Lochlannaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'fhir gnó, coilínigh agus, mar is eol go leathan, foghlaithe mara iad na LochlannaighUigingighVairingiaigh a shíolraigh as Críoch Lochlann. Idir na blianta 800 agus 1050, rinneadar coilíniú, réabadh agus trádáil ar fud chóstaí, aibhneacha agus oileáin na hEorpa agus fiú oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Thugadar Norðmenn (fir aduaidh) orthu féin. Tugann Lochlannaigh an lae inniu fós nordbordaoine aduaidh orthu féin.

Bád lochlannach ar stampa phoist ó na hOileáin Fharó

Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le obair lámha agus le trádáil. Sa Rúis agus san Impireacht Bhiosántach, thugtaí na Vairingiaigh (Væringjar, ar bhrí leis ná "fir geasa") ar na Lochlannaigh, agus thugtaí an Gárda Vairingiach ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí Danair, Gearmánaigh agus Normannaigh orthu freisin, agus as Gaeilge déantaí idirdhealú idir dubh-Lochlannaigh, nó Danair, agus Fionn-Lochlannaigh, nó Ioruaigh. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na Sualannnaigh, na hÍoslannaigh agus oileánaigh Faró náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i Sasana, in Albain, in oirthear na hÉireann agus i dtuaisceart na Fraince.

B'astu siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú aois ar aghaidh.