stepan Makarov
Z. Rozhestvensky
An tImpire Meiji
Oyama Iwao
Nogi Maresuke
Tōgō Heihachirō
Slua
400,000 500,000
Taismigh
~43,000[1] ~86,000[1]
† Fuair bás sa choimhlint

Fearadh an Cogadh Rúis-Seapánach idir 8 Feabhra 19045 Meán Fómhair 1905 in oirthear na hÁise. Bhain an tSeapáin bua mór amach, agus fuair Impireacht na Rúise greasáil cheart, Cás an leoin - nó an bhéir - agus na luiche a bhí ann. Tír bheag bhocht a bhí sa tSeapáin ag an am, nó sin a cheap lucht na hEorpa. Ach bhí an tSeapáin gach pioc chomh láidir le tíortha na hEorpa, agus fiú an tír is mó san Eoraip, Impireacht na Rúise, nó sin a dúirt lucht na Seapáine ag an am.

Bhris réabhlóid amach sa Rúis sa bhliain 1905 agus míleatú sa tSeapáin sna blianta ina dhiaidh.

An cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shealbhaigh saighdiúirí na Rúise Port Artúir, cuanchathair in aice leis an gCóiré, sa bhliain 1898. Ach bhí na Seapánaigh thar a bheith buartha, ar eagla go gcaillfeadh siad a gcuid tionchair ar an gCóiré.

Ní raibh aon mhoill orthu téisclim a dhéanamh chun cogaidh; agus i Mí Fheabhra den bhliain 1904, d'ionsaigh na Seapánaigh Port Artúir agus cuireadh an ruaig ar na Rúisigh. D'éirigh leo an chuid is mó de loingeas cogaidh na Rúise a scrios, agus bhí na Rúisigh sách mall ag tabhairt freagra.

Ní raibh an t-ádh orthu ina dhiaidh sin, ach an oiread. Thuirsigh maidhm i ndiaidh maidhme iad, agus nuair a tháinig cabhlach cogaidh na Bailte ó Chathair Pheadair thart ar an Afraic go dtí an Cian-Oirthear le fortacht a thabhairt do na díormaí Rúiseacha ansin, d'ullmhaigh an t-aimiréal Seapánach Heihachiro Togo luíochán roimh na Rúisigh.

Nuair a nocht na longa Seapánacha óna bhfolacháin, fágadh an cabhlach Rúiseach i ngaiste, agus chuaigh an chuid ba mhó acu go tóin poill i gCaolas Chisima, idir an Chóiré agus an tSeapáin i lár Mhí Bhealtaine den bhliain 1905.

Níor tháinig ach sé long chogaidh slán as an teagmháil, agus acu sin féin, b'éigean do thrí long sábháilteacht a lorg i gcuan cogaidh na Meiriceánach i Manila. Ó bhí na Meiriceánaigh neodrach sa chogadh seo, rinne siad na longa agus a gcuid crú a imtheorannú sa chuan - is é sin, choinnigh siad istigh ansin iad go dtí go raibh an cogadh thart.

Bua na Seapáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad na Seapánaigh a ghnóthaigh an cath agus an cogadh, mar sin. Bhí an tAimiréal Togo i mbun agus rinne a cheannaireacht dhiongbháilte difear an tsaoil. Ach b'é ba phríomhchúis leis an rath ná go raibh na Seapánaigh i bhfad chun tosaigh ar na Rúisigh i gcúrsaí teicneolaíochta, a fhad is a bhí na longa cogaidh i gceist. Bhí a gcuid long ní ba luaithe, agus a gcuid gunnaí ní b'fhearr, chomh maith.[2]

8 Feabhra 1904: d'ionsaigh na Seapánaigh Port Artúir

Éirí amach na bliana 1905[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bualadh náireach a bhí ann don Rúis agus chuir cosmhuintir na Rúise an locht ar na huaisle is na hoifigigh. Mar sin, bhris réabhlóid amach sa bhliain 1905.

Shinichiro Kurino

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 http://necrometrics.com/index.htm
  2. "Twentieth Century Atlas - Death Tolls". necrometrics.com. Dáta rochtana: 2021-02-08.