Críostaíocht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua. Creideann Críostaithe gur é Íosa an Slánaitheoir agus mar thoradh tugann siad an t-ainm An Críost air. Tá tuairim is 2.1 billiún Críostaí timpeall an domhain, rud a fhágann gur í an chreideamh is mó sa chruinne í. Tá sí ar an bpríomh-reiligiún sa Mheiriceá Thuaidh, sa Mheiriceá Theas, san Eoraip, sna hOileáin Filipíneacha, san Aigéine agus i bpáirt mhóra na hAifrice. Tá sí ag fás go tapaidh san Áise, go háirithe sa tSín, sa Chóire Theas, agus san Afraic Thuaidh.
Thosaigh an Chríostaíocht sa chéad aois mar seict Ghiúdach, agus roinneann sí a lán téacsanna reiligiúnacha leis an Ghiúdachas, go háirithe an Sean Tiomna. Cosúil leis an Ghiúdachas agus an tIoslam, aicmítear an Chríostaíocht mar reiligiún Abrahámach ós rud é go bhfuil na trí bunaithe ar traidisiúnta faoi Abrahám.
Bhí an t-ainm "Críostaí" (Gréigis Χριστιανός) curtha ar na deisceabail don chéad uair in Antiógh, de réir Aicteanna 11:26. Deirtear gurb é Iogna ón Antiógh a bhain úsáid as an téarma Críostaíocht (Gréigis Χριστιανισμός) i dtús.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

