Luimneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luimneach
Crest
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Limerick Magnified.png
Daonra (2006)
- Baile:
102,161 
Airde: ~20m
Contae: Contae Luimnigh
Cúige: An Mhumhain

Luimneach (Limerick as Béarla) ar an gceathrú cathair is mó in Oileán na hÉireann agus ar an tríú cathair is mó sa Phoblacht. Tá an chathair suite chois na Sionainne i gContae Luimnigh in iardheisceart na tíre. Sa bhliain 2012, fógraíodh go mbeadh Luimneach a bheith an chéad Náisiúnta na Cathrach Chultúr Éireann i 2014, le roinnt imeachtaí mar gheall ar siúl sa chathair i rith na bliana.

Mana[athraigh | edit source]

Tagairt don Aeinéid é mana na cathrach, mar atá, "Urbs antiqua fuit [...] studiisque asperrima belli" (An Aeinéid, 1,12-14). Cur síos atá ann a thug Vergilius ar an gCartaig i dtús an cheathrú leabhar den Aeinéid, agus is é is ciall leis na focail ná "Cathair sheanársa a bhí ann, agus cúrsaí an chogaidh ar eolas aici."

Daonra[athraigh | edit source]

Radharc ar Luimneach ón tsatailít

Tá cónaí ar thuairim is 54,000 duine sa chathair féin, agus beagnach céad míle duine i mórcheantar iomlán na cathrach. Éireannaigh ab ea iad mórchuid mhuintir Luimnigh chomh déanach leis an mbliain 1995 - 95& nó níos mó fós. Idir an dá linn, áfach, d'imigh sin agus tháinig seo. Bhí lucht na hinimirce ag tonnadh isteach ó sin, agus anois, is féidir pobail Pholannacha, Shíneacha, Rúiseacha, Liotuánacha, Nigéaracha agus eile le haithint sa chathair.

Is iad na sloinnte ó Thuaisceart na Mumhan is minicí a bhíonn ar mhuintir na háite - Ó Briain, Ó Riain, Mac Conmara, Mac Gearailt, Ó hAodha, Ó Gliasáin, Ó hIfearnáin, Ó hÓgáin agus Ó Maoldomhnaigh, mar shampla. Na cinn choitianta eile, is sloinnte iad a bhíonn le feiceáil ar fud an Deiscirt go léir, ar nós Ó Murchú, Ó Ceallaigh, Ó Súilleabháin, Mac Cárthaigh, de Paor, de Búrca, Ó Loingsigh agus Ó Foghlú.

Tá sloinnte ann freisin, Ó Colphta agus Ó Stóráin mar shampla, agus iad i bhfad níos coitianta i Luimneach ná in aon áit eile sa tír.

Na sloinnte tipiciúla a d'fheicfeá ar dhaoine arb as Luimneach dóibh, is sloinnte Gaelacha iad, bíodh is nach miste cuimhne a choinneáil air gur sloinnte Normannacha iad Mac Gearailt, de Paor agus de Búrca ó thús. Mar sin féin, tá sloinnte Gallda nó eachtrannacha ann a tháinig isteach sna haoiseanna roimhe seo, agus iad á samhlú le Luimneach inniu. Fuarthas Price, Williams agus Llewellyn ó shaighdiúirí dearga a tháinig ón mBreatain Bheag, agus iad ar garastún san áit. Maidir le Harold agus Peacock, is ainmneacha Lochlannacha iad ar dtús. San 18ú haois, chuir Palaitínigh Ghearmánacha - ó Pfalz - fúthu i gContae Luimnigh, agus is uathusan a fuarthas sloinnte cosúil le Chawke, Bovenizer agus Shire.

Stair[athraigh | edit source]

Príomhalt: Stair Luimnigh

Ós rud é gurb anseo a bhí an t-áth deireanach trasna na Sionna, bhí tábhacht straitéiseach ag baint le Luimneach riamh, agus daoine ag cur fúthu sa bhall seo ó thús stair na hÉireann. Luaigh an tíreolaí seanársa Tolamaes an áit seo ina chuid scríbhinní mar Regia. Deirtear gur bhunaigh Mainchín, éarlamh na cathrach, mainistir in aice an átha i Sparr Thumhan i dtús na seachtú haoise.

B'iad na Lochlannaigh a bhunaigh an chathair i ndáiríre timpeall na bliana 812 AD, agus í mar bhunáit acu nuair a bhí siad ag iarraidh a réim a leathnú amach go lár na hÉireann. I ndiaidh Chath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, fuair na treibheanna Gaelacha seilbh ar an gcathair arís. B'iad na Brianaigh an teaghlach ba láidre acu, agus bunaíodh Ardeaglais Mhuire nuair a bhí an taoiseach Domhnall Mór Ó Briain i gceannas ar an áit.

Sa bhliain 1170, ghabh na Normannaigh an chathair agus tógadh Caisleán an Rí Eoin go gairid ina dhiaidh sin. Bronnadh cairt chathrach ar Luimneach sa bhliain 1197, agus bhí Adam Sarvant ar an gcéad mhéara.

D'ionsaigh Oilibhéar Cromail an chathair sa bhlian 1650. Bhí Luimneach á chur faoi léigear sa bhliain 1690 agus arís sa bhliain 1691, i rith Chogadh an Dá Rí, nuair a bhí an Rí Uilliam Oráiste agus an Rí Séamus II Shasana ag cur cogaidh ar a chéile. I ndiaidh an dara léigearn síníodh Conradh Luimnigh, conradh a bhí ag gealladh saoirse chreidimh do na Caitlicigh. Deirtear gur briseadh an conradh sula raibh dúch a shínithe tirim, agus mar sin, is gnách Cathair an Chonartha Bhriste a thabhairt ar Luimneach chomh maith.

San ochtú haois déag, thosaigh ceantair nua ag fás taobh amuigh de sheanfhallaí na cathrach. San am seo a tháinig na tithe Seoirseacha i lár an bhaile nua ar an bhfód chomh maith. I ndiaidh Acht an Aontais le Sasana sa bhliain 1801, tháinig meath ar Luimneach ó thaobh na heacnamaíochta de. Roimhe sin, bhí caidreamh beoga trádála ag an gcathair le Meiriceá agus le Mór-Roinn na hEorpa, ach anois, chuaigh an trádáil sin i léig. Bhí Luimneach ar an dara cathair is mó daonra in Éirinn go lár na naoú haoise déag, ach ina dhiaidh sin, scoith Béal Feirste agus Corcaigh í.

Le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921) agus Chogadh na gCarad (1922-1923), cuireadh cuid mhór cathanna i Luimneach agus sa cheantar máguaird. Thosaigh an geilleagar ag bisiú arís, nuair a tógadh Aerfort na Sionainne le freastal ar an taisteal tras-Atlantach sa bhliain 1948.

Ón mbliain 1960 go tús na 1990idí, chuir a lán comhlachtaí iasachta ó na Stáit Aontaithe, ón nGearmáin agus ón Ríocht Aontaithe le monarchana nua a chur ar bun sa chathair féin agus timpeall an aerfoirt, rud a tharla de bharr na bpolasaithe a bhí i bhfeidhm le hinfheistíocht a mhealladh isteach ón gcoigríoch. Ó bhí fostaíocht ar fáil chomh flúirseach sin, chuaigh an chathair féin i méadaíocht arís. Cé go bhfuil líon na bhfostaithe sna comhlachtaí déantúsaíochta ag dul i laghad arís ó chasadh na mílaoise, tháinig fás mór ar an earnáil seirbhíse sa tréimhse chéanna, agus an chathair ag dul i bhfairsinge i gcónaí. Tá an fás seo le haithint, fiú, trasna na teorainne a fhad le Contae an Chláir.

Suíomh[athraigh | edit source]

Léarscáil a thaispeánann an chathair agus na bruachbhailte

Tá Luimneach suite in Iarthar na hÉireann ar bhruach na Sionainne timpeall ar 210 km siar ó dheas ó phríomhchathair na tíre, Baile Átha Cliath. Tá sí beagnach leath an bhealaigh ó Ghaillimh go Corcaigh. Tá Cathair na Gaillimhe ar an séú cathair is mó sa tír, agus í faoi 108 km ó thuaidh de Luimneach. Is í Corcaigh an tríú cathair is mó i bPoblacht na hÉireann, agus í 106 km ó dheas ó Luimneach. Tá Port Láirge ar an seachtú cathair is mó sa tír, agus í suite 125 km soir ó dheas ó Luimneach.

Cé go bhfuil an fharraige beagnach 100 km ar shiúl ó Luimneach, is féidir tuile agus trá na taoide a mhothú a fhad le Cathair Luimnigh trí Bhéal na Sionainne. Tá an tseanchathair rointe ina dhá cuid, mar atá, an Baile Gallda in Oileán an Rí agus an Baile Gaelach ó dheas ó Abhainn na Mainistreach, ar fo-abhainn don tSionainn í. Ar an mbruach thuaidh den tSionainn ón mBaile Gallda atá Sparr Thuamhan.

Tugtar An Baile Nua, nó Baile Nua an Phoirigh, ar lár na cathrach (mar atá inniu), agus an ceantar seo á leathnú siar ón mBaile Gaelach. Sa naoú haois déag agus ina dhiaidh sin, bunaíodh bruachbhailte nua ar nós Bóthar na hInse, Cathair Daibhín, Máigh Ros, Corrbhaile, Caladh Uí Threoigh, An Cnoc Theas, Baile na Cora agus An Ráithín. Inniu féin, is ansin atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir Luimnigh.

Teangacha[athraigh | edit source]

Teangacha i chathair Luimneach[athraigh | edit source]

Bhí 21,101 ábalta Gailge a labhairt, do na daoine sin labhair 6,578 daoine Gailge gach lá.Labhair 7,063 daoine teanga eile seachas Béarla nó Gailge sa bhaile. Bhí Polainnis an teanga iasachta is comónta sa bhaile le 2,450 cainteoirí.

Teangacha i chathair Luimneach agus a bruachbhailte[athraigh | edit source]

Bhí 36,391 daoine ábalta Gailge a labhairt, do na daoine seo labhair 10,922 é gach lá. Labhair 12,986 teanga eile seachas Béarla no Gailge sa bhaile.Bhí Polainnis an teanga iasachta is comónta sa bhaile le 4,416 cainteoirí.

Rialtas Áitiúil[athraigh | edit source]

Go bunúsach, is í Comhairle Cathrach Luimnigh rialtas áitiúil na cathrach, ach ó chuaigh an t-áitreabh thar teorainn amach sa bhliain 1950, tá cónaí ar dhuine as an mbeirt taobh amuigh de dhlínse na comhairle cathrach, i ndlínsí Chontae Luimnigh agus Chontae an Chláir. Dá dheasca sin, tá líon na ndaoine i seilbh a dtithe féin i bhfad níos ísle i gCathair Luimnigh ná i ndlínse aon údaráis áitiúil eile i bPoblacht na hÉireann.

B'é Bardas Luimnigh ainm an údaráis áitiúil ó bunaíodh sa bhliain 1197 é go dtí an bhliain 2004, nuair a d'achtaigh Dáil Éireann reacht nua faoi rialtas áitiúil. B'ansin a cuireadh an Chomhairle Cathrach nua ar bun.

Teach na Cúirte, Cé na gCeannaithe, Luimneach. Seo an chuma atá ar an teach ó atógadh é sa bhliain 2004.

Toghcháin na Comhairle Cathrach[athraigh | edit source]

Toghtar seachtar mball déag ar an gComhairle uair in aghaidh na gcúig mblian. Tá an chathair roinnte ina ceithre barda, agus ceithre nó cúig shuíochán ar an gComhairle ag dul do gach barda. Seanóir a thugtar ar an gcéad bhall a thoghtar i ngach barda, agus is Comhairleoirí iad na baill eile.

Cumhachtaí[athraigh | edit source]

Toghann na Comhairleoirí féin Méara na Cathrach go bliantúil i ndeireadh Mhí an Mheithimh. Tá an Méara ina Chathaoirleach ar na Comhairleoirí. Cé gurb eisean Chéad Shaoránach na Cathrach, is beag cumhacht ar leath atá aige, nó tá na cumhachtaí feidhmiúcháin dílsithe do Bhainisteoir na Cathrach, agus é ceaptha ag an rialtas náisiúnta.

I gcásanna áirithe, is féidir leis na Comhairleoirí diúltú don chinneadh atá glactha ag an mBainisteoir. Má dhiúltaíonn siad don bhuiséad bhliantúil gan plean eile dá gcuid féin a mholadh ina áit, áfach, is féidir leis an Aire Comhshaoil an Chomhairle a scor.

Dualgaisí[athraigh | edit source]

Tá sé de dhualgas ar an gComhairle pleanáil agus forbairt a dhéanamh ar an gcathair agus seirbhísí áirithe a sholáthar: an córas iompair áitiúil a choinneáil ag imeacht agus bail a chur ar na bóithre (amach ó na bealaí móra náisiúnta), mar shampla. Caithfidh an Chomhairle féachaint chuige freisin go mbíonn leabhair ar fáil sna leabharlanna agus nach mbáitear muintir na háite san uisce séarachais. Is í an Chomhairle a chuireann na crainn solais ag taitneamh, a choinníonn na sráideanna glan, a ghearrann na rátaí, mótarchánacha agus na taillí áitiúla de na daoine. Dualgas eile fós é tithíocht shóisialta a chur ar fáil.

Ailtireacht[athraigh | edit source]

Tithe Seoirseacha a tógadh ag deireadh an 18ú haois i Sráid Mháigh Eala, Luimneach

Cosúil lena lán cathracha eile in Éirinn tá oidhreacht ailtireachta ar leith ag Luimneach. Ó nach bhfuil cáil na turasóireachta ar an áit, áfach, ní bhíonn an aithne chéanna ar radhairc inspéise Luimnigh agus a bhíonn ar a leithéidí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh nó i nGaillimh.

Baile átha a bhí i Luimneach ar dtús, is é sin, d'fhás sé timpeall ar áit ina mbítí ag dul trasna na Sionanne. Inniu féin, is í an abhainn croí na cathrach, d'ainneoin is gur thug sí droim a láimhe léi ar feadh tamaill cosúil lena lán bailte abhann eile in Éirinn. Ó na hochtóidí i leith, áfach, tháinig an-bhéim ar an abhainn agus ar thábhacht na habhann don chathair, go mór mór faoi thionchar Shéamuis Bharóid (Jim Barrett as Béarla), a bhí ina ailtire ag Bardas Luimnigh san am sin. Nuair a tógadh Droichead na Sionnainne ó Sráid Mháigh Eala go Trá Mhic Fhlannchadha sa bhliain 1988, d'athraigh fócas na cathrach ar an abhainn arís.

Cé gurbh é an limistéar Seoirseach i mBaile Nua an Phoirigh is mó a bhain amach cáil don chathair ó thaobh na hailtireachta de, tá foirgnimh le feiceáil fós a bhaineann le gach ré, a bheag nó a mhór, i stair chathair Luimnigh.

Iompar[athraigh | edit source]

Léarscáil Iarnróid agus príomh-bhóithre Luimnigh

Bhí Luimneach riamh ina lárionad tábhachtach iompair, ós baile átha a bhí ann ó thús. Ceann scríbe ann féin í an chathair, ar ndóigh, ach thairis sin, tá sí suite ar an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, ó Chorcaigh go Gaillimh agus ó Phort Láirge go hIarthar na hÉireann.

Bíonn na traenacha agus na busanna fadtaistil go cathracha eile na tíre ag imeacht go tiubh ó Stáisiún Cholbert ar Shráid Pharnell.

Aerfort na Sionainne suite 25 km siar ó lár na cathrach i gContae an Chláir, agus é ag tairiscint seirbhísí tras-Atlantacha chomh maith leis na heitiltí go dtí an Bhreatain Mhór agus go Mór-Roinn na hEorpa.

Tá calafort ann i gcónaí i lár na cathrach, ach is beag úsáid a bhaintear as inniu, i gcomparáid leis na laethanta a bhí. Tá an chuid is mó de thrácht na mbád is na long aistrithe go Faing, 30 km siar ar Bhéal na Sionainne. Ansin a thagann na báid sa deireadh a bhíonn ag trácht chóras canálach na Sionainne.

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]

Siopadóireacht[athraigh | edit source]

Ionad Siopadóireachta an Chorráin, Tuar an Dúill, 2005

Bhí cáil ar leith ar Luimneach ó lár an 19ú aois mar ionad siopadóireachta mar go raibh sí suite ar ghabhal príomh-bhealaigh Deisceart agus Iarthar na hÉireann. Agus ós rud é go raibh sí suite i lár limistéar tabhachtach feirmeorachta Machaire Méith na Mumhan, ba ionad nádúrtha margaidh í chomh maith.

Cé gur laghdaigh a tabhacht i lár an 20ú aois nuair a d'éirigh tionchar Bhaile Átha Cliath níos troime in eacnamaíocht na tíre, tá sé ag fás arís maraon le fás coitianta na hÉireann. Cuideoidh forbairt córas mór-bhóithre na tíre leis an bhforbairt seo ós rud é go gcuireann sé Luimneach 70 nóiméad taistil ó Chorcaigh, Gaillimh agus Port Láirge, na mór-ionaid réigiúnacha eile na tíre.

Tá ceanntar siopadóireachta lár na cathrach ag leathnú ó 1990 anuas agus tá páirceanna móra siopadóireachta á thógáil ar imeall na cathrach, go mór ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath (N7), Bóthar Béal Átha Siomóin (N24), Bóthar Corcaigh (N20), Bóthar na nDuganna (N69) agus Bóthar na hInse (N19).

Gach maidin Dé Sathairn, díoltar glasraí, feoil, bláthanna, torthaí, bréagáin, crua-earraí, earraí ealaíona agus a thuilleadh i Margadh an Bhainne atá suite idir an Sráid Ard agus Sráid Éibhlín sa Bhaile Gallda.

Mór-Thionscal[athraigh | edit source]

Ón 18ú aois suas go dti lár an 20ú aois, bhí cáil ar leith ar Luimneach mar ionad próiséis bia. Ba iad monarchain leasú bágúin (Shaws, Mattersons, O'Mearas agus Dennys), muilinn plúir (Ranks) agus uachtarlanna i measc na tionscal is tabhachtaí chomh maith leis na monarchain éadaigh, tabac agus leathair. Ach tar éis teacht an tsaor-thráchtála sna 1960í, dúnadh a bhformhór.

Bunaíodh móráin monarchain nua sa chathair, sna bruach-bhailte agus i mbaile nua Sionna idir 1960 agus 1980, go mór mór sa thionscal leictreonach. Cé gur dhúnadh cuid mhaith díobh tar éis an mílaoise nuair a thréigh fostaíocht déantúisíochta Éire chun dul chuig an Áis agus oirthear na hEorpa, is ionad mór thionscail fós í Luimneach. Is iad Dell Computer (riamhairi) i Ráithín, Analog Devices (chipeanna) i Ráithín agus Vistakon (lionsa taidhle) i gCaladh Uí Threoigh na fostaitheoiri tionscail is mó i mór-chathair Luimnigh faoi láthair.

I gomharsanacht Aerfort na Sionna, tá Páirc Eitileorachta na Sionna in a bhfuil comhlachtaí deisiú eitileáin, airgeadais eitileorachta, deisiú innealra agus deantúsaíocht agus deisiú codanna eitileáin.

Sráid na Danmhairge sa bhlian 1982

Mion-Thionscal[athraigh | edit source]

Cé gur le comhluchtaí eachtracha formhór na dtionscal móra i Luimneach agus a timpeallacht, tá dúlra bríomhar mion-thionscail ard-theicneolaíochta inti freisin ar le comhluchtaí Éireannach a bhformhór. In a measca, tá a leithéid a bhaineann le riamhairí, bog-earraí, dearadh, multi-mheáin agus foilsiú agus tá a lán díobh suite i bPáirc Teichneolaíochta Plassey i gCaladh Uí Threoigh gar d'Ollscoil Luimnigh.

Cé go bhfuil na monarchain éadaigh beagnach go léir dúnta anois, tá traidisiún láidir faisin fós sa chathair ós rud é go bhfuil cúrsa tríú leibhéal cáiliúil ar fáil i gColáiste Ealaíona Luimnigh ar Sráid an Chláir (cuid de Isntitiúd Teichneolaíochta Luimnigh). Tá an scannán "Cowboys & Angels" bunaithe are mhic-léinn an Choláiste sin.

Tá ionad taighde agus táirgíochta bia i bPáirc Tionscail Ráithín.

Seirbhísí[athraigh | edit source]

Tá fás mór tagtha ar thionscail seirbhísí i Luimneach ó 1990 anuas. Ós rud é gur phríomh-chathair an Mean-Iarthair í, is lár-ionad airgeadais, riarachán, sláinte agus trádála í do réigiúin in a bhfuil 400,000 áitreabhaigh.

De barr a suíomh, úsáideann an-chuid chomhluchtaí an chathair nó an ceanntar mor-thimpeall dí mar a dara láthair scaipiúcháin sa Phoblacht i ndiaidh Bhaile Átha Cliath.

Tá príomh-oifig Ard-Bhailitheoir na gCoimisiúinéiri Ioncaim suite ar Shráid Phroinsias agus tá feidhmeanna cabhair eachtracha an Roinn Gnóthaí Eachtracha á aistriú go Luimneach. Tá ceann-cheathrú Bord na gCon agus ceann-cheathrú Cumann Soláthar Bainne Uachtarlann na Éireann suite sa chathair chomh maith.

Turasóireacht[athraigh | edit source]

Áras Fáilte Luimnigh, deartha ag Murray Ó Laoire ar Ché Artúir

Cé ná fuil an clú céanna ar leith ar Luimneach mar ionad saoire agus a bhfuil ar Bhaile Átha Cliath, Chorcaigh nó Ghaillimh, tá tionscal mór fáilte fós inti le blianta de bharr a cóngaracht le Aerfort na Sionna. Agus i ndiaidh ath-thógáil lár na cathrach ó dheireadh blianta na 1980í, tá cuma i bhfad níos fearr don turasóir anois aici.

Tá líon mór tar éis teacht ar líon cuairteoirí ar Luimneach i ndiaidh teacht seirbhísí Ryanair go Aerfort na Sionna agus, ó thús na Mílaoise, tá sé óstán nua tógtha sa chathair chomh maith le brúanna agus tithe leaba agus lóistín.

Is i sean-lár na cathrach a bhfuil na suíomh is mó suime don chuairteoir. Ar Oileán an Rí, tá Ardeaglais Mhuire, Áras na Cathrach, Lána an Chaisleáin, Caisleán an Rí Eoin agus Sean-Phalás an Easpaig suite laisitigh ceathrú mhíle ón a chéile. Díreach trasna na Sionainne, tá Carraig an Chonartha i Sparr Thumhan agus, ar imeall an Bhaile Ghaelaigh ar an mbruach theas, tá Airdeaglais Eoin.

Suite i Sean-Thigh an Chustaim ar Shráid Rutland, tá Iarsmalann Hunt agus, i Lána an Chaisleáin ar Oileán an Rí, tá Iarsmalann Cathrach Luimní. Agus laistigh 40km ó lár na cathrach, is féidir cuairt a dhéanamh ar ionaid turasóireachta ar nós Caisleán agus Páirc Oidhreachta Bhun Raite, Loch Gar, Gleannta Abhainn an Chláir, Iarsmalann na mBád Eitilte i bhFaing agus Caisleán, Crannóg agus Ráth Chreagán Eoin.

Ardoideachas[athraigh | edit source]

Foirgneamh Schumann, Ollscoil Luimni, 2003

Is ionad tabhachtach ardoideachais í Luimneach agus tá trí choláistí tríú léibhéal suite sa mhór-chathair ina bhfuil níos mó ná 20,000 mic-léinn ag freastal. I rith na bliana acadúla, is suas le 10% de dhaonra na cathrach iad mic-léinn nárbh as Luimneach iad.

Ollscoil Luimnigh[athraigh | edit source]

Osclaíodh Ollscoil Luimnigh sa bhlian 1972 i dTigh Phlassey, Caladh Uí Threoigh, 5km soir ó lár na cathrach mar an Foras Náisiúnta um Ardoideachais. Cé ná raibh ach 100 mic-léinn ag freastal inti sa chéad bhlian, ghóthaigh sí cáil go tapaidh mar ionad acadúla, go mór mór san innealtóireacht, eolaíocht leictreonacha agus staidéir Eorpacha. Faoina chéad Stiúiritheoir Dr. Éamonn Breathnach, d'fhorbair sí oideachais co-oibreach, structúir modúlacha agus scrúdúcháin reatha atá mar ghnáth anois i ngach coláiste tríú léibhéal in Éireinn ach ná raibh ar fáail in aon áit san am sin.

Bhain an Foras staideas ollscoile ó Rialtas na hÉireann sa bhlian 1989 agus d'fhás sí go tapaidh in a dhiaidh. Thar an am céanna, aontaíodh í le Coláiste Oideachais Thumhan a bhunaíodh i 1972 chonh maith agus a bhí ar an gcampus céanna léi.

Tá ós cionn 12,000 mic-léinn ag freastal uirthi i láthair na h-uaire agus tá 3,000 díobh in a gcónaí ar an gcampus féin atá tar éis leathnú anois thar na Sionnainne go dti Contae an Chláir. Bronntar céimeanna baistiléir, mháistir agus dochtúra ar chéimithe innealtóireachta, ealaíona, eolaíochta, leighis, teicneolaíocht eolais, dlí, ailtireachta, staidéir gnó, eolaíocht sóisiala, ceoil agus oideachais.

Ardeaglais Eoin, an stua is airde in Éirinn.

Is é Halla Ceoil na h-Ollscoile ceann des na ceolárais is mó in Éirinn agus tá Orchestra Seomra na hÉireann agus Ionad Ceol Domhain na hÉireann bunaithe ann. Tá Ionad Náisiúnta Traenála Spóirt bunaithe ar champus Ollscoil Luimnigh freisin.

Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh[athraigh | edit source]

Bunaíodh Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh sa bhlian 1980 nuair a aontaíodh cúig scoileanna tríú leibhéal beaga ar champus nua in Máigh Lis tuairim 3km ó lár na cathrach ar bhruach thuaidh na Sionnainne. Bronntar céimeanna baistiléir agus mháistir agus dámhanna ar mhic-léinn innealtóireachta, teanganna, eolaíochta, teicneolaíocht eolais agus staidéir gnó. Tá cáil ar leith ar chúrsaí tógála agus dearadh faisin an choláiste.

Tá beagnach 7,000 mic-léinn ag freasatl faoi láthair na h-uaire i Máigh Lis agus ar a champus ealaíona agus dearadh ar Shráid an Chláir. Is í an Dochtúir Ollanach Maria Hinfelaar Stiúiritheoir an Institiúid faoi láthair.

Coláiste Mhuire Gan Smál[athraigh | edit source]

Coláiste Mhuire Gan Smál, an coláiste tríú leibhéal is sine sa chathair, suite ar Chuar-Bhóthar Theas, tuairim is 2km ó lár na cathrach. Bhunaigh Siúir an Trócaire sa bhlian 1900 é mar choláiste oiliúna i gcomhair ban-mhúinteoiri bunscoile ach, cé gurb é an oideachas an roinn is mó fós ann, is gnáth-choláiste tríú leibhéal ealaíona anois é.

Cumarsáid Áitiúil[athraigh | edit source]

Preas[athraigh | edit source]

"Rinn na hAbhann" ar bhruach na Sionnaine - 2005

Is é an Limerick Leader and nuachtán is mó léite i gCathair agus i gContae Luimní. Foilsítear é sa tráthnóna Dé Luain agus De Chéadaoin, tá eagrán seachtainiúil an Chontae ar fáil Déardaoin agus eagrán seachtainiúil na Cathrach ar an Aoine. Is gar-nuachtán dó an Limeick Chronicle, an dara fhoilsiúcháin is sine in Éirinn i ndiaidh an Belfast News Letter a bhunaíodh sa bhliain 1766, agus tagann sé amach tráthnóna Dé Mháirt. Ba le clann Buckley an grúpa Leader óna bhunú sa bhliain 1889 (mar ardán náisiúnach in aighidh an chlaonadh Bhreathnach a bhí ar an gChronicle san am) ach díoladh leis an Leinter Leader é sa bhliain 2004. Sa bhlian 2006, cheannaigh an Johnson Group, chomhlucht preas réigúndach Albanach, foilsiúcháin an Leinster Leader. Díoltar tuairim is 25,000 cóip d'eagráin seachtainiúla an Leader gach seachtain agus is ceann des na nuachtáin réigiúndaigh is mó in Éirinn.

Tá dhá nuachtáin saoire seachtainiúil sa chathair faoi láthair, an Limerick Post (a bhunaíodh sa bhliain 1986 agus ar i seilbh a eagraitheora bunaithe Billy Ryan fós é) agus an Limerick Independent a bhunaíodh sa bhliain 2006.

Foilsíonn Cumann na Mac Léinn An Focal gach coicís le linn na bliana staidéir in Ollscoil Luimnigh.

Raidió[athraigh | edit source]

Is le Live 95FM ceadúnas áitiúil craolacháin raidió Luimní i láthair na h-uaire agus is cuid de ghrúpa cumarsáide UTV é. Raidió neamh-ofifigiúil a bhí in RLO onár chaill sé a cheadúnas sa bhlian 1997 go dti gur dhún na h-údaráis é i 2006.

Is féidir Tipp FM (Contae Thiobraid Árann), Clare FM (Contae an Chláir) agus pobal-raidió West Limerick FM102 a chloisint sa chathair chomh maith.

Tá príomh-stiúdió Lyric FM, an tríú canál raidió an chraolathóir náisiúnta RTÉ (Raidió Telefís Éireann), suite sa chathair. Is é ceol clasaiceach príomh-bhéam Lyric FM.

Craoltar Wired FM (96.8MHz), an t-aon stáisiún raidió ag freastal ar mhic léinn sa chathair, ó Choláiste Oideachais Muire Gan Smál.

Na hEalaíona[athraigh | edit source]

Rae tithe brice deirge i Sráid Mhulgrave a thógadh ag deireadh an 19ú aois.

Tá an-chuid áiseanna ealaíona suite i Luimneach agus tá oidhreacht láidir ag an gcathair sa cheol agus sa litríocht. Cuidíonn na cúrsaí airdoideachais in Ollscoil Luimnigh agus i gColáiste Ealaíona Luimnigh le staideas an chathair mar ionad tabhachtach i ngach rannóg na n-ealaíona.

Is í Ionad Ealaíona an Bhelltable ar Shráid Uí Chonaill príomh-láthair drámaíochta na cathrach. Tá Gailearaí Ealaíona Cathrach Luimnigh suite i gCearnóg an Phoirigh an Gailearaí Náisiúnta Féin-Phortráid in Ollscoil Luimnigh.

Sé Halla Ceoil na hOllscoile príomh-ionad ceol claisiceach agus mór-seóanna ceol chomhaimseartha na cathrach, cloistear ghrúpaí nua in ionaid mar Dolan’s Warehouse ar Bhóthar na nDuganna agus is i dtithe tábhairne mar Nancy Blake’s ar Shráid na Danmhairge a chloistear seisiúin ceoil traidiisiúnta.

Ritheadh an chéad Fleadh Scannán Luimnigh in Ollscoil Luimnigh i mí na Márta 2007. Rithtear an EV+A (Exhibition of Visual+ Art as Béarla) sa chathair gach blian agus is ceann des na taispeántaisí éalíona chomhaimseartha is tabhachtaí in Éirinn é.

Spórt[athraigh | edit source]

Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh, Áth an Mhuilinn i gcoinne Tobar Phádraig sa chluiche leath-cheannais, 28ú Lúnasa 2004
Príomhalt: Spórt i Luimneach

Tá an-suim sa spórt i Luimneach agus is minic a ghlaonn polaiteoiri agus cumainn áitiúil "Príomh-chathair Spóirt na hÉireann" uirthi. Cuimhníonn dealbh ós chomhair Banc Aontas Éireann i Sráid Uí Chonaill clú spóirtiúil na cathrach.

Is iad an iomáint, an pheil Ghaelach, an sacar agus an rugbaí na spóirt ina bhfuil an suim poibli is mó ach tá tá clubanna rámhaíochta, lúthchleasaíochta, snámha, haca, rothaíochta, camógaíochta, peil na mban, cruicéid, leadóige agus liathróid láimhe le fáil sa chathair chomh maith.

Tá ocht ngalf-chúrsa laistigh de 20km ó lár na cathrach. Tá raon rásaíocht na gcon suite ar Bhóthar Mulgrave agus is i gCnoc Glas, 9km ó dheas ó lár na cathrach an an mbóthar i dTobar Phádraig atá ráschúrsa na gcapall

Ospidéil[athraigh | edit source]

Tá ospidál amháin ginearálta laistigh de theorainn na cathrach, Ospidéal Eoin i gCearnóg an Ardeaglais. B'ospidéal ginearálta é Ospidéal Bharringtons ar Ché Sheoirse ach tharraing an Bord Sláinte siar de sa bhlian 1988 agus athosclaíodh mar mhion-ospidéal príobhádach é ina dhiaidh.

Is ar Bhóthar Mulgrave a bhfuil Ospidéal Meabhar-Ghalar Sheosaimh suite agus tá an Ospidéal Breithe Réigiúnach Mhainchin ar Bhóthar na hInse.

Is é Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair príomh-ospidéal muíntear na cathrach agus tá sé suite i mbruach-bhaile Tuar an Dúill, tuairim is trí mhíle siar ó lár na cathrach.

Aeráid[athraigh | edit source]

Tá aeráid séimh ag Luimneach le meán-uasteocht an lae 20 °C (68 °F) i mí Iúil agus meán-íosteocht na h-oíche 4 °C (39 °F) i mí Eanair. Is iad 31.6 °C (88.88 °F) an teocht is airde riamh sa chathair agus -11.2 °C (11.84 °F) an teocht is ísle ó thosach annálacha an aimsir.

Teocht agus Báisteach
Ean Fea Már Aib Bea Mei Iúl Lún MFr DFr Sam Nol Blian
Meán-uasteocht an lae (°C) 8 9 11 13 16 18 20 20 18 14 11 9 14
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 4 4 5 6 8 11 13 13 11 9 6 5 8
Meán-bháisteach (cm) 7.64 7.15 5.58 5.08 4.18 5.21 5.03 5.68 5.08 7.79 6.53 7.55 72.50
Foinse: MSN Weather

Eisimirc as Luimneach[athraigh | edit source]

Dealbh cuimhneacháin Pádraig Sairséal i bPlás na hAirdeaglaise, Luimneach

I dteannta le gach áit eile in Éirinn, is mór é lion na ndaoine a d’fhág Luimneach i rith na h-aoise chun chur fúthu i dtíortha eile an domhain. Go minic, ní eisimirc toilteanach a bhí ann, go mór mór i ndiaidh ghorta nó chogaidh.

I mbeagnach gach bliain ó dheireadh na 17ú aoise go dti deireadh na 20ú aoise, d’fhág níos mó daoine an chathair ná mar a tháinig isteach. Ach bhí tréimhsí ar leith ann ina raibh an eisimirc thar an ngnáth, go mór mór i nidiaidh Léigear Luimnigh, i lár na 18ú aoise, i ndiaidh an Ghorta Mhóir suas go dti deireadh na 19ú aoise agus le linn cúlú eacnamaíochta blianta na 1950í agus blianta na 1980í.

Is i Sasana, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Astráil agus An Nua-Shéalainn ceann scríbe formhór na ndeoraithe.

Mic agus Iníní Cáiliula Luimnigh[athraigh | edit source]

I measc na ndaoine cáiliúla a rugadh sa chathair nó ar chaith seal mhaith dá shaol inti nó a bhfuil baint mór acu léi, tá an liosta seo a leanas:

Naoimh[athraigh | edit source]

  • Mainchín (c.570 - c.630), éarlamh Luimnigh

Laochra[athraigh | edit source]

Polaiteoiri[athraigh | edit source]

Droichead Sylvester Uí hAllmharáin, Margadh na bPráta

Laochra Spóirt[athraigh | edit source]

Scoláraithe[athraigh | edit source]

Ealaíontóirí[athraigh | edit source]

Fuirseoiri[athraigh | edit source]

Daoine Eile[athraigh | edit source]

Luimneach Thar Lear[athraigh | edit source]

Luimneach sa bhliain 1982 roimh ath-fhorbairt an Bhaile Gallda. Radharc thar Abhann na Mainistreach ar Séipéal Mhuire.

Lean ainm Luimnigh eisimircigh ón gcathair go dti Meiriceá Thuaidh agus an Astráil.

Tá ar a laghad naoi mbaile i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an ainm Limerick, ceann amháin araon sna stáit Georgia, Illinois, Mississippi, Nua-Eabhrac, Ohio, Pennsylvania agus Carolina Theas agus dhá cheann sa stát Maine. Tá ceantar dárbh ainm dó Limerick i gcathair Louisville, Kentucky.

Tá ar a laghad dhá bhaile i gCeanada, Limerick ON (Ontario) agus Limerick SK (Saskatchewan). Tá baile amháin san Astráil, Limerick NSW (New South Wales), agus cnoc dárbh ainm dó Limerick Hill i Sléibhte Hammersley in Iarthar na hAstráile.

Nasc-Bhailte[athraigh | edit source]

Tá Luimneach nascaithe le Kemper/Quimper i mBriotáin na Fraince, Spokane i Stát Washington i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Starograd Gdanñski i Réigiún Pomaráine Thoir na Pólainne.

Ceantair[athraigh | edit source]

Naisc[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]