Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Stáit Aontaithe)
United States of America
Bratach Stáit Aontaithe Mheiriceá Armas Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bratach Armas
Mana:
E Pluribus Unum (1789–anois)
(Gaeilge: "As Mórán, Aontacht")
In God We Trust (1956–anois)
(Gaeilge: "Is i nDia a chuirimid ár muinín")
Amhrán náisiúnta: The Star-Spangled Banner
Suíomh Stáit Aontaithe Mheiriceá
Príomhchathair Washington, D.C.
38°53′ Thuaidh 77°02′ Thiar
An chathair is mó Cathair Nua-Eabhrac
Teangacha oifigiúla Éagsúlacht; Béarla de facto
Rialtas

Uachtarán
Leas-Uachtarán
Daonlathach, Poblacht
chónaidhmeach

Barack Obama
Joe Biden
Neamhspleachás
 - Fógartha
 - Aitheanta

Bunreacht
 - Críochnaithe
 - Daingnithe
 - I bhfeidhm
Ón Ríocht Aontaithe
4 Iúil, 1776
3 Meán Fómhair, 1783


17 Meán Fómhair, 1787
23 Bealtaine, 1788
4 Márta, 1789

Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
9,629,091 km² ()
4.87%
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 2010
 • Dlús
 
311,827,917 [1] ()
308,745,538
31/km² (176ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$12,332,296 milliún ()
$41,557 ()
Airgeadra Dollar SAM ($) (USD)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
Éagsúlacht (UTC-5 go -10)
Éagsúlacht (UTC)
Fearann Idirlín .gov .edu .mil .us .um
Glaochód +1

Tír i Meiriceá Thuaidh is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar fud an domhain. Tá caoga stát ann ar fad. Is é Alasca an ceann is mó achar acu, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.

Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantás na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.

Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige British Columbia, Ceanada, idir é agus Stát Washington.

Stát daonlathach, liobrálach is ea iad na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.

Stair[athraigh | edit source]

Meiriceánaigh dhúchasacha agus coilínigh Eorpacha[athraigh | edit source]

Ceaptar gurbh as an Áise a tháinig sinsir bhundúchasaigh Mheiriceá go dtí an tOileán Úr. Thosaigh siad ag tonnadh isteach ag am éigin idir 14,000 RC agus timpeall ar 40,000 RC. D'éirigh le roinnt phobal bundúchasach leibhéal an-ard cultúrtha a bhaint amach i gcúrsaí curadóireachta, ailtireachta agus státaireachta, cosúil le cultúr Mississippi a bhí thuas sna blianta 1500-800 RC, a bheag nó a mhór.

I 1492, shroich an taiscéalaí Genovach Criostóir Colambas, a bhí faoi chonradh don Choróin Spáinneach, roinnt oileán Cairibe. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Sna blianta a leanas, maraíodh formhór na ndaoine ndúchasacha de réir eipidéimí na ngalar Eoráiseach.

Ar 2 Aibréan, 1513, tháinig an conquistador Spáinneach, Juan Ponce de León, i dtír ar "La Florida", mar a ghlaoigh sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mórthír na Stát Aontaithe atá doiciméadaithe. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún leis An Spáinn, ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na Lochanna Móra; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí Murascaill na Meicsiceo sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i Jamestown i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnuithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán inimirce de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta Bhá Mhassachusetts i 1628. Thairis sin, bhí Nua Sasana lonnaithe le timpeall 10,000 Puritanaigh i 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá, chuir timpeall 50,000 ciontaigh go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh muintir na hOllainne ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas Abhann Hudson, Amsterdam Nua ar Oileán Manhattan san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na nAbhann Delaware i 1638, dár nainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllanaigh i 1655.

I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollanaigh; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac. Tháinig a lán seirbhíseaigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimirceaigh ina seirbhíseaigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a néireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíneachas na nGeorgia i 1732. Bhí rialtais aitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéin-rialtas acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí trádáil na sclábhaithe Afracach dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le rátaí beireatais ard, rátaí báis íseal agus inimirce seasta, dhúbail na coilíneachtaí gach 25 bliain. Ag 1770, bhí 3 milliún daoine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha díobh, ní raibh aon iondaithe féin acu sa Pharlaimint i Londain - "diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin.

Neamhspleáchas agus fairsingiú Mheiriceá[athraigh | edit source]

Príomhalt: Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá

Bhí a lán teannais idir muintir an choilíneachtaí agus na Sasanaigh i rith an tréimhse réabhlóidigh (1760-1770). Mar sin, chruinnigh Comhdháil Mhór-Roinn i Philadelphia ar 14ú Iúil, 1775 agus cruthaíodh Armtha Mór-Roinn. Cuireadh na forsaí faoi cheannas George Washington. Ghlac an Chomhdháil leis an bhFógra Neamhspleáchais ar 4ú Iúil, 1775. Dar leis an bhFógra, “cruthaítear gach fear go cothrom” agus tá “cearta doshannta áirithe” acu. Bhí an Fógra dréachtaithe le Thomas Jefferson agus glaoigh sé “stáit” ceannnasachta ar na coilíneachtaí. I 1777, glacadh Airteagail na Cónaidhme a aontaigh na stáit faoi rialtas feidearálach lag. Mhair sé sin go dtí 1788. D’éalaigh idir 70,000-80,000 daoine a bhí dílis don Choróin Bhriotanach agus d’élaigh a lán daoine go dtí Nova Scotia agus na críocha Briotnacha nua i gCeanada. Maidir leis na Meiriceánaigh dúchasacha, throid siad ar dhá thaobh an chogaidh.

Fuair na forsaí Meiriceánacha cabhair ó na Francaigh agus sa deireadh, buaigh siad an cogadh. I 1783, ghlac An Bhreatan Mhór le na 13 coilíneacht. Ceithre bliain níos moille, I 1783, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil agus bhí sé ar intinn acu rialtas náisiúnta láidir a chrutú le cumhact thar na stáit. I Mí Mheithimh 1788, bhí Bunreacht na Stát Aontaithe daingnithe ag 9 stát agus bhí sé sin dóthanach chun rialtas nua a chruthú. Mar sin, chuaigh an chéad Seanad, céad Teach na nIonadaithe, agus an chéad Uachtarán, George Washington, i mbun dualgas sa bhliain 1789. Dearbhaíodh Nua Eabhrac mar phríomhchathair fheidearálach ar feadh blian amháin. I ndiaidh sin, bhog an rialtas go dtí Philadelphia. I 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mBunreacht. Thug na leasuithe sin roinnt chosaint dhlíthiúil do na daoine – mar shampla, ní raibh cead ag an rialtas feidearálach srianta a chur ar shaorise pearsanta na ndaoine. Bhí clásal sa Bhunreacht ag cosaint na sclábhaíochta suas go dtí 1808. Ach bhí déarcaigh faoi sclábhaíocht ag athrú, áfach. Mar sin, dhíothaigh na Stáit Thuaidh an sclábhaíocht idir 1780 agus 1804. Ach fós mhair na stáit deisceart mar chosantóirí na “hinstitiúide aisteach” seo. I 1800, bhog an rialtas feidearálach go dtí an chathair nua, Washington D.C.

Forógra na Saoirse le John Trumbull (1817–18)

I rith an naoú haois déag, thosaigh na Meiriceánaigh ag bogadh siar agus mar sin bhí a lán cogadh idir iad féin agus na Meiriceánaigh dúchasacha. I 1803, cheannaigh an t-Uachtarán Thomas Jefferson a lán críocha ó na Francaigh (“An Ceannach Louisiana”) agus de réir sin, dúbhaileadh méid an náisiúin. Chomh maith leis sin, tharscaoil An Spáinn talamh timpeall Florida mar gheall ar ionsaithe ó na forsaí Meiriceánacha sa cheantar. I 1845, fuair an tír Poblacht na Texas, leis. Sínigh na Stáit Aontaithe Conradh an Oregan leis na Sasnaigh agus de bharr sin, fuair siad smacht thar Iarthuaisceart Mheiriceá. Bhuaigh na Stáit Aontaithe an Cogadh Meicsiceo-Meiriceá freisin agus fuair siad California agus a lán talaimh in Iardheisceart na tire. Idir 1848-49, cheap a lán daoine go raibh ór i gCalifornia agus bhí níos mó inimirce siar. De dheasca sin, tógadh iarnróid nua. Ach bhí dochar ag baint leis sin mar maraíodh suas go 40 miliúin bison Meiriceánacha dona gcraiceann, bhfeoil agus chun spás a chruthú do na hiarnróid. Bhí sé sin go huafásach do chultúr na n-Indiach ar na plánaí mar ba phríomh-seift iad na bison dóibh.

Cogadh Carthartha agus Réabhlóid Tionsclaíochta[athraigh | edit source]

Príomhalt: Cogadh Cathartha SAM

Bhí a lán teannais idir na saorstáit agus na stáit sclábhaíochta. Chomh maith leis sin bhí easaontais faoin gcaidreamh idir an rialtas stáit agus an rialtas feidearálach. I 1860, toghadh Abraham Lincoln, iarrthóir don Pháirtí Poblachtach a bhí i gcoinne sclábhaíochta. Sar a ndeachaigh sé i mbun dualgas, d’fhógair seacht stát sclábhaíochta a neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe agus chruthaigh siad Stáit Cónaidhme Mheiriceá. Dhearbhaigh an rialtas feidearálach gur scaradh mídhleathach a bhí ann. Nuair a ionsaíodh Dún Sumter, thosaigh Cogadh Carthartha Mheiriceá agus chuaigh ceithre stát eile i gcomhar leis an gCónaidhm. Saoradh na sclábhaithe cónaidhme agus a bhog fórsaí an Aontais tríd an Deisceart. Tar éis bua an Aontais i 1865, cuireadh trí leasú le Bunreacht na Stát Aontaithe a shaor beagnach ceithre miliúin Meiriceánaigh Afracacha a bhí ina sclábhaithe. Anois, ba shaoránaigh iad na Meiriceánaigh Afracacha agus bhí cead acu vótáil. Mar gheall ar an chogaidh, bhí níos mó cumhachta ag an rialtas feidearálach.

Ceann de na gníomhartha deireanach den Chogadh Carthartha ná feallmharú an Uachtaráin Lincoln. De thoradh sin, d’éirigh polasaithe na hAtógála, sin polasaithe an Pháirtí Phoblachtaigh níos radacaí. Chríochnaigh Ré na hAtógála leis an gComhréiteach i 1877. Réitigh an Comhréiteach sin an díospóid maidr le toghchán an uachtaráin i 1876. Ach chaill mórán Meiriceánach Afracacha a gceart vótála, áfach, de bharr dlí Jim Crow. I dtuaisceart na tíre tharla a lán inimirce agus de dheasca sin, thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch. Mhair an plódú inimirce sin go dtí 1929. Sholáthair an lucht oibre sin saothar do ghnóthlachtaí Meirceánacha agus d’athraigh sé an cultúr Meiriceánach. Ceannaíodh Alasca ón Rúis sa bhliain 1876 agus ansin bhí fairsingiú na tíre trasna na mór-roinne críochnaithe. Sa bhliain 1893, bhris grúpa Meiriceánaigh an mhonarcacht dhúchasach in Haváí agus sa bhliain 1898 rinneadh nasc-ghabháil ar an oileánrach.

An Chéad Chogadh Domhanda, an Spealadh Mór, agus an Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Príomhailt: An Chéad Chogadh Domhanda, An Spealadh Mór, An Dara Cogadh Domhanda

Ag tús an Chéad Chogaidh Domhanda i 1914, bhí na Stáit Aontaithe neodrach. Rinne na Meiriceánaigh comhbhrón leis na Sasanaigh agus leis na Francaigh, ach bhí a lán saoránaigh, go háirithe Éireannaigh agus Gearmánaigh i gcoinne idirghabhála. Ach i 1917, ghlac na Stáit Aontaithe páirt sa chogadh leis na comhghuaillithe. Níor theastaigh ó na Stáit Aontaithe a bheith gafa i gcúrsaí Eorapacha, agus mar sin, níor daingníodh an Seanad an Conradh Versailles. Chruthaigh an Conradh sin Conradh na Náisiún. Gabh an tír do pholasaí an unilateralism, ag bordáil ar aonrúachas. I 1920, bhí bua ag gluaiseacht na mban mar chuir leasú leis an mbunreacht a dheonaigh vótáil chomhchoiteann dhíreach do mhná. As siocair a gcuid seirbhíse sa chogadh, fuair Meiriceánaigh dhúchasacha saoránacht Mheiricéanach de réir Acht Saoránachta na n-Indiach, 1924.

Grianghraf cáiliúil ó thréimhse an Spealta Mhóir: Migrant Mother le Dorothea Lange (1936)

I rith móráin na 1920idí, bhain na Stáit Aontaithe sult as rathúnas míchothrom mar d’ísligh brabúis feirme agus d’fhás brabúis tionsclaíochta. Ba iad ardú i bhfiach agus stocmhargadh boilscitheach príomhchúiseanna na tuairte i 1929. Ba é an tuairt sin a chur tús leis an Spealadh Mór. Toghadh ina hUachtarán Franklin D. Roosevelt i 1932 agus chruthaigh sé an Beart Nua. Iomad polasaí a bhí ann a mhéadaigh idirghabháil an rialtais san eacnamaíocht. Bhí a lán feirmeacha ar míbhail sna 1930idí de réir an Babhla Deannaigh. De dheasca sin, tharla a lán inimirce nua thiar. Ní bhfuair an tír biseach ón spealadh go dtí go ndeachaigh siad isteach sa Dara Cogadh Domhanda. Cé go raibh na Stáit Aontaithe neodrach go héifeachtach i rith céime luath an chogaidh, thosaigh siad ag soláthar ábhair chogaidh do na comhghuaillithe i Mí Mhárta 1941 de réir an chláir Iasacht-Léas.

Ar an 7ú Mí na Nollag, 1941, tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbor agus de bharr sin, chuaigh na Stáit Aontaithe i gcomhar leis na comhghuaillithe in aghaidh na Fearsaide. Ba é an dara Cogadh Domhanda an cogadh ba chostasaí ar fud stair Mheiriceá; ach fós mhéadaigh eacnamaíocht na Stáit Aontaithe mar cruthaíodh a lán infheistíochtaí agus post. Tionóladh comhdháil chomhghuaillithe i mBretton Woods agus i Yalta agus tugadh mionchuntas ar córais idirnáisiúnta nua a chuir na Stáit Aontaithe agus an t-Aontas Sóivéadach i lár cúrsaí domhain. I ndiaidh bua san Eoraip, tionóladh comhdháil idirnáisiúnta i San Francisco a sholáthair Cairt na Náisiún Aontaithe. Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt agus d’úsáid siad na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin, Hiroshima agus Nagasaki, i Mí Lúnasa. Ghéill an tSeapáin ar an dóú de Mheán Fómhair agus chuir sé sin críoch leis an gcogadh.

Cogadh Fuar agus Cearta Sibhialta[athraigh | edit source]

Príomhalt: An Cogadh Fuar

Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile. Bhí an dá tír sin, nó "mórchumhacht" mar a ghlaodh orthu, gafa i gcursaí mhíleata na hEorpa le ECAT agus an Comhaontú Vársá. Thacaigh an dá mhórchumhact sin deachtóireachtaí agus ghabh siad le cogaidh ionadaí. Throid trúpaí na Stát Aontaithe i gcoinne fórsaí cumannacha na Síne i gcogadh na Cóiré i rith 1950-53. Ghabh House Un-American Activities Committee (sin é "An Coimisiún um Ghníomhaíochtaí Fhrith-Mheiriceánach") sraith imschúduithe ar daoine faoi amhras Cummanaí. D’éirigh Joseph McCarthy ina cheannaire ar an maoithneachas fhrith-Chummanaí sin.

Lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad spásárthach le duine ar bord i 1961 agus mar sin rinne na Stáit Aontaithe iarracht oilteacht i matamaitice agus eolaíocht a ardú. Theastaigh ón Uachtarán John F. Kennedy duine a chur ar an nGealach roimh aon tír eile agus mar sin, i 1969 bhí Neil Armstrong agus Edwin Aldrin ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. Bhí ar Kennedy déileáil leis an éigeandáil núicléach le fórsaí Sóivéadacha chomh maith. Idir an dá linn d’fhás eacnamaíocht Mheiriceá. Ach ag an am céanna, bhí a lán Meiriceánaigh Afracacha suntasacha, mar Martin Luther King, i gceannas ar Ghluaisteacht na gCearta Sibhialta. Chuaigh an gluaisteacht sin i ngleic le leilisiú agus idirdhealú na ndaoine. Sa deireadh, d’éirigh leis an ngluaisteacht na dlíthe Jim Crow a dhíothú. I ndiaidh feallmharú Kennedy i 1963, glacadh Acht na gCearta Sibhialta, 1964 ag Uachtarán Lyndon B. Johnson. Leathnaigh a chomharba, Richard Nixon, cogadh ionadaí in Oirdheisceart na hÁise agus d’fhorbair é sin go dtí an Cogadh Vítneam, cogadh a chaillfeadh na Stáit Aontaithe sa deireadh

De thoradh an scannail Watergate, cuireadh roinnt chúiseamh i leith Nixon, lena n-áirítear bacadh ceartais agus mí-úsáid cumhachta. Mar sin, thiocfadh dó gur cuireadh táinseamh air agus chun é sin a sheachaint, ba é Nixon an chéad Uachtarán Meiriceánach riamh a éirigh as oifig; chuaigh Leasuachtarán Gerald Ford i mbun dualgas. I rith na blianta Jimmy Carter ag deireadh na 1970idí, chuaigh eacnamaíocht Mheiriceá in olcas. Nuair a thogadh Ronald Reagan i 1980, bhog polaitíocht Mheiriceá go dtí an taobh deas. Bhí sé sin brathmhar in eacnamaíocht na tíre mar athraíodh tosaíochtaí maidir le cánachas agus caitheamh. I rith na 1980idí laghdaigh cumhacht an Aontais Sóivéadaigh. Ag tús na 1990idí, bhain an cuid is mó de na Poblachtaí Shóisialacha a neamhspláchas amach agus mar sin chríochnaigh an Cogadh Fuar go héifeachtach.

An Nua-Aois[athraigh | edit source]

Ghabh na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe le ról ceannaireachta sna Náisiúin Aontaithe. Cheadaigh George H. W. Bush Cogadh na Murascaille agus Cogaidh na hIúgslaive agus bhí sé soiléir gur mórchumhact deireadh ar domhain ab ea iad na Stáit Aontaithe. Mothaíodh an leathnú eacnamaíochta ba mhó i rith stair nua-aois Mheiriceá idir Márta 1991 go Márta 2001. Bhí na huachtaráin George H.W. Bush, Bill Clinton agus George W. Bush in oifig ag an tréimhse sin. I 1998, tháinsíodh Clinton ar chúisimh ag baint le cúis dlí sibhialta agus scannal gnéasach, ach shaor an Seanad é agus d’fhan sé in oifig.

I rith na 1990idí, bhí méadú i Sceimhlitheoireacht Ioslamach i gcoinne Meiriceánach – go háirithe ó grúpaí mar al-Qaeda. Bhí ionsaí ar Ionad Trádála an Domhain i 1993, ionsaí ar fórsaí Meiriceánacha sa tSomáil, an bhuamáil ar na Túir Khobar i 1996, na buamáilí ar ambasáid Mheiriceá sa Tansáin agus sa Chéinia, na ceilgí chun ionsaí a dhéanamh i 2000, agus an bhuamáil i 2000 ar an USS Cole sa Phoblacht Éimin i Mí Deireadh Fómhair. Fadhb mhór a bhí ag baint le réim Saddam Hussein san Iaráic – go háirithe do chomharsanna na hIaráice agus do na Náisiúin Aontaithe. De thoradh sin, chuir an NA roinnt smachtbhannaí ar an Iaráic agus bhí na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh ar patrol i limistéireachtaí "no-fly" na hIaráice agus tharla Feachtas "Desert Fox". Glachadh Acht Saoradh na hIaráice, 1998 a bhí ag lorg réime Saddam Hussein a bhriseadh agus córas daonlathach a chur ina ionad.

Ba é toghchán na huachtaráin i 2000 ceann de na toghcháin ba chonspóideachaí riamh sa Mheiriceá ach sa deireadh, toghadh George W. Bush. Ar 11ú Meán Fómhair, 2001, bhuail sciemhlitheoirí al-Qaeda dá túr na hIonaid Trádála Domhanda sa chathair Nua-Eabharc agus An Peinteagán in aice Washington, D.C. Maraíodh timpeall 3000 daoine. Tar éis na hionsaithe, d’fhógar George W. Bush cogadh ar sceimhlitheoireacht agus bhí tacaíocht an Chomhphobail Idirnáisiúnta á lorg aige. Ag deireadh 2001, thosaigh Feachtas "Enduring Freedom" agus an aidhm a bhí ag an bhFeachtas ná an rialtas Taliban agus campaí traenála al-Qaeda a bhriseadh ón Afganastáin. Sa lá atá inniu ann tá fórsaí Taliban fós ag troid i gcoinne fórsaí ECAT sa tír.

I 2002, thosaigh Bush ag úsáid teanga ó Acht Saoradh na hIaráice, 1998 agus an Riarachán Clinton chun ahtrú réime san Iaráic a éileamh. Bhí a lán tacaíocht ag Bush sna Stáit Aontaithe agus chruthaigh sé Coalition of the Willing (sé sin "Comhcheangal Fonnmhar"). Ba é a bhí i gceist leis an gComhcheangal ná na tíre a bhí ag tabhairt tacaíochta do na Stáit Aontaithe maidir leis an gcogadh san Iaráic, idir na tíre a thug tacaíocht mhileata agus na tíre a thug tacaíocht fhocal. I Mí Márta 2003, d’ordaigh Bush Feachtas Iraqi Freedom agus briseadh Saddam Hussien ón oifig. Cé go raibh brú ar na Stáit Aontaithe an Iaráic a fhágadh tá na Stáit Aontaithe agus a comhceangal fós san Iaráic. Tá an comhcheangal ag traenáil armtha nua Iaráice sa lá atá inniu ann agus ag cabhrú forbarta eacnamaíochta agus bonneagair na tíre.

Sa bhliain 2008, i dtoghchán ina raibh John McCain ina hiarrthóir don Pháirtí Poblachtach agus Barack Obama ina hiarrthóir don Pháirtí Daonlathach, bhuaigh Obama. Is é Barack Obama an chéad Meiriceánach Afracach a bheith ina cheannaire don tír.

Bolcán suanach in iarthuaisceart na tíre

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Is iad na Stáit Aontaithe an tríú tír is mó sa domhain. Tá radharcra na tíre an-éagsúil, idir choillte agus chnoic san oirthear, phortaigh mhangróibh i bhFlorida, agus mhachairí móra i lár na tíre. Is í Nua-Eabhrac an chathair is mó.

Tá an tír ag críochantacht le Ceanada thuaidh agus le Meicsiceo theas.

Rialtas[athraigh | edit source]

Is iad na Stáit Aontaithe an chónaidhm mharthanach is sine ar domhain. Poblacht bhunreachtúil atá ann agus cosnaítear cearta neamhfhorleathana leis an ndlí. Is é an cóiriú rialtais ná daonlathach ionadaíoch, ach ní féidir le saoránaigh atá ina gcónaí sna críocha vóta a chaitheamh do hoifigigh feidearálacha. Tá an rialtas rialaithe le córas fíorú agus fuílleach atá sainmhíniú le Bunreacht na Stát Aontaithe. Is é an Bunreacht sárdhoiciméad dlíthiúil na tíre agus feidhmíonn sé mar chonradh sóisialta do dhaoine na Stát Aontaithe. I gcóras feidearálach Mheiriceá, go hiondúil, tá saoránaigh ceangailte le 3 léibhéal rialtais: an rialtas feidearálach, rialtas an stáit, agus an rialtas áitiúil. De ghnáth tá dualgais an rialtais áitiuil roinnte idir rialtais chontae agus bhardasacha. I mbeagnach gach cás, toghtar oifigigh feidhmiúcháin agus oifigigh reachtacha trí vóta tromlach de cheantar. Níl aon ionadaíocht chionmhar ag an léibhéal feidearálach agus tá sé annamh ag léibhéil íochtaracha. Den chuid is mó, tá breithimh stáit agus feidearálacha ainmniú ag an mbrainse feidhmeannach agus ceadaithe ag an reachtas.

Tá trí bhrainse sa rialtas feidearálach, agus iad sách neamhspleách ar a chéile. Mar sin, coinníonn siad srianta le chéile, agus aon chraobh amháin obair an dá cheann eile a lochtú is a cheartú.

An Teach Bán, Washington, D.C.
  • An Chumhacht Fheidhmitheach: an tUachtarán. Is é an tUachtarán a cheapann na hAirí Rialtais, le formhuiniú na Comhdhála. Tá an tUachtarán ina cheannfort ar an armtha chomh maith. Tá ceart ag an Uachtarán chun bille reachtacha a chrosadh sar a éiríonn siad an dlí.
  • An Chumhacht Bhreithiúnach: An Chúirt Uachtarach agus na cúirte ar leibhéil is ísle ná í. Tá na breithimh ceaptha ag an Uachtarán le formhuiniú an Seanaid. D’fhéadfadh na cúirteanna dlíthe a léiriú agus dlíthe a iompú má mheastar gur dlíthe míbhunreachtúla atá ann.

Tá 435 feisire i dTeach na nIondaithe. Deanann na feisirí sin iondaíocht ar son ceantair chomhdháile ar feadh thréimhse dhá bliana. Roinntear suíocháin an tí idir na caoga stat de réir daonra gach deich mbliana. Dar leis an ndaonáireamh i 2000, tá ionadaí amháin ag seacht stát. Tá 53 ionadaí ag California, an stát is líonmhaire daonra. Tá beirt seanadóir ag gach stát. Toghtar na seanadóirí ar feadh thréimhse sé bliana. Toghtar trian de na seanadóirí gach dhá bhliain. Bíonn an tUachtarán i seilbh oifige go ceann ceithre bliana agus ní féidir le héinne a bheith ina nUachtarán ach faoi dhó. Ní thoghtar an tUachtarán le vóta lomdíreach, ach le córas indíreach, sin é toghcholáiste. Roinntear na vótaí maidir le stát. Tá 9 comhalta sa Chúirt Uachtarach agus bíonn siad i seilbh oifige go ceann a saol. Is é Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe ceannaire na Cúirte Uachtaraigh.

Tá dlí agus nós imeachta an rialtais feidearálaigh agus an rialtais stáit faoi réir athbhreithnithe ag na cúirteanna. Iompaítear aon dlí a rialaítear in aghaidh an dlí ag an mbrainse breithiúnach. Cruthaíonn bunthéacs an Bhunreacht freagrachtaí agus struchtúr an rialtais feidearálaigh. Tugann an Bunreacht mionchuntas ar an gcaidreamh idir an rialtas feidearálach agus na stáit aonair, agus cúrsaí bunúsacha mar shampla údarás eacnamaíochta agus míleata. Cosnaíonn Airteagal a hAon an “eascaire mhór”, sin é habeas corpus, agus ráthaíonn Airteagal a Trí an ceart chun triail ghiúiré a fháil i gceann gach cás coiriúil. Is gá le trí ceathrú na stát leasuithe don Bhunreacht a cheadú. Tá 27 leasú sa Bhunreacht; is é Bille na gCeart ná an chéad deich leasú. Déanann Bille na gCeart agus an Ceithre Leasú Deag bonn na gceart sna Stáit Aontaithe.

Ballstáit[athraigh | edit source]

Ballstáit

Aontas feidearálach is ea iad na Stáit Aontaithe agus tá caoga ballstat ann. Is iad na 13 stát bunaidh na 13 coilíneacht a chuaigh chun ceannairce ar riail Shasana. Maidir le na stáit eile, fuair rialtas an Mheiriceá iad trí chogadh nó cheannach, ach amháin Vermont, Texas, agus Haváí mar poblachtaí neamhspleácha a bhí ann. I dtús stair na tíre, cruthaíodh 3 stát as críoch stát eile: Kentucky as Virginia; Tennessee as Carolina Thuaidh; agus Maine as Massachusetts. I rith an chogaidh carthartha, roinneadh Virginia Thiar ó Virginia. Rialaigh Cúirt Uachtarach Mheiriceá nach bhfuil ceart ag na stáit an t-aontas a fhágáil. Tá limistéir eile ball den tír, sin iad Ceantar Columbia (an ceantar feidearálach ina bhfuil an phríomhchathair, Washington, suite); agus Sceir Palmyra, críoch san Aigéan Ciúin a bhfuil neamháitrithe ach corpraithe. Tá cúig mórchríoch ag na Stáit Aontaithe le pobail dúchasacha: Puerto Rico agus Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe sa Mhuir Chairib; agus Samó Mheiriceánach, Guam agus Oileáin Mariana Thuaidh sanAigéan Ciúin. Tá saoránacht Stát Meiriceánach ag na daoine a rugaíodh sna críocha sin ach amháin Samó Mheiriceánach.

Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit an Mheiriceá:

Déimeagrafaic[athraigh | edit source]

Dar leis an ndaonáireamh a rinne Biúró an Daonáirimh i 2008, tá an daonra measta timpeall 304.516.00. Bhí timpeall 11,2 milliún inimirceach mídhleathach ar áireamh sa mheastachán sin. Bhí an ráta fháis 0,89% i gcomparáid le 0,16% - an ráta fhás san Aontas Eorpach. Tá an ráta breithe (14,16 as gach 1.000) 30% faoi mheán an domhain, ach tá sé níos airde ná aon tír Eorpach ach an Albáin agus Éire amháin. I 2006, deonaítear cónaí dlíthiúil ar 1,27 milliún inimirceach mídhleathach. Ar feadh fiche bliana, is é an Meicsiceo an tír a thagann an chuid is mó de na hinimirceaigh go dtí na Stáit Aontaithe; gach bliain ó 1998 is iad an tSín, an India agus na hOileáin Fhilipíneacha na hardthíortha a sheolann inimirceaigh. Is é an Meiriceá an tír thionsclaithe aonair ina bhfuil méadú mhór daonra réamhaithriseadh.

Tá daonra éagsúil ag na Stáit Aontaithe – tá níos mó ná milliún ball i 31 grúpa sinsear. Is iad na daoine geala an grúpa ciníoch is mó sa tír; is iad na Meiriceánaigh Gearmánacha, na Meiriceánaigh Éireannacha, agus na Meiriceánaigh Sasanacha na 3 grúpa sinsear is mó. Is iad na Meiriceánaigh Afracacha an mionlach ciníoch is mó agus an an tríú grúpa sinsear is mó sa tír. Is iad na Meiriceánaigh Áiseacha an dara mionlach ciníoch is mó sa tír agus na Sínigh agus na Filipínigh an dá grúpa sinsear is mó sa mhionlach sin. I 2006, bhí timpeall 4,5 milliún daoine le sinsir Mheiriceánaigh dhúchasacha nó sinsir Alascacha (agus 2,9 milliún daoine den sinsear sin amháin) agus níos mó ná milliún daoine le sinsir ó Haváí nó Oileán Chiúin (0,5 milliún daoine den sinsear sin amháin). Treocht mhór atá sna Stáit Aontaithe sa lá atá inniu ann ná fás an daonra Mheiriceánaigh Laidineacha. Tá amuigh is istigh ar 44 milliún Meiriceánaigh de shliocht Spáinneach, agus tá timpeall 64% le sinsear Mheicsiceacha. Idir 2000 agus 2006, d’fhás daonra Spáinneach na tire le 25,5% ach níor fhás an daonra neamhspáinneach ach 3,5%. Tháinig an chuid is mó den fhás sin ó hinimirce. I 2004, rugadh 12% den dhaonra Mheiriceánach i dtíortha iasachta, agus níos mó ná leath an uimhire sin ón Meiriceá Laidineach.

Cónaíonn timpeall le 83% den dhaonra i gceann de na 363 limistéar cathrach. I 2006, bhí daonra thar 100.000 daoine i 254 áit chorpraithe sna Stáit Aontaithe, agus bhí níos mó ná milliún cónaitheoir i 9 gcathair agus thar 2 mhilliún cónaitheoir i 4 cathair (Nua Eabharc, Los Angeles, Chicago, agus Houston). Tá caoga limistéar cathrach sna Stáit Aontaithe le daonra thar milliún daoine.

Teanga[athraigh | edit source]

Teangacha(2003)[1]
An Béarla (amháin) 214,8 milliún
An Spáinnis agus na fásteangacha gaolmhara 29,7 milliún
An tSínis 2.2 million
An Fhraincis agus na fásteangacha gaolmhara 1,9 milliún
An Tagálaigis 1,3 milliún
An Vítneaimis 1,1 milliún
An Ghearmáinis 1,1 milliún

Is é an Béarla an teanga náisiúnta de facto. Cé nach bhfuil aon teanga oifigiúil ag an léibhéal feidearálach, cuireann roint dlíthe, mar na riachtanais do headóirsiú, caighdeán ar Bhéarla. I 2003, labhair timpeall 215 milliún daoine, sin 82% den dhaonra thar 5 bhliain d’aois, Béarla amháin sa bhaile. Labhair níos mó ná 10% den dhaonra Spáinnis sa bhaile. Mar sin, is í Spáinnis an dara teanga sa tír agus an teanga iasachta is mó a mhúintear. Molann roinnt Meiricéanach stádas oifigiúl a chur ar an mBéarla, mar a bhfuil sé i 28 stát ar a laghad. Is teangacha oifigiúla iad Haváís agus Béarla in Haváí mar dlí Stáit. Cé nach bhfuil teanga oifigiúil ag Nua-Mheicsiceo nó Louisiana, tá dlíthe ann chun úsáid Bhéarla agus Spáinis a chur ar fáil do dhaoine i Nua-Mheicsiceo agus úsáid Bhéarla agus Fhraincis a chur ar fáil do dhaoine i Louisiana. I stáit eile, mar shampla California, ní mór doiciméid rialtais áirithe a fhoilsiú as Spáinnis chomh maith. Deonaíonn roinnt críoch aitheantas do a dteangacha dúchasacha in éineacht le Béarla; glactar le Samóis mar theanga oifigiúil eile i Samó agus Chamorro mar theanga oifigiúil eile i Guam agus na hOileáin Mariana Thuaidh. Is í Spáinnis teanga oifigiúil na Puerto Rico.

Creideamh[athraigh | edit source]

Go hoifigiúil, tír shaolta is ea na Stáit Aontaithe; ráthaíonn Bunreacht na Stát Aontaithe saoirse creidimh. Ní iniúchann an rialtas creideamh na Meiriceánach. Dar le suirbhé príobháideach a stiúradh i 2001, mhaígh 76,5% de Meiriceánaigh gur Chríostaí iad, síos ó 86,4% i 1990. Chleacht 52% de Mheiriceánaigh fásta ceann de na sainchreidimh Protastúnacha, agus bhí 24,5% de dhaoine ag cleachtadh Caitlicigh Rómhánaigh. An tuairisciú iomlán de neamhchríostaí i 2001 ná 3,7%, suas ó 3,3% i 1990. Is iad na príomhchreidimh neamhchríostaí ná Giúdachas (1,4%), Ioslam (0,5%), Búdachas (0,5%), Hiondúchas (0,4%) agus Uilíochas Aonadúil (0,3%). Idir 1990 agus 2001, dhúbhail an méid Moslamach agus Búdasach. Mhínigh 8,2% de dhaoine iad féin mar aindiachaí i 1990 agus d’ardaigh é sin go dtí 14,1% i 2001. Ach tá an méid sin fós níos lú ná i dtíortha iarthionsclaíocha eile mar shampla sa Bhreatan (44% i 2005) agus an tSualainn (69% i 2001, 85% i 2005).

Oideachas[athraigh | edit source]

Oibrítear oideachas poiblí Mheiriceánach le rialtais stát agus áitiúl agus tá sé rialaithe le Roinn Oideachais na Stát Aontaithe agus an Roinn ag baint úsáid as srianta ar dheontais feidearálacha. I mbeagnach gach stát, tá ar pháistí freastal ar scoil ó 6 nó 7 mbliana d’aois (de ghnáth sin é Kindergarten nó Rang a hAon) go dtí 18 mbliana d’aois (go hiondúil ó Rang a Dó-Dheag go dtí deireadh meánscoile). Ceadaíonn roinnt stát daltaí scoil a fhágáil agus iad 16 nó 17 mbliana d’aois. Cláraítear timpeall 12% de pháistí i scoileanna príobháideacha neamhsheicteacha nó i scoileanna paróisteacha. Faigheann thar 2% de pháistí oideachas sa bhaile. Tá a lán institiúid oideachais ardleibhéil sna Stáit Aontaithe agus iad iomaíoch príobhádaí agus poiblí. Chomh maith leis sin tá coláiste pobail le cáilíocht difriúla agus le polasaí oscailte maidir leis an gcead isteach. As Meiriceánaigh 25 bliain d’aois agus níos sinne, bhain 84,6% dóibh céim amach ó mheánscoil, d’fhreastal 52,6% ar choláiste éigean, fuair 27,2% dóibh céim baitsiléirí. Tá an bunráta liteartacht amuigh agus istigh ar 99%. Cuireann na Náisiúin Aontaithe innéacs oideachais de 0,9 ar na Stáit Aontaithe agus mar sin, is é an 12ú tír is fearr ar domhan maidir le oideachas.

Sláinte[athraigh | edit source]

Tá an ionchas saoil i Meiriceá (77,8 bliain) níos ísle ná an uimhir iomlán in Iarthar na hEorpa. Chomh maith leis sin, tá an uimhir trí nó ceithre bliain níos ísle ná an Iorua, an Eilvéis agus an Ceannada. D’ísligh céimíocht na tíre maidir leis an ionchas saoil thar fiche bliain agus thit sé ón 11ú áit go dtí 42ra háit sa domhan. Tá an ráta mortlaíochta (6,37 as gach 1000 daoine) sa 42ra háit as 221 tír, ar chul gach tíre in Iarthar na hEorpa. Tá na rátaí marthanas maidir le hailse sna Stáit Aontaithe ceann de na rátaí is airde ar domhan. Tá timpeall is tríú cuid de dhaonra aosach an Mheiriceá otracht agus tríú cuid breise róthrom; is é sin an ráta is airde sa domhan tionsclaithe agus dhúbhail an ráta sa deireadh 25 bliain. Measann gairmí sláintí gur eipidéim is ea í diaibéiteas cineál 2 a bhaineann leis an otracht. Tá an ráta toirchis i measc déagóirí sna Stáit Aontaithe (79,8 as gach 1000) a cheithre oiread níos mó ná an Fhrainc agus a chúig oiread níos mó ná an Ghearmáin. Is féidir ginmhilleadh dlíthiúl a fháil sna Stáit Aontaithe ach is conspóid mhór pholaitiúil í. Cuireann a lán stát cosc ar chistiúchán poiblí don ginmhillead. Tá roinnt dlíthe ann sna stáit chomh maith a chuireann cosc ar ghinmhilleadh san iarthéarma, ní foláir an ginmhilleadh a chur in iúl do thuismitheoirí maidir le déagóirí, agus uaireannta tá tréimhse feithimh ann sar is féidir an ginmhilleadh a fháil. Cé go bhfuil an ráta ginmhilltí ag laghdú, tá coibhneas ginmhilltí an Mheiriceá (241 as gach 1000 breith beo agus 15 as gach 1000 bean idir 15-44) níos airde ná formhór na tíre in Iarthar na hEorpa.

Caitheann córas sláinte na Stát Aontaithe níos mó ná aon náisiún eile má tomhaistear é i gcaitheamh an duine agus i gcéatadán an OTN. Níl córas sláinte na Stát Aontaithe uilíoch murab ionann, agus tíortha fhorbartha eile. Baineann an córas níos mó feidhm as cistiúcháin príobáideacha. I 2004, D’íoc árachas príobháideach ar 36% caiteachas sláinte pearsanta, íocaíochtaí-as-póca príobháideacha ar 15% agus rialtais feidearálacha, stáit agus áitiúla ar 44%. I 2000 chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte córas sláinte na Stát Aontaithe sa chéad áit ar domhan maidir le freagrachas, ach sa 37ú áit maidir le feidhmiú ginearálta. Is ceannaire iad na Stáit Aontaithe i nuála sláinte. I 2004, chaith earnáil neamhthionsclaíoch na Stát Aontaithe a trí oiread an duine ná an Eoraip ar taighde bithleighis. Is iad billí leighis príomhchúis féimheachta pearsanta sna Stáit Aontaithe. I 2005, ní raibh árachas ag 46,6 milliún de Mheiriceánaigh, sin é 15,% den dhaonra. Is í príomhhcúis an meathlú sin ná an lagdú in árachas sláinte atá urraithe ag fostóirí, a thit ó 62,6% i 2001 go 59,5% i 2005. Bhí amuigh agus istigh an tríú cuid de na daoine gan árachas ina gcónaí i lion tí le hioncaim bliantúla níos mó ná $50.000 agus leath na ndaoine sin le hioncam thar $75.000. Bhí tríú cuid eile de dhaoine i dteideal árachais sláinte poiblí ach ní raibh siad cláraithe. I 2006, d’éirigh Massachusetts an chéad stát chun árachas sláint a sainordú; tá Cailfornia ag machnamh ar reactaíocht dá samhail.

Cultúr[athraigh | edit source]

Tír ilchultúrtha is ea é an Meiriceá agus cineál grúpaí eitneacha lena dtradisiúin agus luachanna féin ina gcónaí ann. Níl aon eitneach “Meiriceánach”; lasmuigh de dhaonra beag Meireacánach dúchasach, tháinigh beagnach gach Mericeánaigh nó a sinsir ar inimirce laistigh cúig céad. Is é an cultúr atá ag formhór na Meiriceánach ná príomhchultúr Meiriceánach – cultúr iartharach a thagann ó thraidisiúin imirceach Iarthar na hEorpa. Chuir na lonnaitheoirí Sasanacha agus Ollanacha tús leis an gcultúr sin. Bhí cultúr na Gearmáine, na hÉireann agus na hAlban tábhactach chomh maith. Ghlac príomhchultúr an Mheiriceá le hairíona áirithe ó sclábhaithe Mandé agus Wolof a tháing ó Iarthar na hAfraice; d’fhorbair cultúr sainiúil Meiriceánach Afracach a bhí bunaithe ar thraidisiúin na sclábhaí Bantu a tháinig ó Lár-Afraic agus chuaigh sé sin i bhfeidm ar an bpríomhchultúr chomh maith. Chomhtháthaigh Creole agus Cajun na Louisiana agus Hispanos an iardheiscirt agus an náisiún ag fairsingiú siar. Mar sin tháinig siad i dtadhall le cultúr an Mheicsiceo. Tháinig eilimintí chultúrtha nua leis an inimirce mhór sa 19ú haois agus tús an 20ú haois. D’fhéadfadh corcán leáite aonclineálach a ghlaoch ar an meascán chultúrtha sin nó babhla sailéid ina choinníonn na hinimircigh agus a sinsir a dtréithí cultúrtha sainiúla féin.

Cé go ndeireann cultúr Meiriceánach gur sochaí gan aicme atá ann sna SA, shainaithin eacnamaithe agus socheolaithe go bhfuil difríochtaí chultúrtha ann idir aicme na tíre agus téann sé sin i bhfeidm ar teanga, luachanna agus rudaí eile. Is foinse iad an mheánaicme agus an aicme phroifisiúnta do treochtaí sósialta mar fheimineachas, timpeallachas agus ilchultúrachas. Tá féiníomhá, déarcaigh sóisialta agus dóchais chulturtha na Meiriceánach conasctha go géar lena ngairm. Cé go bhfuil luach mór ag baint le héacht eacnamaíochta, meastar gur airí dimhneach é a bheith i do ghnáthduine. Cé go bhfuil léargas ann go bhfuil soghluaisteacht sóisialta ard ag Meiriceánaigh, ceapann roinnt anailísí go bhfuil soghluaisteacht sóisialta níos lú sna SA ná in Iarthar na hEorpa agus i gCeannada.

Na Meáin Chumarsáide[athraigh | edit source]

I 1878, d’úsáid Eadweard Muybridge ceamraí iolracha chun gluaisteacht a tharraingt agus mar sin thaispeáin sé cumhacht ghrianghrafadóireachta. I 1894, taispeánadh céad taispeántas scannáin tráchtála an domhain i Nua Eabharc ag baint úsáid as Kinetoscope Thomas Edison. Na blianta a leanas, bhí na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta an fhórais scannáin fuaime. Ó thús an fichiú haois, bhí tionscal scannáin na SA suite i agus timpeall Hollywood, California. Bhí baint ag an stiúrthóir D.W. Griffith le fóras na gramadaí scannáin. Agus luaitear an scannán Citizen Kane (1941) le Orson Welles go minic i vótáilí criticeoirí mar an scannán is fearr riamh. Tá aisteoirí scannán mar John Wayne agus Marilyn Monroe ina n-íol, agus ba cheannaire é an léiritheoir/fiontraí Walt Disney i gcartúin agus earraí scannán. Rinneadh a lán scannán rathúla tráchtála mar Star Wars (1977) agus Titanic (1997) sna príomhstiúideo i Hollywood agus mar sin, tá scannáin Hollywood i gceannas ar thionscal scannáin an domhain sa lá atá inniu ann.

Is iad na Meiriceánaigh na bréathnóirí is mó ar domhan agus tá an meánam a chaiteann siad os comhair na teilifíse ag méadú (5 uair an lae i 2006). Is eagrais tráchtála iad na 4 mórbhealach teilifíse go léir. Éisteann Meiriceánaigh leis an raidió, atá go mór tráchtála chom maith, ar feadh dhá huair go leith an la ear an meán. Na suíomh idirlíon is coitianta, lasmuigh de suíomh tairsigh agus gléas cuardaithe, ná eBay, MySpace, Amazon.com, The New York Times, agus Apple. Coimeádann 12 milliún Meiriceánach blag.

Chuaigh stíl liriceach agus rithimeach an cheoil Afracaigh-Meiriceánaigh i bhfeidhm ar cheol Meiriceánach. Glacadh eilimintí ó cheol mar na bliúanna agus ceol seanaois agus d’éirigh sé sin ina seánraí coitianta le lucht éisteachta domhanda. D’fhás snagcheol le ceoltóirí mar Louis Armstrong agus Duke Ellington ag tús an fichiú haois. Tháinig ceol tíre, R&B agus roc is roll chun cinn sna 1920idí agus 1950idí. Le linn athbheochana an cheoil tíre, d’éirigh Bob Dylan ceann de na scríbhneoir cheoil is fearr sa Mheiriceá agus bhí James Brown ina cheannaire ar fhorás an cheoil funk. Ceann de na cruthú Meiriceánaigh nua is ea iad hip hop agus ceol tí. D’éirigh pop-réalt Meiriceánaigh mar Elvis Presley, Michael Jackson agus Madonna ina gclúiteaigh domhanda.

Litríocht, fealsúnacht agus na healaíona[athraigh | edit source]

I rith an 18ú haois agus i dtús an 19ú haois, chuaigh ealaíon agus litríocht na hEorpa i gcion ar an Meiriceá. Ach i lár an 19ú haois bhí scríbhneoirí nua ann mar Nathaniel Hawthorne, Edgar Allan Poe, agus Henry David Thoreau agus mar sin bhí stíl liteartha shoiléir Mheiriceánach ann. Príomhphearsa maidir leis an litríocht ab iad Mark Twain agus an file Walt Whitman ag an am sin. File riachtanach eile ab ea Emily Dickinson – file a bhí beagnach anaithnid i rith a saoil. D’fhéadfadh "Úrscéal Mór Meiriceánach" a ghlaoch ar úrscéil a chuireann síos ar ghné bhunúsach an charachtair agus na heachtra náisiúnta mar shample: Moby-Dick le Herman Melville (1851), The Adventures of Huckleberry Finn le Mark Twain (1885) agus The Great Gatsby le F. Scott Fitzgerald (1925).

Tá 11 saoránach Meiriceánach tar éis Duais Nobel na Litríochta a bhuachan – an buaiteoir is déanaí ná Toni Morrison i 1993. Ainmnítear Ernest Hemingway, a bhuaigh Duais Nobel i 1954, go minic mar cheann de na scríbhneoirí is tábhachtachaí sa 20ú haois. Thosaigh seánraí liteartha coitianta mar leabhair buachaillí bó agus ficsean coir. Chruthaigh scríbhneoirí an Beat Generation seánraí liteartha nua chomh maith le húdair iar-nua-aimseartha mar John Barth, Thomas Pynchon agus Don DeLillo.

Chruthaigh na transcendentalists a bhí treoraithe le Ralph Waldo Emerson agus Thoreau, an chéad príomhghluaiseacht fealsúnachta i Meiriceá. Tar éis an chogaidh carthartha, ba é Charles Pierce, agus ansin ba iad William James agus John Dewey ceannairí i bhforbairt na pragmatism. I rith an 20ú haois, chabhraigh obair W.V. Quine agus Richard Rorty chun fealsúnacht anailíseach a thabhairt chun tosaigh i gciorcail acadúla an SA.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Table 47—Languages Spoken at Home by Language: 2003" (PDF). Statistical Abstract of the United States 2006. U.S. Census Bureau.