Yukon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Yukon
— Cúigí agus críocha Cheanada —
Bratach
Bratach
Suíomh
Tír Ceanada
Príomhchathair Whitehorse
Teangacha oifigiúla Béarla, Fraincis
Rialtas
 • Coimisinéir
 • Príomh-aire

Douglas George Phillips
Dennis Fentie
Rialtas feidearálach
 • Sa Teach
 • Sa Seanad
i Rialtas Cheanada
1
1
Achar
 • San iomlán
 
482,443 km²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 
34,246
0.065/km²
Láithreán Suíomh gréasáin
Sráid in Dawson City, sa Yukon

Is críoch in iarthuaisceart Cheanada é an Yukon. Rinneadh an chríoch Yukon sa bhliain 1898 de na codanna ab fhaide siar de Chríocha an Iarthuaiscirt mar gheall ar an bhfás daonra a tharla le linn ruaig an óir sa Yukon sa tréimhse sin. Ainmníodh Yukon as an Abhainn Yukon.

Tíreolas[athraigh | edit source]

Tá aeráid Artach i dtuaisceart Yukon, fo-artach i lár na críche agus bogthais measartha sa deisceart, taobh ó dheas de Whitehorse. Téann na haibhneacha Stewart, Peel agus Yukon tríd. Is é Mount Logan (5,959 méadar ar airde, .i. 19,551 troigh), i bPáirc agus Anasclann Náisiúnta Kluane, an sliabh is airde i Yukon agus i gCeanada, agus an dara sliabh is airde i Meiriceá Thuaidh ar fad (i ndiaidh Denali/Mount McKinley in Alasca).

Stair[athraigh | edit source]

Ní raibh cuid de lár agus tuaisceart Yukon faoi bhrat an leac oighir le linn an oighearaois dheireanach agus mar gheall air sin agus mar gheall ar shuíomh Yukon in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, tá rianta daoine faighte ag seandálaithe ann atá ar na cinn is ársa dár thainig siad orthu i Meiriceá. Phléasc Mount Churchill, bolcán in Alasca, timpeall na bliana 800 AD agus d'fhág sin deisceart Yukon faoi bhrat luaithrigh atá le feiceáil fós in áiteanna. Maireann an pléascán i mbéaloideas na Chéad Náisiún i Yukon agus áiteana eile i gcónaí.

Thosaigh teagmháil leis na hEorpaigh in Yukon go luath san 19ú haois le teacht corrthrádálaí fionnaidh. Tháinig misinéirí Anglacánacha agus Caitliceacha ní ba dhéanaí. Faoi na 1870idí, thosaigh daoine ag teacht ar lorg an óir agus thosaigh rialtas Cheanada seirbhísí póilíneachta agus a leithéid a fhorbairt ann. Bhí siad réidh nuair a thosaigh an ruaig mhór sa bhliain 1898. Phlódaigh idir 30,000 agus 40,000 duine isteach i Yukon sa sa tréimhse 1898–1901. Timpeall ar 27,000 duine a bhí ann nuair a thráigh an tobar úd agus níor tháinig athrú rómhór ar an líon sin go dtí na 1990idí.

Tháinig polaitíocht na bpáirtithe eagraithe isteach sa bhliain 1978. Thosaigh na Chéad Náisiúin ag cur brú ar an rialtas sna cúirteanna agus i bparlaimint na críche ina dhiaidh sin freisin, ag iarraidh a gcearta polaitiúla, cultúrtha agus sóisialta a bhaint amach.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Mianadóireacht an tionscal is tábhachtaí sa Yukon. Baintear luaidhe, sinc, airgead, ór agus copar den talamh. Gintear hidrileictreachas ann freisin. Déantar troscán, éadaigh agus earraí traidisiúnta. Na gníomhaíochtaí traidisiúnta ar nós na seilge agus na hiascaireachta, tá siad ag dul i léig. Is í an earnáil phoiblí an ceann is mó agus 5,000 duine fostaithe inti as na 12,500 atá fostaithe sa gheilleagar ar fad.

Tá an turasóireacht tábhachtach sa Yukon freisin. Tá sí bunaithe ar stair na háite agus ar an dúlra, go mór mhór ar na trí pháirc náisúnta agus na ceithre cinn de chuid na críche atá ann. Táthar ar thóir an pheitriliam agus an gháis nádúrtha, agus táthar ag súil le forbairt shuntasach na tionsclaíochta úd gan rómhoill. Tá breithniú á dhéanamh ar dhá phíblíne móra a thógáil leis an ola is gás a iompar go háiteanna eile i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe.

Ba C$2.361 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag an Yukon sa bhliain 2012.[1]

Is é Mount Logan, sa Yukon, an sliabh is airde i gCeanada

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. [1] Statistics Canada arna rochtain ar 15 Mí na Samhna 2013
Cúigí agus Críocha Cheanada
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec
New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar
Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut
Bratach an Cheanada