Mainistir na Corann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mainistir na Corann
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Cork Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
6,957 (2002) 
Airde: 5m
Contae: Contae Chorcaí
Cúige: An Mhumhain

Is baile é Mainistir na Corann (Béarla: Midleton) atá lonnaithe tuairim is 22 chiliméadar soir ó Chathair Chorcaí (Corcaigh) i ndeisceart na hÉireann. Tá sé suite ar an bóthar N25 idir Corcaigh agus Ros Láir, agus ar Abhainn na Cora.

An Baile[athraigh | edit source]

Tá 12,001 daoine (2012) ina gcónaí i Mainistir na Corann, ag obair go h-áitiúil sa tráchtáil mhiondíola, déantóireacht éadrom, déantúis bia, tuarasóireacht agus driogadh. Téann an-chuid cónaitheoirí eile ón baile go Corcaigh agus Carraig Tuathaill i mbun oibre. Ag an Geata Bán in aice láimhe, faightear an chéad stáisiún cumhachta gáis sa stát chomh maith leis an t-aon scaglann ola in Éirinn. Tá a lán siopaí i Mainistir na Corann cosúil le Tesco, Subway, Lidl, Aldi,Supervalu agus McDonalds.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá an baile suite i ngleann torthúil taobh theas de bhunchnoic agus taobh thuaidh de Chuan Chorcaí. Uair dá raibh, bhí an uiscebhealach ón chuan go Baile na Cora in aice láimhe inseolta ag báirsí faoi 300 tonna.

Stair[athraigh | edit source]

Timpeall 1180, tháinig na Normánnaigh, á stiúradh ag Barra MacGearailt, a bhunaigh mainistir ar chora ar an abhainn do mhanaigh Cisteirseach ón Fhrainc. Fuair an mainistir an ainm “Chore Abbey” as Béarla agus “Castrum Chor” as Laidin, ón gaeilge 'cora' – le seans chomh maith go dtagann 'Chor' ón Béarla do 'chór' nó 'chórúil'. Déantar comóradh ar an mainistir san ainm don bhaile agus san abhainn áitiúil – Abhainn na Cora. Tógadh eaglais Naomh Eoin Baiste (Eaglais na hÉireann) i 1825 ar láithreán an mhainistir.

Bhi ceangal idir an baile agus Sir Walter Raleigh idir 1585 agus 1602 nuair a chaith sé tréimhsí scaite i Eochaill ar eastát tithíochta a dheonadh air de bharr an pháirt a ghlac sé i gcoinne an dara ceannairc Deasúnach idir 1579 agus 1583. I rith an ceannairc, fuair Raleigh an t-ordú Caisleáin Uí Bharra a ghabhadh – tá an caisleáin suite ins an Cathair Mór atá in aice láimhe Mainistir na Corann. Bhí ar Seanascal Uí Mac Coille teitheadh ón chaisleáin agus dul ar tearmann ins an mhainistir, ach lean Raleigh leis agus do bhí air éalú arís. Tá an teist amuigh ar Raleigh chomh maith gur é an duine a thóg na céad plandaí prátaí do Éireann ar a h-eastát i Eochaill.

Inniú, tugtar an t-ainm ‘Midleton’ ar an baile a thagann as ‘an baile i lár baill’ de bharr a shuíomh idir Corcaigh agus Eochaill. Corpraíodh Mainistir na Corann mar bhaile mhargaidh agus stóras phoist i 1670, agus fuair sé cairt ó Cathal II, Rí na Sasana, mar “bhuirge agus bhaile Mhainistir na Corann”. Níos déanaí, bhí stáisiún don ‘Great Southern and Western Railway’ lonnaithe ann.

Bhí Alan Brodrick, Ceann Comhairle Dáil Éireann agus Tiarna Seansailéara na hÉireann, ainmnithe mar an chéad Barún agus Bíocúnta Mhainistir na Corann i 1715 and 1717 faoi seach – fuair Sráid Broderick sa bhaile a h-ainm.

Oideachas[athraigh | edit source]

Bunaíodh an scoil príobháideach – Coláiste Mhainistir na Corann – ag Elizabeth Villiers, bean luí Liam Oráiste i 1696. Tá ceangal tradisiúnta aige le Eaglais na hÉireann, agus b’iad Isaac Butt, bunaitheoir Chonradh na Rialtas Dúchais, agus John Philpot Curran, dlíodóir agus athair Sarah Curran, daltaí ann uair dá raibh. Fuair Rachael Kohler, hacadóir idirnáisiúnta Éireannach, oideachas ann chomh maith.Tá cúig bhunscoil agus ceithre mheánscoil sa bhaile. Tá bunscoil amháin ina Gaelscoil.

Driogadh[athraigh | edit source]

Bunaíodh Drioglanna Chorcaí sa bhaile i 1825, a dhein cónascadh le Drioglanna Éireann i 1967, agus atá cuid den ghrúpa biotáille Francach Pernod Ricard inniú. Tarlaíonn driogadh fuisce, vodca agus jin i bhfearas nua a d’oscail I 1975; baintear úsáid as an sean-drioglann anois mar ionad túrasóireachta. Faigheann Paddy Whiskey a h-ainm ó Patrick J. Flaherty, fear díolacháin do Drioglanna Chorcaí sna ficheadaí.

Cogadh na Saoirse[athraigh | edit source]

Seasann leacht cuimneacháin ar an príomhsráid sa bhaile do 14 ón sean-IRA; fuair siad bás i mí Eanáir 1921 ag Cluain Molt in aice láimhe i rith Cogadh na Saoirse. Maraíodh iad ag troid in aghaidh an t-arm Briotanach (cuid acu ag na Dúchrónaigh agus iad tar éis géilleadh dóibh) agus cuireadh beirt marthanóirí chun báis cúpla lá ina dhiadh sin i gCorcaigh.