Corcaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corcaigh
Corcaigh

Halla na Cathrach, Sean Mhargadh na Sacsan, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, An Laoi, Spuaic an tSean Dúna

Suíomh

51°53′ Thuaidh 8°28′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of Ireland.svg Éire
Cúige: Mumha
Ard-Mhéara: Mick O'Connell
Déimeagrafaic
Achar: 37.3 km²
Daonra: 119,230
Dlús daonra: 3,194.18/km2/km²
Uimhirphlátaí: C
http://www.corcaigh.ie/

Is í Corcaigh (nó Cathair Chorcaí) (Béarla: Cork) an dara cathair is mó i bPoblacht na hÉireann agus an triú ceann is mó ar oileán na hÉireann. Is í príomhchathair Chontae Chorcaí agus Chúige Mumhan í, leis. Tá an chathair suite cois Chuan Chorcaí agus Abhainn na Laoi in iardheisceart na hÉireann, ag 51°54’ ó thuaidh agus 8°28’ thiar. Is í an Laoi príomhabhainn an cheantair, agus í ag rith trí Chathair Chorcaí. Tá lár na cathrach bunaithe ar oileán idir dhá chraobh na Laoi, sula sníonn sí isteach in inbhear Loch Machain agus ar aghaidh ansin go Cuan Chorcaí, - ceann de na cuanta nádúrtha is mó ar domhan. Is calafort tábhachtach í Corcaigh, agus go leor céanna agus dúganna suite in oirthear na cathrach. Tá 163,000 duine ina gcónaí i gCorcaigh (190,000 go léir sa chathair agus sna bruachbailte). Tá 380,000 duine ina gcónaí taobh amuigh den chathair i gContae Chorcaí (de réir dhaonáireamh na bliana 2002).

Tagann an t-ainm "Corcaigh" féin ón nGaeilge, nó is seantéarma Gaeilge é corcach a chiallaíonn portach, is é sin i nGaeilge an lae inniu thabharfá 'Portach' uirthi. Focal baininscneach é corcach, agus mar a dhéantar lena lán focal den chineál seo, nuair a bhaintear úsáid as an logainm, caithfear é a chur sa tuiseal tabharthach. Is tagairt é seo don chineál talaimh atá le fáil ar bhruacha na Laoi. Tá clú ar chathair Chorcaí i dtaobh tuilte móra a dhéanann praiseach cheart de lár na cathrach, nuair a bhíonn taoide tuile agus báisteach throm ann. Tá cáil mhór an tírghrá ar Chontae agus Chathair Chorcaí ó thréimhse na Lochlannach anuas. Dá bharr seo, is minic a dtugtar reibiliúnaigh (Rebels) ar mhuintir Chorcaí mar leasainm. Tá sé de nós ag muintir chathair Chorcaí "an fhíor-phríomhchathair" a thabhairt ar chathair a ndúchais freisin. Gné eile den mheon seo is ea iad na T-léinte agus an sluán "Daonphoblacht Chorcaí" litrithe orthu. Tá a leithéid de shuíomh gréasáin ann freisin agus People's Republic of Cork mar theideal orthu

Stair[athraigh | edit source]

Ritheann an Laoi trí lár an bhaile atá lonnaithe ar oileán san abhainn

Ba é Naomh Barra a bhunaigh an chathair agus a thóg mainistir ar bhruacha na Laoi. Sa bhliain 1185, bhronn Eoin, Rí Shasana, cairt na cathrach ar an áit. Is iomaí uair a atógadh an chathair, agus an dóigh a mbíodh Gaill de chineálacha éagsúla á hionsaí agus á cur trí thine uair i ndiaidh a chéile. Tráth dá raibh, bhí fallaí cosanta ag timpeallú na cathrach, agus inniu féin, tá iarsmaí desna fallaí seo le feiscint san áit, chomh maith le geataí ón dtréimhse chéanna. Sa bhliain 1318 a ceapadh an chéad Mhéara ar Chorcaigh, agus is ón mbliain 1900 anuas a tugtar "Ard-Mhéara" ar an nduine is airde i riarachán na cathrach.

Sa bhliain 1921, dhóigh na Dúchrónaigh lár na cathrach go talamh le díoltas a agairt as na luíocháin a cuireadh rompu lasmuigh den chathair níos luaithe ar an lá céanna. B'é seo an polasaí a bhí ag lucht rialtas na Breataine Móire san am. Chuir na hÓglaigh agus na saighdiúirí Sasanacha an-throid ar a chéile i gContae Chorcaí i rith Chogadh na Saoirse. Le linn an Chogaidh Chathartha, bhí na fórsaí frith-Chonartha i seilbh na háite ar feadh tamaill, go dtí gur ionsaigh arm an tSaorstáit an contae ón bhfarraige.

Áiteanna Spéisiúla[athraigh | edit source]

Ardeaglais Naomh Barra
Ardeaglais Naomh Muire – Cloig an tSean-Dúin

Tá dhá ardeaglais sa chathair: Ardeaglais Naomh Muire, agus Ardeaglais Naomh Barra.

Tá Teach Ceoldráma Chorcaí ar an mbeagán tithe ceoldrámadóireachta in Éirinn. Go luath sa chéad seo, tugadh ollchóiriú don áit, nó cuireadh gloine in ionad na mbrící ar thaobh tosaigh an fhoirgnimh le cosúlacht níos nua-aimseartha a chur air.

I gcoitinne, níl foirgintí na cathrach puinn níos measa ná Baile Átha CliathBéal Feirste. Is í Sráid Phádraig príomhshráid Chorcaí. Sa bhliain 2004, tháinig deireadh ar oibreacha nuachóirithe na sráide, agus cosáin nua leathana curtha léi anois. Tá cruth na nathrach ar an tsráid a théann os cionn ceann desna haibhneacha a ritheann tríd an gcathair. Aibhinne tábhachtach eile i lár na cathrach is ea í Sráid an Chapaill Bhuí, sráid atá maisithe le línte crann, agus an-chuid oifigí agus institiúidí airgeadais suite ina cois, chomh maith le páirc dheas. Tá an sean-lárionad airgeadais suite ar an Meall Theas, agus cúpla foirgneamh baincéireachta ansin ón naoú céad déag ar fiú cuairt a thabhairt orthu ar chúiseanna ailtireachta, go háirithe Banc-Aontas Éireann, iar-fhoirgneamh stocmhalartáin. Tá cosúlacht an tSeoirseachais ar go leor de na foirgintí is feiceálaí sa chathair, ach is eisceacht shuntasach é Halla an Chontae, arb é an foirgneamh is airde in Éirinn. Díreach ar aghaidh an halla anonn, ar an taobh eile den abhainn, tá an foirgneamh is faide in Éirinn, Ospidéal na Meabhairghalar, agus é tógtha sa ré Victeoiriach.

Ceann de na foirgintí is cáiliúla i gCorcaigh is ea í Eaglais Mhuire sa an Seandún, a bhuí le túr na heaglaise a tharraingíonn súil na ndaoine air féin agus é le feiceáil ina shuí i dtuaisceart na cathrach. Tá dhá thaobh de déanta as gaineamhchloch dhearg, agus an dá taobh eile as an aolchloch a fhaightear go fairsing sa cheantar. Tá clog ag gach aghaidh den túr agus, tráth dá raibh, bhíodh am difriúil orthu. Mar sin, tugadh "Bréagadóir an Cheithre Aghaidh" mar leasainm ar an túr. Is féidir leis na cuairteoirí “'Four-faced Liar'” air. Is feidir le cuairteoirí na cloig a bhualadh agus dreapadh suas go barr an túir le sult a bhaint as an radharc iontach ar an gcathair.

Is foirgneamh iontach eile é Halla na Cathrach, agus é tógtha as aolchloch chomh maith. An halla atá ann inniu, níor tógadh é ach i ndiaidh Chogadh na Saoirse, nó dhóigh na Sasanaigh an halla cathrach a bhí ann roimhe sin le linn an chogaidh. D'íoc rialtas na Breataine Móire as na hoibreacha tógála sna tríochaidí mar chomhartha réitigh.

Is fiú cuairt a thabhairt ar Pháirc Mhic Ghearailt atá suite taobh thiar den chathair, chomh maith le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i gcóngar dó, agus iad araon suite ar bhruach na Laoi.

Is feidir le duine dul isteach go Margadh na Sasanach ó Shráid an Chapaill Bhuí, Shráid Phádraig, Shráid Oilbhéir Phluincéid nó Shráid an Phrionsa. Is halla margaidh é agus iasc, torthaí, feoil, spíosraí agus bia galánta le díol ansin. Cuireadh an chéad bhun leis an margadh sa bhliain 1610, ach níor tógadh an foirgneamh atá ann inniu roimh an mbliain 1786. Sna hochtóidí, d'fhág dóiteán mór an foirgneamh an-scriosta, ach cuireadh caoi air arís ina dhiaidh sin.

Cultúr[athraigh | edit source]

Teach cúirte Chorcaí – foirgneamh suntasach aolchloiche eile agus é nuachóirithe ag tús an 21ú chéad

Cé nach bhfuil daonra Chorcaí rómhór, bíonn saol bríomhar cultúrtha acu. Tá páirt mhór ag an gceol, an amharclannaíocht, an rince, agus an scannánaíocht i saol na cathrach. Tugann Ceolscoil Chorcaí agus Coláiste Ealaíne agus Dearthóireachta Crawford oiliúint d'ealaíontóirí nua na cathrach, agus aisteoirí úra ag teacht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá Amharclann Corcadorca suite i gCorcaigh chomh maith, an áit ar thosaigh Cillian Murphy, an t-aisteoir a rinne páirt an chladhaire ar an scannán Batman Begins sa bhliain 2005), a caithréim. Tugann Féile Scannán Chorcaí tacaíocht don scannánaíocht, an ghearrscannánaíocht thar aon chineál eile. Tá Institiúid na Córagrafaíochta agus an Damhsa lonnaithe i gCorcaigh chomh maith, gan trácht a dhéanamh ar Ionad Ealaíon Triskel. Ceiliúrtar Féile Snagcheoil Chorcaí sa chathair i Mí Dheireadh Fómhair, gach bliain.

Tá borradh ag teacht ar chúrsaí ealaíne sa chathair le déanaí, ó rinneadh fairsingiú ar an teach ceoldrámaíochta agus ar dhánlann bhardasach Crawford. Bunaíodh dánlann nua, agus í ainmnithe as Lewis Gluckman, i bhFómhar na bliana 2004. Tá an dánlann seo suite ar thailte Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh, agus bhí an foirgneamh féin ar an ngearrliosta do Dhuais Stirling, duais thábhachtach foirgníochta sa Ríocht Aontaithe. Sa bhliain 2005, tosaíodh ag tógáil ceolscoile nua, chomh maith.

Sa bhliain 2005, bhí Corcaigh ina Príomhchathair Chultúrtha ar an Eoraip. Ar na himeachtaí ba tábhachtaí bhí an Cork Caucus, a thug fóram d'ealaíontóirí de gach saghas cúrsaí cultúir, polaitíochta agus ealaíne i gCorcaigh a phlé in éineacht ar fud an tsamhraidh. Gan amhras ní raibh focal Gaeilge le cloisteáil ná le feiceáil, in ainneoin iarrachtaí an dornán díograiseoirí a bhí ag snámh in aghaidh eas Niagara.

Na Meáin Chumarsáide[athraigh | edit source]

Tá sraith mhaith de staisiúin raidió le cloisteáil i gCorcaigh ar an mbanda minicíochta FM, mar atá: RTÉ Radio 1, 2FM, Lyric FM, agus Raidió na Gaeltachta. Is le RTÉ na cinn seo ar fad. Thairis sin, tá Today FM ann, chomh maith le go leor staisiúin áitiúla, ar nós Cork 96FM, CUH FM, agus Red FM. Mar thoradh air sin tá clár raidió Gael-Taca ar siúl gach Déardaoin ag a ceathair a chlog 98.3 FM (Campus Radio). Tá an Irish Examiner lonnaithe i gCathair Chorcaí freisin, ar Shráid an Acadaimh i lár na cathrach. Ceann de na nuachtáin is mó le rá in Éirinn atá ann. Is leis an teach foilsitheoireachta céanna an Evening Echo chomh maith. Nuachtán tráthnóna atá ann agus an-ráchairt air. Tá nuachtáin áitiúla nó réigiúnda eile á bhfoilsiú sa chathair fosta.

Tá dhá stáisiún teilifíse ag obair i gCorcaigh. Tá RTÉ Corcaigh ag craoladh ó Shráid an Athara Maitiú i lár na cathrach. Tá a leithéid ann agus South Coast TV ann, leis, agus é ag freastal ar mhuintir dheisceart na hÉireann.

Siopaí[athraigh | edit source]

Tá éagsúlacht mhór siopaí i gCorcaigh idir ionaid siopadóireachta nua-aimseartha agus ceardsiopaí beaga atá á reachtáil ag muintir an tsiopadóra agus ag díol earraí lámhdhéanta dá ndéantús féin. Tá an faisean is déanaí ó Milano agus ó Pháras le fáil i bhformhór na siopaí ilranna sa chathair, agus ollionaid siopadóireachta suite sna bruachbhailte, ar nós An Linn Dhubh, Dúghlas, Wilton, agus Machain. Is í Sráid Phádraig an phríomhsráid siopadóireachta sa chathair. Tá sí ar an dara sráid is airde cíos in Éirinn, agus í ag teacht sna sálaí ag Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath.

Tionscal[athraigh | edit source]

Is é Corcaigh mórshuíomh na tionsclaíochta i ndeisceart na hÉireann agus is iad táirgí cógaisíochta an tionscal is tábhachtaí – is iad Pfizer ó Mheiriceá (an comhlacht cógaisíochta ar thabhaigh an íocshláinte cháiliúil úd Viagra a cháil dó) agus Novartis ón Eilvéis na fostóirí is mó sa cheantar. Tá ceanncheathrú Eorpach an chomhlachta úd Apple lonnaithe sa chathair chomh maith. Déantúsóir ríomhairí deisce é Apple, ar ndóigh, agus tá a lárionad glaonna ag obair anseo chomh maith. Tá dhá ghrúdlann mhóra, Murphy's agus Beamish and Crawford, i gCorcaigh chomh maith. Le fada an lá, bhí an gnólacht úd Ford Motor Company lonnaithe cois an Laoi freisin, ach thréig sé Corcaigh sna hochtóidí. Roghnaíodh Corcaigh mar áit do cheanncheathrú an chomhlachta ar dtús ar an gcúis gur sa chontae seo a saolaíodh seanathair Henry Ford. Inniu, tá cuid mhór den tseantionsclaíocht imithe, ach bíonn na daoine ag fáil fostaíocht i gcomhlachtaí teicneolaíochta eolais. Tríd is tríd, ní ag dul ar gcúl atá Corcaigh i gcúrsaí eacnamaíochta, nó tá cuan breá nádúrtha ann a chuireann ar chumas na long is mó féin teacht i ngar don chathair. Mar sin, is féidir amhábhar a thabhairt isteach agus táirgí a chur amach gan mórán stró. San am céanna, cuireann Aerfort Chorcaí an áit i dteagmháil mhaith leis an Eoraip. Ina theannta sin, tá coláistí tríú leibhéil sa chathair a sholáthraíonn lucht oibre oilte do na heastáit tionsclaíochta máguaird.

Nascbailte[athraigh | edit source]

Halla na cathrach san oíche cois Laoi

Cheangail Comhairle Cathrach Chorcaí an chéad nasc le Coventry thiar sa bhliain 1969. Idir an dá linn, chuir Corcaigh tús le caidreamh den chineál chéanna lena lán cathracha eile i gcúrsaí cultúir, oideachais, turasóireachta, eolaíochta agus eacnamaíochta:

Cóir Iompair[athraigh | edit source]

Aeriompar[athraigh | edit source]

Ceann de na haerfoirt is mó in Éirinn is ea é Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí, agus dearctar air mar gheata do dheisceart na hÉireann. Tá an t-aerfort suite taobh theas den chathair i mBaile Garbháin. Bhain dhá mhilliún dhá chéad caoga is ceithre mhíle paisinéir úsáid as an aerfort i rith na bliana 2004. Faoi láthair, tá críochfort nua á thógáil ag Aerfort Chorcaí a bheidh in ann déileáil le cúig mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana. Tá ról faoi leith ag an aerfort i bhforbairt na cathrach, an chontae agus an cheantair máguaird. Le déanaí (sa bhliain 2005) thosaigh eitleáin ag eitilt díreach ó Chorcaigh go Nua-Eabhrac.

Busiompar[athraigh | edit source]

Is é Bus Éireann, an comhlacht náisiúnta busiompair, atá ag oibriú córas busiompair na cathrach. Ritheann na bealaí bus idir lár na cathrach agus na bruachbhailte is tábhachtaí, chomh maith leis na háiteanna a gcuireann na cuairteoirí suim iontu. Maidir leis na bruachbhailte is faide amuigh, cosúil le Baile an Chollaigh agus Carraig Uí Leighin, caithfidh an paisinéir bus a fháil ó bhusáras Chorcaí i bPlás Parnell le cuairt a thabhairt orthu. Sin é an áit a mbíonn na busanna fadraoin ag imeacht go dtí cathracha móra eile na tíre, ar nós Bhaile Átha Cliath. Bíonn busanna ag imeacht ceann in aghaidh uair an chloig go Cill Áirne/Trá Lí, Aerfort na Sionainne/Luimneach/Gaillimh, agus Port Láirge. Gach lá, tugann sé cinn de bhusanna aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Tá seirbhís na mbusanna tointeála ann leis na paisinéirí aerthurais a thabhairt go dtí Aerfort Chorcaí.

Báid Fharantóireachta[athraigh | edit source]

Droichead Naomh Pádraig i lár na cathrach

Port Farantóireachta Chorcaí suite i Rinn an Scidigh, 16 chiliméadar taobh theas den chathair cois Cuan Chorcaí. Seolann báid de chuid an chomhlachta Brittany Ferries go dtí Rosko sa Bhriotáin. Bhí bád farantóireachta de chuid an chomhlachta Swansea Cork Ferries ag cúrsáil idir Abertawe sa Bhreatain Bheag agus Corcaigh, ach níl an líne seo ag oibriú faoi láthair. Bíonn busanna ag dul ón gcuan farantóireachta go dtí lár na cathrach, agus tá seirbhís tacsaithe uisce le dul in úsáid freisin le haghaidh comaitéirí agus turasóirí araon.

Iarnród[athraigh | edit source]

Is é Stáisiún Ceannt an t-aon stáisiún traenach amháin sa chathair, agus is í an líne idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath an ceangal iarnróid is mó tráchta in Éirinn ar fad. Tá córas fobhailteach iarnróid ann freisin - Iarnród Fobhailteach Chorcaí - agus é ag freastal ar na bruachbhailte taobh thuaidh agus taobh theas de lár na cathrach, cosúil leis an Oileán Beag, Maigh Eala, Oileán Fhóta agus leis an gCóbh.

Oidhreacht Iarnróid[athraigh | edit source]

Tá stair fhada iarnródaíochta ag Cathair Chorcaí. Sna laethanta a bhí, bhí ocht stáisiún éagsúla traenach i gCorcaigh. Is í an líne ó Bhaile Átha Cliath an líne iarnróid is sine, agus is beag athrú a tháinig ar an mbealach san idirlinn. Ar dtús, bhí an críochfort suite ar imeall na cathrach sa Linn Dhubh, ach anois, tá an Linn Dhubh ceangailte le Tollán Ghleann Mhaighir de Stáisiún Ceannt i lár na cathrach. Ritheann bealach iarnróid eile ó Stáisiún Ceannt go dtí an Cóbh san Oileán Mór taobh thoir den chathair i gCuan Chorcaí. Go deireadh na seachtóidí, bhí líne iarnróid ag rith ó Chorcaigh go hEochaill chois farraige in Oirthear Chontae Chorcaí. Le déanaí, táthar ag plé athoscailt na líne seo a fhad le Mainistir na Corann.

Níos luaithe san fhichiú haois, bhí a lán bealaí eile iarnróid ag rith trí Chorcaí nó ag críochnú anseo. Ina measc siúd, bhí an t-iarnród caol Corcaigh-an Charraig Dhubh-an Pasáiste, an líne go dtí Maigh Chromtha, Iarnród Éadrom Chorcaí agus Mhuscraí go dtí an Bhlarna, Áth an Chóiste agus Domhnach Mór. Bhí a leithéid ann freisin agus Iarnród Chorcaí, na Bandan agus an Chósta Theas. Bhí an t-iarnród seo ag freastal ar a lán bailte in Iarthar Chontae Chorcaí, cosúil le Beanntraí, an Sciobairín agus Cloich na Coillte. Stopadh traenacha Iarthar Chorcaí ar Ché Albert, trasna na Laoi ó Stáisiún Ceannt.

Bhí córas tramanna ag oibriú i gCorcaigh ón mbliain 1898 go dtí an bhliain 1931, nuair a d'éirigh na busanna chomh coitianta is nach raibh brabús fágtha sna tramanna. Tá aithne na dtramanna seo ar na logainmneacha áitiúla i gcónaí, áfach.

Siúl[athraigh | edit source]

Tosnaíonn bealach siúil na h-Eorpa E8 i gCorcaigh; tá deireadh leis in Iostanbúl, 4700 ciliméadar i bhfad.

Oideachas[athraigh | edit source]

Is ionad tábhachtach é Corcaigh don oideachas in Éirinn. Is é Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ceann amháin dos na seacht ollscoileanna Éireannach, lonnaithe sa chathair le cúrsaí san Ealaín, Innealtóireacht, Dlí, Míochaine, agus Eolaíocht. Bronnadh an duais "Irish University of the Year" ar an choláiste ag an nuachtán The Sunday Times i 2003–2004 agus 2005-2006. Cuireann Institiúd Teicneolaíochta Chorcaí cúrsaí difriúil, tríú-leibhéal ar fáil sa Matamaitic, Ríomhairí, Teicneolaíocht an Eolais, Gnó agus Innealtóireacht (Meicniúla, Leictreonach agus Leictreach); tá cúrsaí mara le fáil san institiúid chomh maith. Tá Ceol Scoil Chorcaí agus Coláiste Ealaíne agus Dearthóireachta Crawford ina gcomhaltaí den institiúid mar comhcholáistí. Is é Coláiste Tráchtála Chorcaí an Coláiste iar–Ardteist is mó in Éirinn agus a chuireann an chuid is mó dos na cúrsaí gairmoiliúint ar fáil sa tír.

Ceantair[athraigh | edit source]

Daoine cailiúla ó Chathair Chorcaí[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]