Náisiúnachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is féidir dhá bhrí a bhaint as "náisiúnachas": (1) An dearcadh atá ag baill de náisiún nuair atá a bhféiniúlacht náisiúnta tábhachtach dóibh, agus (2) na rudaí a dhéanann baill náisiúin nuair atá féinchinntiúchán á iarraidh nó á chosaint acu.

Eugène Delacroix - La liberté guidant le peuple

Ní mór an focal "náisiún" a shainmhíniú chomh maith agus ní furast é sin a dhéanamh. Mínítear é i dtéarmaí bundúchais, eitníocht, nó naisc chultúrtha; uaireanta meastar nach dá dtoil féin a bhaineann daoine le náisiún, ach uaireanta eile is rogha é.

Maidir le féinchinntiúchán, nó féin chur in iúl, níltear cinnte an gciallaíonn sé sin go gcaithfidh stát neamhspleách iomlán a bheith ag náisiún le húdarás iomlán ar ghnóthaí baile agus idirnáisiúnta, nó stádas de chineál éigin eile.

Náisiún agus Stát[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní ghlactar leis mar sin gurb ionann náisiún agus stát. Is pobal eitneach nó cultúrtha é náisiún go minic, ach is aonán polaitiúil é stát a bhfuil cuid mhaith ceannasachta aige. Is náisiúin iad cuid de na stáit, ach is iomaí náisiún atá gan stát ceannasach. Aithnítear Iroquois Mheiriceá Thuaidh, nó Bascaigh na hEorpa, mar shampla, mar náisiúin, ach níl stáit dá chuid féin acu.

Is minic a meastar gur iarsma ón seansaol é an náisiúnachas, agus tá sé faiseanta caitheamh anuas air mar theagasc contúirteach a chothaíonn aighneas agus cogaíocht. Luaitear cogaíocht shíoraí oirdheisceart na hEorpa mar shampla den dhochar an náisiúnachais go dtí an lá inniu féin, agus fás na Gearmáine mar ollchumhacht ó aimsir Otto von Bismarck go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhandaimpiriúlachas na Seapáine sa tréimhse céanna.

Is minic a mhothaíonn dream daoine go bhfuil éagóir á dhéanamh orthu mar nach dtugtar aitheantas dá gcultúr nó dá gcearta traidisiúnta, agus déanann siad iarracht iad féin a dhealú amach ón stát atá á rialú, le féinriail nó neamhspleáchas iomlán, ionas nach mbeidh deireadh ar fad leo mar phobal ar leith. Spreagtar dreamanna áirithe chun aon duine atá de chine nó de náisiún eile sa limistéir a dhíbirt nó a chur faoi chois. Nuair a dhéanann stát leatrom ar dhaoine spreagtar daoine chun imeaglú a dhéanamh orthu siúd a thacaíonn leis an stát sin.

Náisiúnachas, Creideamh, Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn féiniúlacht an duine fite fuaite le teanga, cultúr agus creideamh chomh maith le mórán nithe eile, agus is minic nach ndearna idirdhealú eatarthu. Ceanglaítear go minic náisiúnachas na hÉireann, mar shampla, leis an gcreideamh Caitliceach cé gur iomaí duine d'aicmí Críostaí eile, agus daoine nach raibh creideamh ar bith acu, a sheinn port an náisiúnachais in Éirinn. Luaitear poblachtánachas le náisiúnachas na hÉireann freisin, ach i dtíortha eile is monarcaigh iad na náisiúnaithe. Ní bhaineann an coincheap le haon teoiric pholaitiúil mar sin. Bhain faisistigh agus cumannaigh, poblachtánaigh agus monarcaigh, agus gach dream idir eatarthu, úsáid as an náisiúnachas chun daoine a spreagadh chun troda nó chun oibre. I dtréimhsí éagsúla bhí náisiúnachas na Fraince luaite le dílseacht do , poblacht, agus impireacht i dtréimhse níos lú ná leathchéad bliain.

Cruthaíodh na náisiúin atá inniu ann d'aonghnó go minic, le dream lárnach amháin a raibh teanga agus creideamh agus córas polaitiúil dá gcuid féin acu ag cur dreamanna eile faoi chois. Rinneadh géarleanúint chreidimh ar dhaoine ar fud na hEorpa agus in áiteanna eile, ionas go mbeadh an creideamh céanna á chleachtadh ag gach duine a chónaigh sa stát, agus cuireadh teangacha faoi chois ar mhaithe leis an aontas. Is iomaí teanga a chuaigh i léig go hiomlán, agus níl ach iarsmaí fánacha díobh i gceantair bheaga bhochta anois i dtíortha ar nós na An Bhreatain Mhór agus na Fraince.

Déanann stáit lárnacha gach iarracht chun a náisiúnachas féin a bhrú chun cinn, agus gluaiseachtaí a éilíonn cearta náisiúnta do dhreamanna eile laistigh den stát a chur faoi chois. Tugtar "náisiúnachas" ar na tréithe i dtíortha eile, nó i réigiúin, atá ag iomaíocht le forlámhas an stáit áirithe sin. Chuir An Bhreatain agus An Fhrainc a mbratacha náisiúnta ar foluain i gcoilíneachtaí ar fud an domhain, agus bhrúigh siad a dteangacha féin ar na céadta milliún thar lear, ach is annamh a admhaítear gur náisiúnachas a bhí ansin. Is amhlaidh a mheas lucht an impiriúlachais gur leas an chine daonna a bhí á dhéanamh acu, agus cháin siad an "náisiúnachas" a d'éiligh cearta agus neamhspleáchas do dhaoine eile.

Maireann an meon impiriúlach i ngluaiseachtaí polaitiúla chomh maith, agus bhí Karl Marx, príomhsmaointeoir an Chumannachais an-chriticiúil faoi na gluaiseachtaí náisiúnacha a bhí san Eoraip lena linn féin. Teagasc uilíoch atá sa chumannachas, agus dá réir sin creidtear go mbeidh lucht oibre an domhain aontaithe le chéile i bparthas sóisialach nuair a bheidh deireadh le gach córas polaitiúil eile. Mar sin féin, ní raibh sóisialaigh ná cumannaigh ábalta lucht oibre na hEorpa a stopadh ó dhul chun cogaidh le chéile "ar son an náisiúin" sa Chéad Chogadh Domhanda, agus b'éigean do rialtas cumannach an Aontacht Shóivéidigh sean-náisiúnachas na Rúise a mhúscailt sa Dara Cogadh Domhanda chun fórsaí na Gearmáine a chloí.