Québec

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Québec.

Is náisiún i Meireceá Thuaidh agus an chúige is mó (ó thaobh achair de) i gCeanada é Québec. Is é an dara chúige Ceanadach is mó de réir daonra (7,598,100 i mí Iúil 2005, nó 24% de mhuintir Cheanada). Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil. Is é Québec an t-aon cúige i gCeanada ina bhfuil an Béarla ina mhionteanga, agus tá sé ar cheann den dá chúige ina bhfuil an Fhraincis ina theanga oifigiúil, chomh maith le New Brunswick. Is í Cathair Québec an phríomhchathair, agus is í Montréal an chathair is mó.

Tugtar Québécois ar mhuintir Québec as Fraincis. Ba mhaith leis na Québécois a dteanga a choinneáil gan tionchar ón Bhéarla. Léirítear é seo ar chomharthaí bóithre mar shampla; sa dóigh is go gcuirtear "ARRÊT" (an bhriathar stad sa Fhraincis) in ionad "STOP". Is é "STOP" an focal roghnaithe in úsáid ámh i mórchuid na dtíortha eile a bhfuil Fraincis mar phríomhtheanga acu. Is dócha gur sampla é seo den bhród atá acu dá dteanga agus dá gcultúr. Deir cuid mhór daoine eile áfach gur ionann é seo agus frith-Shasanachas nó frith-Bhéarlachas i bhfeidhm go hoifigiúil.

I reachtaíocht a chuireadh i bhfeidhm siar sna 70aidí ba í an Fhraincis an t-aon teanga ar féidir úsáid i gcúrsaí gnó ó thaobh ainmniúchán de. Mar shampla athraíonn comhlachtaí móra a n-ainmneacha agus iad loinnithe i Québec de réir an dlí, m.sh. tugtar Shoppers Drug Mart ar shiopa áirithe i dToronto, ach cuirtear Pharmaprix ar bhrainse den tsiopa cearna i Montréal, agus i gCathair Québec labhraítear ar Bureau en Gros in áit Staples i Vancouver.

Bhí dhá reifreann i Québec fá dtaobh de scoilteadh ón chuid eile de Cheanada. Tharla an chéad cheann i 1980 agus an darna ceann i 1995. Ba mhór an tacaíocht a fuair siad ón Parti Québécois (na náisiúnaithe Québecois agus an páirtí polaitíochta is mó sa chúige) os rud é gurbh iadsan a chuir toiseacht leis an fheachtas. Theip orthu. Diúltaíodh an 1d cheann le 59.56% (in aghaidh neamhspleáchais) agus 40.44% (ar a shon). Léiríodh níos mó tacaíochta don reachtaíocht an dara babhta ámh, nuair a diúltaíodh í le 50.58% (ina aghaidh) agus 49.42% (ar a shon).

Thug iar-laoch míleatach i rith an Dara Cogadh Domhanda agus Uachtarán na Fraince, Charles de Gaulle, cuairt ar Québec ar an 24ú Iúil 1967. Chruthaigh sé atmaisféar deacra do chaidrimh polaitíochta idir an Fhrainc agus Ceanada nuair a scairt sé i láthair slua ollmhór ar an taobh amuigh de Halla na Cathrach i gCathair Québec "Québec go brách! Québec saor go brách!" [1]. Ina dhiaidh sin, chuir sé leo, á rá "Ceanada Francach go brách! Agus an Fhrainc go brách!" [2]. Cé gur léir ón scannán seo gur thacaigh an chuid is mó den tslua a bhí bailithe len é a fheiceáil leis an mhéid a bhí le rá aige, léirigh an rialtas in Ottawa a mhíshuaimhneas, á rá "Ní gá do Cheanadaigh a bheith saortha. Muise, chaill na mílte Ceanadach a mbeatha ar son shaoirse na Fraince agus tíortha Eorpacha eile" [3] Cheap na náisiúnaithe go raibh de Gaulle ag tacú leofa, agus d'ardaigh a gcuid den vótáil san olltoghchán ina dhiaidh.

[athraigh] Tagairtí

  1. "Vive le Québec! Vive le Québec libre!" a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince
  2. "Vive le Canada français! Et vive la France!" a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince
  3. "Canadians do not need to be liberated. Indeed, many thousands of Canadians gave their lives in two world wars in the liberation of France and other European countries." a dúirt Príomh-Aire Cheanada Lester Bowles "Mike" Pearson
Cúigí agus Críocha Cheanada
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec
New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar
Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut
Bratach an Cheanada


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile