Otto von Bismarck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaExcellency (en) Aistrigh
Otto von Bismarck

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Otto Eduard Leopold von Bismarck
1 Aibreán 1815
Schönhausen (an Phrúis)
Bás30 Iúil 1898
83 bliana d'aois
Friedrichsruh (An Reich Gearmánach)
Siocair bháisBás nádúrtha (Respiratory arrest (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaBismarck Mausoleum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Commerce minister (en) Aistrigh an Phrúis
15 Meán Fómhair 1880 – 1890
Aire-Uachtarán na Prúise
9 Samhain 1873 – 20 Márta 1890
← Albrecht von Roon (en) AistrighLeo von Caprivi (en) Aistrigh →
Seansailéir Impiriúil
21 Márta 1871 – 20 Márta 1890 – Leo von Caprivi (en) Aistrigh →
Bundeskanzler (Norddeutscher Bund) (en) Aistrigh
1 Iúil 1867 – 21 Márta 1871
Aire eachtrach an Phrúis
8 Deireadh Fómhair 1862 –
Aire-Uachtarán na Prúise
22 Meán Fómhair 1862 – 1 Eanáir 1873 (éirí as)
← Prince Adolf zu Hohenlohe-Ingelfingen (en) AistrighAlbrecht von Roon (en) Aistrigh →
Envoy (en) Aistrigh
22 Bealtaine 1862 – 22 Meán Fómhair 1862
Envoy (en) Aistrigh
29 Eanáir 1859 – 22 Bealtaine 1862
Ambassador to the German Confederation (en) Aistrigh
15 Iúil 1851 –
Legationsrat (en) Aistrigh
8 Bealtaine 1851 –
Member of the Prussian Second Chamber (en) Aistrigh
1849 –
Ball Parlaiminte First United Diet of Prussia (en) Aistrigh
11 Bealtaine 1847 –
Dijkgraaf (en) Aistrigh Jerichow
1846 –
Stagiaire (fr) Aistrigh Potsdam Government Region (en) Aistrigh
1837 – 1838
Stagiaire (fr) Aistrigh Aachen Government Region (en) Aistrigh
1836 – 1837
Auscultator (en) Aistrigh
1835 – 1836
Ball de Reichstag Impireacht na Gearmáine
Comhalta de Theach na dTiarnaí Prúiseach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síKönigliche Staats- und landwirtschaftliche Akademie Eldena (en) Aistrigh - talmhaíocht (1838–1839)
Ollscoil Friedrich-Wilhelm - legal science (en) Aistrigh (1834–1835)
Ollscoil Göttingen - legal science (en) Aistrigh (1832–1833)
Evangelisches Gymnasium zum Grauen Kloster (1827–)
Plamannsche Erziehungsanstalt (en) Aistrigh (1821–1827)
Friedrich-Wilhelms-Gymnasium (–1832) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín
Friedrichsruh
Warcino (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmvolunteer serving one year (en) Aistrigh (1838–1839), oifigeach míleata, scríbhneoir, saineolaí dlí, taidhleoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataleifteanant (1841–)
marascal machaire (1890–)
Generaloberst (en) Aistrigh (1890–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Cogadh Franc-Phrúiseach
Ghlac sé/sí páirt i
25 Márta 1852Duel Vincke c/a Bismarck (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Eile
Teideal uasalDiúc (1890–)
Fürst (1871–)
Graf (1865–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Bismarck Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJohanna von Puttkamer (1847–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarie von Bismarck, Wilhelm von Bismarck, Herbert von Bismarck Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFerdinand von Bismarck  agus Wilhelmine Luise Mencken
SiblínMalwine von Bismarck agus Bernhard von Bismarck
Síniú


Veu de Otto von Bismarck (an Ghearmáinis) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0901976 iTunes: 677631175 Find a Grave: 20797 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba státaire Gearmánach é Otto von Bismarck (1 Aibreán, 181530 Iúil, 1898) (Otto Eduard Leopold von Bismarck-Schönhausen, Fürst von Bismarck-Schönhausen, Herzog zu Lauenburg as Gearmáinis), a bhí ina Phríomh-Aire ar an bPrúis (1862-1890) agus Seansailéir na Gearmáine (1871-1890) le linn aontú na Gearmáine.[1]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Junker, nó mionuaisle Prúiseacha ab ea muintir Bismarck. Rugadh Otto i Schönhausen in aice le Stendal ar an 1 Aibreán 1815, agus tháinig sé i gcrann i Kniephof sa Phomaráin (lámh le Nowogard i bPolainn an lae inniu), nuair a tháinig a athair Ferdinand i seilbh eastát eile i ndiaidh bhás a sheanuncail. Bhí sé seacht mbliana d'aois, nuair a chinn a mháthair Wilhelmine (née Mencken) filleadh ar Bheirlín, agus thug sí Otto, an mac ba sine aici darbh ainm Bernhard, agus a hiníon Malwine léi.

D'fhreastail Otto ar an meánscoil úd Gymnasium zum Grauen Kloster. Ansin, tháinig sé i dteagmháil le baill de rítheaghlach na Prúise, mar atá, muintir Hohenzollern.

Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an dlí ar Ollscoil Georg August i nGöttingen. Bhí clú an liobrálachais ar an ollscoil. Le linn a staidéir ansin, bhí Otto óg ina bhall de Corps Hannovera, cumann mac léinn a chleachtadh pionsóireacht, agus ba mhinic a chonacthas an claíomh i lámh Otto.

Níos deireanaí, d'aistrigh sé go hOllscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín, áit ar bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1835.

Ina dhiaidh sin, chuaigh sé i mbun oibre ina oifigeach cánach sa státseirbhís in Aachen. Ní raibh obair an státseirbhísigh ag éirí go rómhaith leis, áfach, nó bhí sé róthugtha do na cailíní agus don chearrbhachas.

Sa bhliain 1838, chuaigh sé sna saighdiúirí go ceann bliana. Chaith sé an chuid ba mhó den tréimhse i nGreifswald, áit a raibh deis aige eacnamaíocht talmhaíochta a fhoghlaim.

Sa bhliain 1839, fuair a mháthair bás. Ansin, shocraigh sé síos san eastát talmhaíochta le dul le feirmeoireacht. Thug seisean agus a dheartháir Bernhard aire don trí eastát a bhí ag a n-athair, mar atá, Kniephof, Jarchlin, agus Külz. Nuair a toghadh Bernhard ina bhall den Landrat (comhairle an chúige) sa bhliain 1841, fágadh Kniephof agus Külz faoi Otto, agus ba é Bernhard a fuair Jarchlin. Ba é an t-athair a bhí i mbun na dtailte i Schönhausen. Sa bhliain 1845, arís, cailleadh an t-athair, agus thit sé ar chrann Otto aire a thabhairt do sheilbh an teaghlaigh i Schönhausen féin.

22 bliain d'aois

Nuair a bhí Otto óg, bhí cáil an bhuachalla bháire air. Tháinig athrú air sin, áfach, nuair a chuir sé suim sa Chráifeachas, gluaiseacht dianchreidimh an Liútarachais. Is dócha gurbh i Johanna von Puttkamer (1824-1894) ba mhó a chuir sé spéis, cailín a bhí ina ball den ghluaiseacht seo, nó phós sé í sa bhliain 1847. D'éirigh leis an bpósadh go gleoite, agus rugadh triúr clainne dóibh, mar atá, Marie (1848-1926), Herbert (1849-1904) agus Wilhelm ("Bill", 1852-1901).

Tús sa Pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1845, toghadh ar Chomhairle Chúige (Provinziallandtag) na Sacsaine é, a thagadh le chéile i Merseburg. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuireadh comhairlí na gcúigí Prúiseacha le chéile in aon pharlaimint amháin, an Chomhairle Aontaithe, agus ansin, bhí ridirí an chúige sásta é a vótáil isteach ansin mar ionadaí teachta.

Ba é an Rí Friedrich Wilhelm IV a bhunaigh an pharlaimint nua seo, nó bhí sé díreach ag iarraidh iarnróid a thógáil le tailte scaipthe na Prúise a cheangal dá chéile, agus leis na hiarnróid a mhaoiniú, chaithfeadh sé fiacha a tharraingt ar an stát. De réir an dlí, áfach, ní raibh cead aige an stát a chur i bhfiacha gan faomhadh a fháil ó na hEastáit. Mar sin, chuir sé gairm chruinnithe ar na hEastáit, agus sin mar a tháinig parlaimint aontaithe na Prúise ar an bhfód.

Bismarck sa bhliain 1847

Ina bhall den Pharlaimint seo, bhí Bismarck ag tacú leis na Coimeádaigh, agus eisean ar an urlabhraí ab éifeachtaí a bhí ag an bhfaicsean seo sa chomhthionól. Ba iad na Liobrálaigh a bhí ina dtromlach mór ansin.

Sa bhliain 1848, phléasc Réabhlóid an Mhárta amach sa Ghearmáin. Bhain na cathanna baracáide an-stangadh as Bismarck, agus thacaigh sé go láidir leis an status quo agus leis an monarcacht. Bhí sé chomh buartha faoin réabhlóid is gur áitigh sé ar na hoifigigh i mBeirlín agus i Magdeburg cogadh a chur ar na réabhlóidithe, ach ní raibh gar ann. Nuair a tháinig ionadaithe na stát Gearmánach le chéile sa Chomhthionól Náisiúnta i bhFrankfurt, agus iad ag éileamh aontú na Gearmáine in aon stát náisiúnta amháin, bhí Bismarck go mór mór in aghaidh an smaointe seo. Bhí sé ar dhuine acu siúd a chuir tús leis an Neue Preussische Zeitung, nuachtán na gcoimeádach Críostaí, ar a dtugtaí "Nuachtán na Croise" (Kreuzzeitung) go coitianta.

Cé nach raibh oiliúint an taidhleora ar Bismarck, cheap an Rí Friedrich Wilhelm é mar ambasadóir ar Chomhairle Cónaidhme na Gearmáine i bhFrankfurt é. Ansin, bhí sé go tréan in aghaidh na hOstaire, nó theastaigh uaidh na stáit bheaga Ghearmánacha a aontú in aon chónaidhm faoin bPrúis, beag beann ar an Ostair. I ndiaidh na tréimhse a chaith sé i bhFrankfurt, bhí sé ina ambasadóir i gCathair Pheadair agus i bPáras.

iarracht chun Bismarck a fheallmharú, 1866

I gCumhacht sa Phrúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Wilhelm i gcomharbacht ar a dheartháir sa bhliain 1861. Bhí an rí nua, Wilhelm I, i gcomhrac le móramh Liobrálach an Landtag agus, i ndiaidh molta óna sheanchara Pietach Albrecht von Roon, an tAire Cosanta, d'iarr sé ar Bismarck freastal mar Phríomhaire air. Ní raibh Bismarck sásta an post a ghlacadh ach amháin go mbeadh lán-chumhacht ghnóthaí an rialtais aige agus níor thosaigh sé go dtí go raibh a théarmaí bainte amach aige ar an 23 Meán Fómhair 1862.

Otto von Bismarck 1863

D’fhreastail Bismarck sa phost sin agus mar Aire Gnóthaí Eachtracha na Prúise beagnach gan stad ón lá sin go dtí 20 Márta 1890. Cé go raibh sé in oifig mar ionadaí pearsanta an rí agus cé go raibh cumhacht an reáchtála agus an chánachais ag an Landtag, rialaigh sé an ríocht beagnach ina aonar ar feadh ocht mbliana is fichead.

Aontú na Gearmáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níorbh náisiúnaí ó dhúchas riamh é Bismarck agus chuir sé go láidir i gcoinne Chomhdháil Náisiúnta na Gearmáine le linn Réabhlóid 1848. Mar sin féin, d’aithin sé go raibh brú na staire ag atheagrú na hEorpa mar stáit náisiúnacha i lár an 19ú haois. Mar shampla, bhí an Iodáil aontaithe sa bhliain 1860 faoi chinnireacht Ríocht Phíodmant.

Spreag sé cogadh i gcoinne na Danmhairge sa bhliain 1864 chun sprid an náisiúnachais a tharraingt le chéile i measc na 39 saor-stáit na Gearmáine agus roinn An Phrúis agus An Ostair Diúcacht Schleswig-Holstein eatarthu ina dhiaidh.

Spreag sé cogadh eile i gcoinne na hOstaire faoi easaontas i Schleswig-Holstein sa bhliain 1866:

  • Buaileadh an Impireacht Habsburgach agus a chomhghuaillithe An tSacsóin, Hannover agus An Bhaváir, i ndiaidh gan ach sé seachtain troda.
  • Ghabh An Phrúis seilbh ar Holstein, Hesse-Nassau, Hannover agus Frankfurt.
  • Aithníodh An Phrúis mar an stát ba chumhachtaí sa Ghearmáin í.
  • Chaill An Ostair gach tionchar a raibh aici i ngnóthaí inmheánacha na Gearmáine.

Agus nuair a spreag Bismarck cogadh i gcoinne na Fraince sa bhliain 1870, throid gach stát eile sa Ghearmáin ar thaobh na Prúise. Tar éis bua tubaisteach a ghearradh ar Arm an Impire Napoleon III i gcath Sedan, d’fhógair prionsaí na Gearmáine Wilhelm I mar Impire na Gearmáine i bpálás Versailles ar an 18 Eanáir 1871.

I gCumhacht sa Ghearmáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Cónaidhm na Gearmáine Thuaidh i bhfeidhm i ndiaidh an chogaidh i gcoinne na h-Ostaire. Scríobh Bismarck bunreacht nua dó. Ba é sin bunús rialtais an impireacht nua. Mar sheansailéir (príomh-aire), ní raibh sé freagrach do Pharlaimint an Reichstag, ach don impire féin. Agus ós rud é gurbh sa Phrúis a raibh cónaí ar mhóramh daonra an stáit, bhí seilbh ar an dá phost ba chumhachtaí sa Ghearmáin aige.

Cúrsaí eacnamaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Bismarck sásta stiúradh cúrsaí cosanta agus eacnamaíochta a ligean dá airí. Ar dtús, thaobhaigh sé leis na Liobrálaigh chun saorthrádáil a chosaint agus d’aontaíodh na córais airgid, thomhais, cánacha agus dlí a raibh i bhfeidhm sna stáit éagsúla roimhe sin.

von Loescher und Petsch, Berlin, 7 Márta 1877

Le linn na mblianta i ndiaidh lagair eacnamaíochta 1873, tháinig deireadh le réim na saorthrádála san Eoraip. Thosaigh Bismarck ag taobhú leis na Coimeádaigh chun talmhaíocht agus tionscal crua na Gearmáine a chosaint trí tháillí a leagan ar earraí iompórtáilte.

D’fhás cumhacht eacnamaíoch na Gearmáine go mór le linn a thréimhse in oifig

Cúrsaí Inmheánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn réim na Liobrálach, chuaigh sé i gcomhrac leis an Eaglais Chaitliceach (an Kulturkampf) chun córas oideachais tuata a bhunú.

Otto von Bismarck.

Tháinig deireadh leis an gKulturkampf tar éis bás an Phápa Pius IX ar 7 Feabhra 1878. Ach, ós rud é go raibh ar thaobh na gCoimeádach ag an am sin, thosaigh sé ar achrann i gcoinne na Sóisialaigh. Agus chun tionchar an SPD, an Páirtí Sóisialta Daonlathach, a mhaolú, bhunaigh sé an chéad córas leasa sóisialacha ar domhain le pinsin agus árachas oibre, atá i bhfeidhm fós sa Ghearmáin.

Cúrsaí Eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Choimeád Bismarck greim docht ar ghnóthaí eachtracha le linn a shaoil pholaitiúil uile. Ní raibh aon suim aige riamh sa choilíneachas. Nuair a thosaigh achrainn idir cumhachtaí Iarthar na hEorpa faoin Aifric agus idir An Rúis, An Tuirc agus An Ostair faoi Na Balcáin, ghlacadh leis mar idirghabhálaí macánta. Tháinig barr a réimis le linn Comhdháil Beirlín sa bhliain 1878 a chuir deireadh leis an gcogadh idir An Rúis agus An Tuirc.

Sa bhliain 1873, chuaigh sé i gcomhghuaillíocht leis An Ostair agus An Rúis (Dreikaisersbund, Conradh na dTrí Impire)[2] chun an status quo a chosaint in Oirthear na hEorpa. Ach, nuair a d’fhás an naimhdeas idir an mbeirt eile le linn conspóidí na mBalcán, b’éigean dó taobhú le Impireacht na Habsburg.

Briseadh as post[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éag Wilhelm I ar 9 Márta 1888 agus níor mhair a mhac Friedrich III ach trí mhí ina dhiaidh. Ba é garmhac Wilhelm I, Wilhelm II, a tháinig i gcomharbacht ar an 15 Meitheamh agus é gan ach 28 bliain d’aois ag an am.

Bhí tuairimí éagsúla ag an impire nua faoin nGearmáin agus ní raibh sé sásta ligean le Bismarck rialú gan éinne eile ag cur isteach air. D’éirigh easaontas idir an mbeirt, go mór mór i gcúrsaí eachtracha, agus ní raibh aon foighne ag Wilhelm le polasaithe cúramacha an tseansailéara.

Tharla an t-achrann deireanach eatarthu faoi mholtaí reachtaíochta Bismarck. Bhí an tSeansailéir milleánach faoi pholasaithe forásacha an Kaiser nua, Wilhelm II, a bhí ag iarraidh cearta an lucht oibre a fheabhsú. Scríobh Bismarck litir éirí as oifig ar 18 Márta 1890, ag imeacht dhá lá níos déanaí.

D'fhág Bismarck Beirlín agus chuir sé faoi ina eastáit i Varzin (anois Warcino na Polainne). I ndiaidh bás a bhean sa bhliain 1894, d’aistrigh sé a áit chónaithe go dtí eastáit eile leis i bhFriedrichsruh, lámh le Hamburg, áit inar fuair sé féin bás ar an 30 Iúil 1898.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG. "Von Bismarck". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-07-30. Dáta rochtana: 2022.
  2. "League of the Three Emperors" (as en) (2022-05-04). Wikipedia.