Dúchrónaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fórsa paraimíleata ab ea é Fórsa Chúltaca Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, nó na Dúchrónaigh mar a thugtar orthu níos minicí (Béarla: Black and Tans) a cuireadh go hÉirínn le cuidiú le Constáblacht Ríoga na hÉireann troid a chur ar Óglaigh na hÉireann i mblianta Chogadh na Saoirse, ó 1920 go 1921. Thuill siad míchlú ó mhuintir na hÉireann, agus an léirscrios míreasúnta a rinne siad ar an tír.

Bunú na nDúchrónach[athraigh | edit source]

I ndeireadh na naoú haoise déag agus i dtús na fichiú haoise, b'í ceist an Rialtas Dúchais a bhí ina príomhábhar calláin agus conspóide i bpolaitíocht na hÉireann. Chuaigh an t-acht um Rialtas Dúchais ar leabhar na ndlíthe sa bhliain 1912, ach cuireadh ar fionraí é, nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach. Bhí poblachtánaigh radacacha ann, áfach, agus iad inbharúla nár leor an Rialtas Dúchais. B'é an neamhspleáchas iomlán a theastaigh uathu. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, chuaigh an náisiúnachas Éireannach chun géire, agus an dóigh a ndeachaigh básuithe na gceannairí náisiúnaíocha agus bagairt an choinscríofa i bhfeidhm ar an tír. In olltoghchán na bliana 1918, bhain páirtí na náisiúnaithe radacacha, Sinn Féin, amach ochtó faoin gcéad de na suíocháin Éireannacha ar an bPairlimint. Ghair Sinn Féin poblacht neamhspleách d'Éirinn. Ansin, d'fhéach na Sasanaigh leis an bPoblacht a chur faoi chois, agus d'éirigh ina chogadh eadarnaíoch idir Gaeil agus Gaill. Sa bhliain 1919, chrom Óglaigh na hÉireann ar threallchogaíocht - Cogadh na Saoirse - a bhí dírithe go mór mór ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. I Mí Eanáir 1920, thosaigh Rialtas na Breataine ag fruiliú "fir a bheadh in ann ag obair gharbh dhainséarach". B'í an obair sin ná cuidiú leis na constáblaí ríoga Éire a phóilíniú i bhfianaise an dóigh a raibh an tír ag iompú in aghaidh na Sasanach. Ní raibh siad in anás fear, leoga, nó nuair a tháinig Mí na Samhna, 1921, bhí naoi míle go leith d'earcaigh acu. Ní raibh sainéidí na Constáblachta ar fáil do chách, agus mar sin, b'éigean do na hearcaigh leor a ghabháil le meascán de shainéidí caicí Arm Shasana agus den chineál cultacha a chaitheadh na póilíní Sasanacha. B'é an chosúlacht seo a thuill leasainm na nDúchrónach dóibh, agus ghreamaigh an t-ainm díobh fiú i ndiaidh dóibh na sainéidí cearta a fháil. Fuair na hearcaigh nua druileáil trí mhí faoi dheifir, agus ansin, cuireadh ar garastún i mbeairicí na Constáblachta Ríoga iad, go háirithe i mBaile Átha Cliath, i gCúige Mumhan, agus in Iar-Chonnachta. Tháinig an chéad fhear acu go hÉirinn ar an gcúigiú lá fichead de Mhí na Máirta sa bhliain 1920. D'earcaigh an Rialtas díorma eile den chineál chéanna, an Rannán Cúnta (Auxiliary Division) - na hAuxies mar a thugadh na hÉireannaigh orthu. Is é an téarma Gaeilge a úsáidtear inniu ná na Póilíní Cúnta. Iar-oifigigh Airm ab ea iad na Póilíní Cúnta. Bhí an dá dhream ag troid na nÓglach in éineacht.

Ag Troid in Éirinn[athraigh | edit source]

Bhí pá réasúnta maith de réir chaighdeán an ama - deich scillinge an lá - á híoc leis na Dúchrónaigh. Thairis sin, fuair siad bia agus lóistín mar pheorcaisí. Ó nach raibh ach bunchleachtadh acu ar obair an phóilín, b'é an príomhról a ceapadh dóibh ná treisiú le neart míleata na bpéas, agus iad ag déanamh fairtheoireachta, ag gardáil, ag tionlacan gníomhairí de chuid an Rialtais, ag tacú leis na constáblaí, ag cur smacht ar na sluaite, agus ag cur catha ar na hÓglaigh. B'é an meas a bhí ag na Poblachtánaigh orthu, áfach, gur arm forghabhála a bhí iontu. Nuair a bhí an cath in aghaidh na nÓglach agus na bPoblachtánach eile ag dul chun géire, thabhaigh na Dúchrónaigh míchlú ó mhuintir na tíre, chomh brúidiúil is a bhí siad - agus sin le caoinchead Rialtas na Breataine. Inniu, creidtear nach ar na Dúchrónaigh amháin a bhí an locht agus go raibh na Póilíní Cúnta i bhfad ní ba chruálaí. Thairis sin, rinne gnáth-"shaighdiúirí dubha" de chuid na Constáblachta Ríoga ainghníomhartha freisin, cé gur nós leis na hÉireannaigh gach mioscais a chur i leith na nDúchrónach. Mar shampla, constáblaí áitiúla a mharaigh Tomás Mac Curtain, Ard-Mhéara Chorcaí, i Mí na Márta, 1920. Maidir leis an triúr sibhialtach déag ar shiúil an ródach orthu ar Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh, b'iad na Póilíní Cúnta ba chiontach leis an gcoir áirithe sin. Thairis sin, rinne na saighdiúirí dearga gníomhartha uafáis fosta. Mar shampla, b'iadsan a dhóigh Mala agus Mainistir Fhear Maí. I ndiaidh an iomláin, ba chuma le cuid mhór de na Poblachtánaigh faoi na miondifríochtaí idir na díormaí éagsúla, agus ba ghnách leo "Dúchrónach" a thabhairt ar fhear ar bith a raibh arm tine leis agus é ag cur catha ar na hÓglaigh. Leasainm eile ar na Dúchrónaigh agus ar na Póilíní Cúnta in éineacht ab ea é Tudor's Toughs, nó b'é an Maor-Ghinearál Sior Henry Hugh Tudor a bhí ina cheannasaí ar na péas ar fad. B'é Alexander Will ó Fharfair in Albain an chéad Dúchrónach a fuair bás sa chogadh. Maraíodh é nuair a d'ionsaigh na hÓglaigh beairic de chuid na Constáblachta Ríoga i Ráth Mór, Contae Chiarraí, ar an 11ú lá de Mhí Iúil sa bhliain 1920. Má fuair fear de na Dúchrónaigh bás i bpáirc an áir, d'fhéach a chuid compánach chuige go n-íocfadh na sibhialtaigh Éireannacha a dheachú sin a íoc. I rith an tsamhraidh sa bhliain 1920, is iomaí sráidbhaile nó cathair bheag a dhóigh is a chreach na Dúchrónaigh: Tuaim i gContae na Gaillimhe, Baile Átha Troim, Baile Brigín, Durlas Éile, an Teampall Mór, agus go leor eile. I Mí na Samhna sa bhliain 1920, rinne na Dúchrónaigh "léigear" ar Thrá Lí le héiric a éileamh sa dóigh ar fhuadaigh is ar mharaigh na hÓglaigh beirt fhear de chuid na Constáblachta Ríoga. Dhún na Dúchrónaigh síos na siopaí is na gnóthais eile sa chathair, agus níor lig siad isteach goblach amháin bia ar feadh seachtaine. Thairis sin, mharaigh siad triúr daoine áitiúla. Ar an 14ú lá de Mhí na Samhna, d'fhuadaigh agus mharaigh na Dúchrónaigh sagart Caitliceach, an tAthair Mícheál Griffin, i gCathair na Gaillimhe. Fuarthas a chorpán sáite síos i bportach i mBearna in aice le Gaillimh seachtain ina dhiaidh sin. B'é an t-ainghníomh ab fheiceálaí dá ndearna na Dúchrónaigh, áfach, ná gur chreach siad Cathair Chorcaí ar an aonú lá déag de Mhí na Nollag 1920. Dódh lár na cathrach ar fad, agus scriosadh breis is trí chéad foirgneamh. Mharaigh siad cúigear sibhialtach agus beirt a bhí in amhras acu faoi bheith ina nÓglaigh.

I Mí Eanáir sa bhliain 1921, d'eisigh Coimisiún an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór tuarascáil ar chúrsaí na hÉireann, agus iad ag lochtú pholasaí slándála an Rialtais go tromchúiseach, go háirithe ó chreid siad go raibh na Dúchrónaigh imithe ó smacht ar an Rialtas. Déanta na fírinne, áfach, bhí an Rialtas i ndiaidh cead a thabhairt dóibh, ar an 29ú lá de Mhí na Nollag 1920, "díoltas oifigiúil" a imirt ar na hÓglaigh agus ar lucht a dtacaíochta trína gcuid maoin shaolta agus tithe a chur trí thine. Chuidigh an t-ordú oifigiúil seo, chomh maith leis an tuilleadh béime a cuireadh ar an disciplín inmheánach sa Chonstáblacht, le cogaíocht réasúnta a chur in áit na loitiméireachta míréasúnta ar feadh a raibh fágtha den chogadh.

Mar sin féin, rinne feachtas na nDúchrónach ní ba mhó dochair ná maitheasa do leas na Sasanach, nó is é an breithiúnas a thug go leor daoine air nach raibh ann ach sceimhlitheoireacht státurraithe. Is é sin, ní rabhthas ag iarraidh síocháin agus rialtas dlíthiúil a chur ar bun in Éirinn arís, ach ag cur cogadh polaitiúil ar an scarúnachas Éireannach, cuma cé acu a bhí náisiúnachas síochánta dlíthiúil nó poblachtánas armtha i gceist. Cuid mhór de na hÉireannaigh a bhí ag cáineadh poblachtánachas na láimhe láidire roimhe sin, ghlac siad col leis an rialtas Gallda anois. Bhí nósanna brúidiúla na nDúchrónach i mbéal an phobail ar fud an domhain, rud a rinne an-díobháil do chlú idirnáisiúnta na Breataine Móire, agus bhí polaiteoirí Sasanacha agus an Rí féin ag lochtú fórsaí na Corónach faoin dóigh a raibh siad ag rith damhsa in Éirinn.

Chaith timpeall seacht míle fear seal sna Dúchrónaigh i rith na mblianta 1920-22. Níos mó ná fear as gach triúr a fuair bás nó a d'éirigh as na fórsaí sular scoireadh iad ar fad, in éineacht le Constáblacht Ríoga na hÉireann. Chuaigh níos mó ná fear as gach beirt ar pinsean Rialtais. Fuair trí chéad triúr fear is trí scór de na Constáblaí Ríoga bás sa choimhlint, agus goineadh breis is sé chéad acu, ach is deacair a rá cé mhéad acu a bhí ina ngnáthchonstáblaí nó cad é an céatadán acu a bhí ina nDúchrónaigh nó ina bPóilíní Cúnta.

Chuaigh cuid de na hiar-Dhúchrónaigh sna péas i Sainordú na Palaistíne, agus duine acu i gceannas ar phóilíní na Palaistíne ar fad. Iad siúd a d'fhill ar an ngnáthshaol, fuair siad deacair socrú síos arís. Dúirt an staraí Sasanach Richard Bennet ina leabhar The Black and Tans, a foilsíodh sa bhliain 1959, gur crochadh beirt iar-Dhúchrónach, ar a laghad, sa Bhreatain Mhór as ucht dúnmharú, agus chuir fear eile lámh ina bhás féin agus na póilíní ar a lorg i ndiaidh dó an choir chéanna a dhéanamh. Is féidir an léamh a bhaint as an scéal ná go raibh cuid den cheart ag na Gaeil a dúirt nach raibh sna Dúchrónaigh ach dríodar na bpríosúnach ó Shasana, ach tá sé chomh maith a rá gurbh iomaí duine acu a chaill sláinte a intinne is a anama go doleigheasta i dtrinsí an Chéad Chogadh Domhanda nó i bpáirceanna áir na hÉireann.

Oidhreacht[athraigh | edit source]

De dheasca an léirscrios a rinne na Dúchrónaigh in Éirinn agus an oiread daoine a mharaigh siad, is cúis feirge agus faltanais do mhuintir na hÉireann iad i gcónaí. Focal maslach ar Shasanach é TanBlack-and-Tan i leathchaint na hÉireann inniu féin, agus cantar amhráin ar nós Come Out Ye Black and Tans le Doiminic Ó Beacháin go fóill. Is minic a thugann Poblachtánaigh Éireannacha "Cogadh na nDúchrónach" ar Chogadh na Saoirse. Téarma is ea é a bhí coitianta i mbéal na ndaoine sin a throid ar an taobh Poblachtánach sa Chogadh Cathartha, agus iad den bharúil nach raibh iomlán an neamhspleáchais bainte amach ag Éirinn fós. Le linn na gcíréibí i mBaile Átha Cliath i bhFeabhra sa bhliain 2006, chualathas na círéibeadóirí ag tabhairt Black and Tan bastards ar na Gardaí a bhí le mórshiúl na nDílseoirí a chosaint ar ionsaithe Poblachtánacha, rud a thaispeánann go bhfuil ainm agus clú na nDúchrónach greamaithe go domhain de mheabhraíocht na ndaoine.

Conspóid an Uachtair Reoite[athraigh | edit source]

I Mí Aibreáin sa bhliain 2006, tharraing an mhonarcha uachtair reoite Ben & Jerry's callán, nuair a lainseáil siad blas nua uachtair reoite sna Stáit Aontaithe ar ar bhaist siad Black & Tan. Níorbh iad na Dúchrónaigh a bhí i gceist ag lucht an ghnólachta, ach an deoch a dtugtar an t-ainm céanna uirthi, agus í measctha as leann dubh (pórtar) agus leann geal (lágar). Mar sin féin, fuair siad riachtanach ráiteas a eisiúint ina ndúirt siad nach raibh siad "ag tagairt don díorma de chuid Arm na Breataine Móire" agus a leithscéal a dhéanamh.